Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Na Draoithe
Title
Éire - Na Draoithe
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. (ar leanamhaint). AN DEICHMHEADH CEANN Na Draoithe. Nuair do tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn, bhí cumann creidimh ann darbh' ainm dóibh na Draoithe, agus is iomdha scoláire ó shoin gur bh'áil leis eolas d'fhág- áil ar an saghas creidimh do bhí aca súd. Págántacht do b'eadh an creideamh úd díreach mar bha Phágántacht do bhí i mballaibh eile ar faid an domhain acht amháin i n-áiteannaibh ina raibh an creideamh nua Críostaidhe ag dul chum cinn. Bhí mórán saghasanna Págántacht ar faid an tsaogh-
al fá mar atá indiu, agus do réir nósa gach aicme chuir gach tír a gcuma agus a bhfoirm féin ar an gcreideamh soin. Chuir na sean-Éireannaigh a gcuma féin ar a gcreideamh mar an gcéadna, agus ní heol dom aon chreideamh eile an uair sin ar Roinn na hEorpa ba chosmhail leis. I mBreatain agus i nGallia nó an Fhrainc do ba shagart an draoi, mar d'ofráladh sé íodhbairt chum déithe, acht níor mhar sin do'n draoi i nÉirinn. Níor ba shagart é sin i n-aon chor. Ní raibh ann acht fear foghlumtha, agus do b'é a shlighe bheatha 'ná múineadh. Céim léighinn do b'eadh oifig an draoi i nÉirinn, agus bhí cuid de na breitheamhnaibh agus fó-cheann de ríghthibh Éireann 'na ndraoithibh i dteannta a slíghe mbeatha féin sa tsaoghal. Níor mhar a chéile éadach an draoi agus éadach daoine eile. Do b'é nós na tíre seacht ndath do bheith ar éadach an ríogh, agus as soin síos go dtí an sclábhaidhe do chaitheadh bheith sásta le haon dath amháin, buidhe nó odhar, ar a bhalacaisíbh; acht do b'é dath éadaigh an draoi 'ná geal, agus ba ghnáthach leis clóca de línéadach cineálta bheith air. Ní raibh draoithe na hÉireann leis chomh doicheallach fá n-a gcuid léighinn, agus fá rúnaibh a gcreidimh is bhí na draoithe thar lear, mar ba ghnás dár ndraoithibh-ne a gcuid creidimh agus a n-eolas do chraobhscaoileadh tré leabhraibh, agus deir ughdar do thrácht thar dhraoithibh na Breataine agus Ghallia go dtugaidís sin a n-eolas dá chéile ó bhéal go béal i gcás an eolais sin do bheith foluighthe ó sna daoinibh. Ní raibh aon fhonn de'n tsaghas soin ar dhraoithibh Éireann, agus molaim iad dá dheascaibh sin. Bhí urraim ag na draoithibh dá leabhraibh, acht mar sin féin ní raibh na leabhair i bhfolach aca, agus bhí cead ag gach scoláire iad do léigheadh. Is soth linn nach bhfuil aon leabhar aca súd slán indiu, agus, toisc ná fuil, ní fuil againn acht buille fá thuairim i dtaobh an tsaghais creidimh agus na saghas paidreacha bhíodh ag an ndraoi. Chonnaic Naomh Pádraig na leabhair sin, agus tá an teist amuich air gur stoll sé iad i gcás ná beidís ag mealladh na gCríostaidhe; acht is deallrathaighe gur tháinig an clúmh liath ar na leabhraibh úd, agus gur lobhadar le faillighe mar nách raibh aon ghnó ag na Críostaidhthibh dhíobh. Do ba annsa leo an Bhíobla 'ná leabhar riaghlacha an draoi, agus ba ádhmharach an rud do Phádraig an argóint do bhí aige le Lúchet Mael, príomh-dhraoi na hÉireann, i láthair Ríogh Laoghaire, mar do thaisbeánadh do chách go raibh cumhacht Phádraig níos mó 'ná cumhacht an draoi. D'iarr an rí ortha a leabhair do chaitheadh isteach i n-uisce, agus an té go snámhfadh an leabhar gurab aige-sean do bhí an creid- eamh ceart. Bhí Pádraig toiltheannach, acht d'eitigh Lúchet Mael. Bhí eagla air go mbeannóchadh Pádraig an t-uisce, agus go rachadh a leabhar féin ar tóin puill. Chualaidh an draoi úd trácht thar an mbaiste in ar mbeannuighthear an t-uisce, agus, gidh nár ghéill sé do'n chreideamh Críostaidhe, mar sin féin ní raibh puinn muinighne aige as a chreideamh féin; agus muna gcreididh an múinteoir 'na chreideamh féin, is deacair dó a chur fhiachaibh ar aon eile géilleadh do'n chreideamh soin. Chreid Pádraig, agus bhí sé dáiríribh. Sean-chreideamh do b'eadh an Phágantacht, do bhí ag dul ar gcúl; agus bhí intinn na ndraoithe géar agus amhras- ach go raibh rud éigin i n-easba air. Chuaidh an Phágán- tacht ar gcúl ar an gcuma gcéadna ar mhóir-thír na hEorpa. Bhí cuid de na Gréagachaibh, agus na Rómhánachaibh 'na bhfearaibh ba mhó inntleacht dá bhfeacaidh an saoghal riamh. Tá a gcuid leabhar ag dul i dtairbheacht do gach fear eolais ar druim an domhain indiu, agus do ba Phágánaigh iad go léir. Mar sin féin, d'éirigh muinn- tir na dtíorach úd tuirseach de'n Phágántacht; agus, gidh go rabhadar mall chum an chreidimh Chríostaidhe do ghlacadh 'na ionad, d'imthigh an bhrígh as an bPágántacht fá dheireadh. Bhailigh na draoithe i nÉirinn aith-neart timcheall aimsire bháis Phádraig, agus chuadar i dtreiseacht go ceann tamaill; acht ní raibh teas an chreidimh ins an iarracht, agus, gidh go raibh draoithe i nÉirinn go ceann dhá chéad bliadhain 'na dhiaidh súd, mar sin féin, ní raibh sa Phágántacht acht críonlach ag feothadh ó bhliadhain go bliadhain. Do ghlac mórán de na draoithibh féin an creideamh Críostaidhe, agus do chrom a thuilleadh aca ar ealadhnacha eile do mhúineadh — do mhúin ceann aca a chuid léighinn shaoghalta do'n naomh lonnrach soin Colum Cille — acht beag ar bheag d'imthigheadar fá dheireadh. Tá an méid seo le rádh ar a son, ámh, nách raibh Éire riamh ó shoin chomh cumhachtach is bhí sí le n-a linn. Éireannaigh mhaithe do b'eadh iad; bhí grádh aca dá dtír; agus gidh go raibh pisreoga meascuighthe le n-a gcuid creidimh, ní hortha bhí an locht, mar bhí Págántacht imeasc na gcinidheacha agus na bhfear ba mhó cáil ar faid an domhain an uair sin. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services