Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire

Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.

AN tOCHTMHADH CEANN
(ar leanamhaint).



Chuaidh Pádraig ar scoil sa bhFrainnc ag Tours, agus
bhí ann seal fá oideachas Naomh Máirtín.



Nuair d'fhill sé go hÉirinn, bhí sé 'na shagart. Ba
mhór é a urraim dos na hÉireannachaibh. Thuig sé a
nósa agus a dteanga, agus d'oibrigh sé go cruaidh de ló agus
d'oidhche ar a son ag scaipeadh an Chreidimh 'na measc.



Bhí Críostaidhthe i nÉirinn roimis, agus naoimh leis, mar
bhí baint ag na hÉireannachaibh leis an Róimh i bhfad
sul a dtáinig Pádraig. Dubharthas gur ba Chríost-
aidhe Cormac mac Airt féin agus go raibh fios an Chreid-
imh ag Fionn mac Cumhaill chomh maith.



Do sheol an Pápa Celestín sagart anall go
hÉirinn dár bh'ainm Palládius, acht ní áirghim go raibh
eolas ar an nGaedhilg aige, agus chuireadar chum siubhail


L. 05


é láithreach. Níor mhar sin do Phádraig. Thuig sé iad
agus thuigeadar é, agus bhí an rath ar a shaothar, acht níor bha
gan duadh é.



Do thaithnigh sé leis na hÉireannachaibh, mar, i
dteannta é 'bheith ciallmhar tuigsionach éifeachtamhail,
bhí misneach is caráiste an ghaisgidhigh aige.



Thug sé a aghaidh fá dhéin an phágánaigh uasail, Rí
Laoghaire féin, ag iarraidh Críostaidhe do dhéanamh dhe,
agus, gidh gur bha Phágánach an rí sin agus nár atharruigh sé
ar feadh a shaoghail, mar sin féin is comhartha é go raibh
sé croidhtheach mar thug sé cead a chinn do Phádraig
an Creideamh do craobhscaoileadh ar faid na tíre —
cead ná tabharfadh aon rí págánach eile sa domhan
uaidh chomh bog soin an uair úd. Muna mbeadh gur
thug Rí Laoghaire an chead soin uaidh, bheadh cuairt
Phádraig i n-aistear.



Áirighim gur dóich le daoinibh indiu gur labhair
Naomh Pádraig go hana-dhána leis an rígh ar a chuairt
go dtí an Teamhair. Níl sa méid sin acht cainnt gan
áird. Fear eolach béasach do b'eadh Pádraig. Bhí sé
urramach do'n rígh mar ba chóir, acht níor cheil sé fáth
a thurais.



Tá finnscéala deasa i dtaobh an turais sin chum na
Teamhrach, agus ní fhuil aon locht ortha acht amháin nách
bhfuil aon ughdarás leo.



Tá aon-nídh amháin dearbhtha go leor, agus 'sé sin gur
thug sé seanmóin bhreágh éifeachtamhail uaidh do'n
bhuidhin ríoghamhail ar Chnoc na Teamhrach d'atharruigh
croidhe chuid aca. Bhí meas aige ar an dTeamhair, mar
bhí fios a chumhachta aige, níor bh'áil leis fearg do chur
ar éinne innti gan gábhadh, agus ghnídh sé a dhícheall go
mánla agus go dáiríribh áiteamh ar gach duine ann an
págántacht do chaitheamh uatha, agus díon an tSlánuightheora
do ghlacadh chucha féin.



Bhí díospóireacht focal aige leis na draoithibh i
láthair an ríogh agus is dócha, mar is gnáthach, gur shíligh gach
díospóiridhe aca gur aige féin do bhí an ceann is
fearr.



Bhí léigheann ag na draoithibh agus leabhair aca leis, gidh
go raibh leabhair go tearc i nÉirinn an uair sin, acht ní
gábhadh aon dearmad do bheith ar éinne, 'ná go raibh
leabhair lámhscríobhtha i nÉirinn i bhfad roimh theacht
Phádraig.



Bhí an tír go saidbhir le haghaidh Phádraig agus measaim
go raibh an oiread daoine innti is tá indiu. Is dóich
le n-a lán gur iompuigh Pádraig iad súd go léir, acht
dá fheabhas é le grása Dé, ní raibh sé 'na chumas a
leath d'iompughadh agus bhí págánaigh i nÉirinn go ceann
i bhfad 'na dhiaidh. Toisc go raibh na daoine riaruighthe
na ngrádaibh, gach treibh aca fá n-a dtaoiseach féin,
dá dtárlóchadh go n-iompóchadh Pádraig an taoiseach
do, b'annamh ná go ndéanfadh an treibh
nó an chuid ba mhó aca aithris ar an dtaoiseach.
Tuigfear as aon tsoluidhe amháin gur mhór
le rádh na toisaigh úd, mar deir an tsean-dlighe
nuair do phósfaidhe ceann dá n-ingheanaibh gur bh'é an
díol ba cheart le tabhairt do'n easpog do phósfadh í le
fear 'ná unga óir nó culaidh-phósta na mná óige. Do
chosnóchadh dá réir sin, adhbhar na culaidhe-pósta úd
céad punnt dár gcuid airgid-ne indiu, agus ceapaim dá
dtógfaidhe an t-easpog úd an chulaidh-phósta sin ná mná
óige mar mhalairt ar an unga óir gur bh'é an gnó
bhíodh aige dhi 'na chum éide sagairt nó éadach altóra
dhéanamh aisti.



Má bhíodh éadach chomh daor soin ar inghin taoisigh
measfar cad é luach éadaigh inghine ríogh cúige, nó fós
inghine an Áird-Ríogh féin.



Do shníomhtaoi do fhíghtí agus do dhathuightí an t-éadach
úd ag baile le cruinneacht méireanna is inntleacht
cinn fear agus ban Éireann, agus bhí an t-eolas soin aca le
céadtaibh bliadhain sul ar tháinig an creideamh Críost-
aidhe 'na measc.



Sul a dtáinig an Chríostuidheacht bhí Rath na Seanaid
ar Teamhair mar a suidheadh an Fheis chum gnótha na
tíorach do shocrughadh, bhí an Teach Míodhchuarta ann,
suas le hocht gcéad-troigh ar faid agus chúig throighthe is
dáfhichead ar áirde mar a suidheadh sluaighte d'uaislibh
Éireann chum togha an bhídh ar ósdaidheacht an Áird-
Ríogh. Ní raibh na hÉireannaigh gan lochtaibh is gan
droch-chleachtaibh ar theacht Phádraig, acht mar sin féin
ní raibh aon daoine eile lasmuich de'n Róimh féin do
bh'feárr dlíghthe 'na ba mhó míneachas agus eolas 'ná iad.
Bhí scoileanna is léigheann aca, bhí ceárdaidhthe aca le
gach uile rud do déanamh dóibh do bhí ag teastabháil
uatha, bhí loingeas aca beag is mór ó'n gcurach go dtí
an barc seoil, is díolacháin is ceannaidheacht leis gach
tír sa dúthaigh. Bhí ceannuightheoirí ó'n nGréig ar
aonach mhór Thailteann an lá Lughnasa úd do shean-
móin Naomh Pádraig ann os comhair fear nÉireann.



Is láidir an rud nós má cheapann daoine féin é.
Do b'é nós na Sean-Ghaedheal géilleadh do dhlighe mar
ghnídheadar féin í, agus do b'é nó na dlighe ná leomhfadh
éinne bheith ag achrann ná ar meisce ar na haontaighthe
úd. Dá réir sin bheadh náire go bráthach tabhartha
d'éinne do dhoirtfeadh fuil ar aontaighibh Thailteann,
Earmainn, Eamhna, ná ar aon Aonach eile ar faid na
tíre. Siúd is go mbeadh cogadh ag taoiseach le
taoiseach eile bheadh sé riachtanach ortha síothcháin do
bheith eatortha aimsir an aonaigh fá mar do bhí sé
riachtanach ar gach treibh ar faid Éireann bheith síoth-
chánta le n-a chéile faid do bhí Feis na Teamhrach ar
siubhal. Tá cunntas ins na scríbhníbh ar an gcuma do
chaithtí an aimsir ar na hAontaightibh ú. Do ghnídhtí
cleamhnais ann, bhíodh pósaidhe ann, bhíodh cleasa-lúth
is iomrascáil ann, comórtas capall is cluiche con,
bhíodh filí ann is seanchaidhthe, duaiseanna dá roinnt,
is dlighe nua dá bhfógairt, ceol ann is amhráin, fear
na méireacán is fear na gcleas is an chearrbhach go
gnóthach ann.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services