Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN tOCHTMHADH CEANN (ar leanamhaint). Chuaidh Pádraig ar scoil sa bhFrainnc ag Tours, agus bhí ann seal fá oideachas Naomh Máirtín. Nuair d'fhill sé go hÉirinn, bhí sé 'na shagart. Ba mhór é a urraim dos na hÉireannachaibh. Thuig sé a nósa agus a dteanga, agus d'oibrigh sé go cruaidh de ló agus d'oidhche ar a son ag scaipeadh an Chreidimh 'na measc. Bhí Críostaidhthe i nÉirinn roimis, agus naoimh leis, mar bhí baint ag na hÉireannachaibh leis an Róimh i bhfad sul a dtáinig Pádraig. Dubharthas gur ba Chríost- aidhe Cormac mac Airt féin agus go raibh fios an Chreid- imh ag Fionn mac Cumhaill chomh maith. Do sheol an Pápa Celestín sagart anall go hÉirinn dár bh'ainm Palládius, acht ní áirghim go raibh eolas ar an nGaedhilg aige, agus chuireadar chum siubhail
é láithreach. Níor mhar sin do Phádraig. Thuig sé iad agus thuigeadar é, agus bhí an rath ar a shaothar, acht níor bha gan duadh é. Do thaithnigh sé leis na hÉireannachaibh, mar, i dteannta é 'bheith ciallmhar tuigsionach éifeachtamhail, bhí misneach is caráiste an ghaisgidhigh aige. Thug sé a aghaidh fá dhéin an phágánaigh uasail, Rí Laoghaire féin, ag iarraidh Críostaidhe do dhéanamh dhe, agus, gidh gur bha Phágánach an rí sin agus nár atharruigh sé ar feadh a shaoghail, mar sin féin is comhartha é go raibh sé croidhtheach mar thug sé cead a chinn do Phádraig an Creideamh do craobhscaoileadh ar faid na tíre — cead ná tabharfadh aon rí págánach eile sa domhan uaidh chomh bog soin an uair úd. Muna mbeadh gur thug Rí Laoghaire an chead soin uaidh, bheadh cuairt Phádraig i n-aistear. Áirighim gur dóich le daoinibh indiu gur labhair Naomh Pádraig go hana-dhána leis an rígh ar a chuairt go dtí an Teamhair. Níl sa méid sin acht cainnt gan áird. Fear eolach béasach do b'eadh Pádraig. Bhí sé urramach do'n rígh mar ba chóir, acht níor cheil sé fáth a thurais. Tá finnscéala deasa i dtaobh an turais sin chum na Teamhrach, agus ní fhuil aon locht ortha acht amháin nách bhfuil aon ughdarás leo. Tá aon-nídh amháin dearbhtha go leor, agus 'sé sin gur thug sé seanmóin bhreágh éifeachtamhail uaidh do'n bhuidhin ríoghamhail ar Chnoc na Teamhrach d'atharruigh croidhe chuid aca. Bhí meas aige ar an dTeamhair, mar bhí fios a chumhachta aige, níor bh'áil leis fearg do chur ar éinne innti gan gábhadh, agus ghnídh sé a dhícheall go mánla agus go dáiríribh áiteamh ar gach duine ann an págántacht do chaitheamh uatha, agus díon an tSlánuightheora do ghlacadh chucha féin. Bhí díospóireacht focal aige leis na draoithibh i láthair an ríogh agus is dócha, mar is gnáthach, gur shíligh gach díospóiridhe aca gur aige féin do bhí an ceann is fearr. Bhí léigheann ag na draoithibh agus leabhair aca leis, gidh go raibh leabhair go tearc i nÉirinn an uair sin, acht ní gábhadh aon dearmad do bheith ar éinne, 'ná go raibh leabhair lámhscríobhtha i nÉirinn i bhfad roimh theacht Phádraig. Bhí an tír go saidbhir le haghaidh Phádraig agus measaim go raibh an oiread daoine innti is tá indiu. Is dóich le n-a lán gur iompuigh Pádraig iad súd go léir, acht dá fheabhas é le grása Dé, ní raibh sé 'na chumas a leath d'iompughadh agus bhí págánaigh i nÉirinn go ceann i bhfad 'na dhiaidh. Toisc go raibh na daoine riaruighthe na ngrádaibh, gach treibh aca fá n-a dtaoiseach féin, dá dtárlóchadh go n-iompóchadh Pádraig an taoiseach do, b'annamh ná go ndéanfadh an treibh nó an chuid ba mhó aca aithris ar an dtaoiseach. Tuigfear as aon tsoluidhe amháin gur mhór le rádh na toisaigh úd, mar deir an tsean-dlighe nuair do phósfaidhe ceann dá n-ingheanaibh gur bh'é an díol ba cheart le tabhairt do'n easpog do phósfadh í le fear 'ná unga óir nó culaidh-phósta na mná óige. Do chosnóchadh dá réir sin, adhbhar na culaidhe-pósta úd céad punnt dár gcuid airgid-ne indiu, agus ceapaim dá dtógfaidhe an t-easpog úd an chulaidh-phósta sin ná mná óige mar mhalairt ar an unga óir gur bh'é an gnó bhíodh aige dhi 'na chum éide sagairt nó éadach altóra dhéanamh aisti. Má bhíodh éadach chomh daor soin ar inghin taoisigh measfar cad é luach éadaigh inghine ríogh cúige, nó fós inghine an Áird-Ríogh féin. Do shníomhtaoi do fhíghtí agus do dhathuightí an t-éadach úd ag baile le cruinneacht méireanna is inntleacht cinn fear agus ban Éireann, agus bhí an t-eolas soin aca le céadtaibh bliadhain sul ar tháinig an creideamh Críost- aidhe 'na measc. Sul a dtáinig an Chríostuidheacht bhí Rath na Seanaid ar Teamhair mar a suidheadh an Fheis chum gnótha na tíorach do shocrughadh, bhí an Teach Míodhchuarta ann, suas le hocht gcéad-troigh ar faid agus chúig throighthe is dáfhichead ar áirde mar a suidheadh sluaighte d'uaislibh Éireann chum togha an bhídh ar ósdaidheacht an Áird- Ríogh. Ní raibh na hÉireannaigh gan lochtaibh is gan droch-chleachtaibh ar theacht Phádraig, acht mar sin féin ní raibh aon daoine eile lasmuich de'n Róimh féin do bh'feárr dlíghthe 'na ba mhó míneachas agus eolas 'ná iad. Bhí scoileanna is léigheann aca, bhí ceárdaidhthe aca le gach uile rud do déanamh dóibh do bhí ag teastabháil uatha, bhí loingeas aca beag is mór ó'n gcurach go dtí an barc seoil, is díolacháin is ceannaidheacht leis gach tír sa dúthaigh. Bhí ceannuightheoirí ó'n nGréig ar aonach mhór Thailteann an lá Lughnasa úd do shean- móin Naomh Pádraig ann os comhair fear nÉireann. Is láidir an rud nós má cheapann daoine féin é. Do b'é nós na Sean-Ghaedheal géilleadh do dhlighe mar ghnídheadar féin í, agus do b'é nó na dlighe ná leomhfadh éinne bheith ag achrann ná ar meisce ar na haontaighthe úd. Dá réir sin bheadh náire go bráthach tabhartha d'éinne do dhoirtfeadh fuil ar aontaighibh Thailteann, Earmainn, Eamhna, ná ar aon Aonach eile ar faid na tíre. Siúd is go mbeadh cogadh ag taoiseach le taoiseach eile bheadh sé riachtanach ortha síothcháin do bheith eatortha aimsir an aonaigh fá mar do bhí sé riachtanach ar gach treibh ar faid Éireann bheith síoth- chánta le n-a chéile faid do bhí Feis na Teamhrach ar siubhal. Tá cunntas ins na scríbhníbh ar an gcuma do chaithtí an aimsir ar na hAontaightibh ú. Do ghnídhtí cleamhnais ann, bhíodh pósaidhe ann, bhíodh cleasa-lúth is iomrascáil ann, comórtas capall is cluiche con, bhíodh filí ann is seanchaidhthe, duaiseanna dá roinnt, is dlighe nua dá bhfógairt, ceol ann is amhráin, fear na méireacán is fear na gcleas is an chearrbhach go gnóthach ann. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services