Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN tOCHTMHADH CEANN (ar leanamhaint). Sciob Dáithí leis 'na dhiaidh súd ollmhaitheas na Rómh- ánach dá n-aindeoin, agus bhain sé na cinn dá gcéadtaibh fear. Stiúruigh sé a chuid laoch thré chumhangarachaibh ba mheasa 'na teine na ceárdachan — claidhmhte Stilicó agus shaighdiúirí an hImpireachta ba mhó is ba threise dá bhfeacaidh an saoghal riamh. Chuireadar a chodladh Niall i mBrúghach na Bóinne imeasc ríghthe Éireann, agus ní túisce bhí a chluiche caointe críochnuighthe 'ná gur glaodhadh ar Dháithí le n-a bheith 'na Áird-Rígh, agus do sheasamh seisean ar an Lia Fáil ar Chnoc na Teamhrach agus sluaighte Éireann 'na thimcheall. Níor mhiste dhóibh bheith muinighneach as, mar lean sé i gcéimibh na nÁird-Ríghthe dtréan nách raibh beann aca ar na Rómhánachaibh. Faghmuid radharc air ag dul ar bórd luinge i mbéal cuain Locha Chárlainn, agus a fheara cogaidh mar aon leis, ag dul ar lorg cíosa is cáin go Breatain
is go hAlbain, agus níor eitigheadh é, mar ba chosmhail le caoir teinntigh an rí úd imeasc a namhad. Agus, má ba chaor teinnteach é féin, is í an chaor do mharbh é, slán mar a n-innistear é. Tar éis a thrí bliadhain fichid dó 'na cheann ar Éirinn, do bhuail an splannc é ar mhór-thír na hEorpa thall cois na nAlp. Níor fhág a shár-fhir 'na dhiaidh annsúd é. Thóg a mhac, Amhalghaidh, an t-arm fá n-a stiúrughadh féin, agus thóg- adar leo ar chrochar corp a nÁird-Ríogh. Bhí saigh- diúirí Rómhánacha timcheall ortha ag faireadh ortha, acht do chuir Dáithí a leithéid sin de scannradh ortha ar feadh a bheatha go raibh faitchíos ortha roimh a chorp. Beireadh é ar cheann a shluagh tarsna na Frainnce, fá mar do bheadh sé 'na bheathaidh. Thug na Rómhánaigh fútha naoi nó deich uaire ar an dturas, acht ghabh Amhal- ghaidh agus a Éireannaigh de chosaibh ionnta fá mar do ghabh a athair roimis. Taisbeántar indiu uaigh Dháithí fá ghallán dhearg i gCruachain Chonnacht mar a bhfuil an bhainríoghain Méadhbh na codladh, agus ní innseann aon stair gur bhuail aon Áird-Rí Éireann i ndiaidh an Dáithí seo cath ar mhór-thír na hÉorpa riamh ó shoin. AN NAOMHADH CEANN PÁDRAIG Ní raibh aon fhonn siubhlóide lasmuich dá thír féin ar Rígh Laoghaire, mac Néill Naoi-nGiallaigh, do riaghluigh i ndiaidh Dháithí. Bhí gaol aige le Dáithí agus bhí sé ró-óg chum rí 'dhéanamh de nuair do cailleadh a athair. Do b'shin é an fáth nár tugadh an choróin dó, mar theastuigh fear comhraic ós na hÉireannachaibh an uair sin, mar bhí fuadar fútha i gcómhair Impireacht Ghaedhealach do chur ar bun. Ní raibh an rí seo de réir mar shíligh na hÉireannaigh. Ní raibh aon easba misnigh air, ámh; acht bhí faitchíos air dul ar fairrge, mar dubhairt bean feasa leis go bhfuigheadh sé bás idir Éire is Alba, agus dá dheascaibh sin d'fhan sé cois baile. Is faid do bhí Laoghaire 'na rígh do tháinig Naomh Pádraig ag craobhscaoileadh an Chreidimh Chríostaidhe go hÉireann. Is é Aspal na hÉireann Pádraig — an fear is mó cáil agus is uaisle dár tháinig riamh thar lear chugainn. Is geal leis gach fíor-Éireannach ar faid an domhain a ainm. Níor bh'é siúd a chéad thuras go hÉirinn, mar chaith sé seal innti nuair do bhí sé 'na aosánach. Do b'é Niall Naoi-nGiallach i gceann dá chogaidhibh i gcéin do scuab Pádraig óg leis i leith ó n-a thír féin, agus a lán fear agus ban eile 'na theannta, go deorach duairc, mar do b'é gnás na haimsire úd gach duine do thóg- faidhe aimsir cogaidh a bheith as soin amach 'na sclábh- aidhe ag an mbuidhin do ghabhadh é. Deir Pádraig féin gur bha ghiúistís Rómhanach a athair, agus gur i mBannaven Taberniae do chomhnuigh- eadar nuair do ghabh na hÉireannaigh é féin. Atharr- uigheadh ainm an bhaill sin ó shoin, agus deir an chuid is mó des na hughdaraibh gurab é an áit é go nglaodhtar Cill Phádraig Dhúinbárrtuinn i nAlbain air indiu. Deir ughdair eile, ámh, gur sa bhFrainnc atá an áit úd fá ainm éigin eile. 'Sé mo thuairim féin go bhfuil an ceart aca so, mar nuair d'éaluigh Pádruig leis a bhaile — d'éis sé mbliadhan do chaitheamh dó 'na aodhaire ar Shliabh Mis i nAondruim — is amhlaidh do thug sé a aghaidh ar an bhFrainnc. Do b'éigean dó dhá chéad míle do shiubhal sul a bhfuair sé long do bhéarfadh léi é, rud nár ghábhadh dhó a dhéanamh dá mb'áil leis dul go hAlbain, mar tá Sliabh Mis i ngearracht seacht nó hocht de mhíltibh do'n fhairrge agus do b'fhurusta do Phádraig nó d'aon eile curach d'fhágháil i gcuantaibh Aondroma an uair sin do thógfadh go hAlbain é. Ní cheapaim go raibh aon ghnó aige go hAlbain, mar nách raibh aon bhaint aige leis an dtir sin, acht gur bh'é bhí uaidh dul a bhaile go dtí an Fhrainnc, agus gur bh'é sin an fáth gur shiubhluigh sé dhá chéad míle ó dheas go Port Láirge nó go Corcaigh le haghaidh luinge d'fhagháil. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services