Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Na Draoithe

Title
Éire - Na Draoithe
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



(ar leanamhaint).



AN DEICHMHEADH CEANN



Na Draoithe.



Nuair do tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn, bhí
cumann creidimh ann darbh' ainm dóibh na Draoithe, agus
is iomdha scoláire ó shoin gur bh'áil leis eolas d'fhág-
áil ar an saghas creidimh do bhí aca súd. Págántacht
do b'eadh an creideamh úd díreach mar bha Phágántacht
do bhí i mballaibh eile ar faid an domhain acht amháin
i n-áiteannaibh ina raibh an creideamh nua Críostaidhe
ag dul chum cinn.



Bhí mórán saghasanna Págántacht ar faid an tsaogh-


L. 05


al fá mar atá indiu, agus do réir nósa gach aicme chuir
gach tír a gcuma agus a bhfoirm féin ar an gcreideamh
soin. Chuir na sean-Éireannaigh a gcuma féin ar a
gcreideamh mar an gcéadna, agus ní heol dom aon
chreideamh eile an uair sin ar Roinn na hEorpa ba
chosmhail leis.



I mBreatain agus i nGallia nó an Fhrainc do ba
shagart an draoi, mar d'ofráladh sé íodhbairt chum
déithe, acht níor mhar sin do'n draoi i nÉirinn. Níor
ba shagart é sin i n-aon chor. Ní raibh ann acht fear
foghlumtha, agus do b'é a shlighe bheatha 'ná múineadh.
Céim léighinn do b'eadh oifig an draoi i nÉirinn, agus
bhí cuid de na breitheamhnaibh agus fó-cheann de ríghthibh
Éireann 'na ndraoithibh i dteannta a slíghe mbeatha
féin sa tsaoghal.



Níor mhar a chéile éadach an draoi agus éadach daoine
eile. Do b'é nós na tíre seacht ndath do bheith ar
éadach an ríogh, agus as soin síos go dtí an sclábhaidhe do
chaitheadh bheith sásta le haon dath amháin, buidhe nó
odhar, ar a bhalacaisíbh; acht do b'é dath éadaigh an
draoi 'ná geal, agus ba ghnáthach leis clóca de línéadach
cineálta bheith air.



Ní raibh draoithe na hÉireann leis chomh doicheallach
fá n-a gcuid léighinn, agus fá rúnaibh a gcreidimh is bhí na
draoithe thar lear, mar ba ghnás dár ndraoithibh-ne a
gcuid creidimh agus a n-eolas do chraobhscaoileadh tré
leabhraibh, agus deir ughdar do thrácht thar dhraoithibh na
Breataine agus Ghallia go dtugaidís sin a n-eolas dá
chéile ó bhéal go béal i gcás an eolais sin do bheith
foluighthe ó sna daoinibh. Ní raibh aon fhonn de'n tsaghas
soin ar dhraoithibh Éireann, agus molaim iad dá dheascaibh
sin.



Bhí urraim ag na draoithibh dá leabhraibh, acht mar
sin féin ní raibh na leabhair i bhfolach aca, agus bhí cead ag
gach scoláire iad do léigheadh. Is soth linn nach bhfuil
aon leabhar aca súd slán indiu, agus, toisc ná fuil,
ní fuil againn acht buille fá thuairim i dtaobh an
tsaghais creidimh agus na saghas paidreacha bhíodh ag an
ndraoi. Chonnaic Naomh Pádraig na leabhair sin, agus tá
an teist amuich air gur stoll sé iad i gcás ná beidís
ag mealladh na gCríostaidhe; acht is deallrathaighe
gur tháinig an clúmh liath ar na leabhraibh úd, agus gur
lobhadar le faillighe mar nách raibh aon ghnó ag na
Críostaidhthibh dhíobh. Do ba annsa leo an Bhíobla 'ná
leabhar riaghlacha an draoi, agus ba ádhmharach an rud do
Phádraig an argóint do bhí aige le Lúchet Mael,
príomh-dhraoi na hÉireann, i láthair Ríogh Laoghaire,
mar do thaisbeánadh do chách go raibh cumhacht Phádraig
níos mó 'ná cumhacht an draoi. D'iarr an rí ortha a
leabhair do chaitheadh isteach i n-uisce, agus an té go
snámhfadh an leabhar gurab aige-sean do bhí an creid-
eamh ceart. Bhí Pádraig toiltheannach, acht d'eitigh
Lúchet Mael. Bhí eagla air go mbeannóchadh Pádraig
an t-uisce, agus go rachadh a leabhar féin ar tóin puill.
Chualaidh an draoi úd trácht thar an mbaiste in ar
mbeannuighthear an t-uisce, agus, gidh nár ghéill sé do'n
chreideamh Críostaidhe, mar sin féin ní raibh puinn
muinighne aige as a chreideamh féin; agus muna gcreididh
an múinteoir 'na chreideamh féin, is deacair dó a chur
fhiachaibh ar aon eile géilleadh do'n chreideamh soin.
Chreid Pádraig, agus bhí sé dáiríribh.



Sean-chreideamh do b'eadh an Phágantacht, do bhí ag
dul ar gcúl; agus bhí intinn na ndraoithe géar agus amhras-
ach go raibh rud éigin i n-easba air. Chuaidh an Phágán-
tacht ar gcúl ar an gcuma gcéadna ar mhóir-thír na
hEorpa.



Bhí cuid de na Gréagachaibh, agus na Rómhánachaibh 'na
bhfearaibh ba mhó inntleacht dá bhfeacaidh an saoghal
riamh. Tá a gcuid leabhar ag dul i dtairbheacht do
gach fear eolais ar druim an domhain indiu, agus do ba
Phágánaigh iad go léir. Mar sin féin, d'éirigh muinn-
tir na dtíorach úd tuirseach de'n Phágántacht; agus, gidh
go rabhadar mall chum an chreidimh Chríostaidhe do
ghlacadh 'na ionad, d'imthigh an bhrígh as an bPágántacht
fá dheireadh.



Bhailigh na draoithe i nÉirinn aith-neart timcheall
aimsire bháis Phádraig, agus chuadar i dtreiseacht go
ceann tamaill; acht ní raibh teas an chreidimh ins an
iarracht, agus, gidh go raibh draoithe i nÉirinn go ceann
dhá chéad bliadhain 'na dhiaidh súd, mar sin féin, ní raibh
sa Phágántacht acht críonlach ag feothadh ó bhliadhain go
bliadhain.



Do ghlac mórán de na draoithibh féin an creideamh
Críostaidhe, agus do chrom a thuilleadh aca ar ealadhnacha
eile do mhúineadh — do mhúin ceann aca a chuid léighinn
shaoghalta do'n naomh lonnrach soin Colum Cille — acht
beag ar bheag d'imthigheadar fá dheireadh. Tá an méid
seo le rádh ar a son, ámh, nách raibh Éire riamh ó shoin
chomh cumhachtach is bhí sí le n-a linn. Éireannaigh mhaithe
do b'eadh iad; bhí grádh aca dá dtír; agus gidh go raibh
pisreoga meascuighthe le n-a gcuid creidimh, ní hortha
bhí an locht, mar bhí Págántacht imeasc na gcinidheacha
agus na bhfear ba mhó cáil ar faid an domhain an uair
sin.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services