Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire

Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN tOCHTMHADH CEANN
(ar leanamhaint).



Sciob Dáithí leis 'na dhiaidh súd ollmhaitheas na Rómh-
ánach dá n-aindeoin, agus bhain sé na cinn dá gcéadtaibh
fear. Stiúruigh sé a chuid laoch thré chumhangarachaibh
ba mheasa 'na teine na ceárdachan — claidhmhte Stilicó
agus shaighdiúirí an hImpireachta ba mhó is ba threise dá
bhfeacaidh an saoghal riamh.



Chuireadar a chodladh Niall i mBrúghach na Bóinne
imeasc ríghthe Éireann, agus ní túisce bhí a chluiche caointe
críochnuighthe 'ná gur glaodhadh ar Dháithí le n-a bheith
'na Áird-Rígh, agus do sheasamh seisean ar an Lia Fáil ar
Chnoc na Teamhrach agus sluaighte Éireann 'na thimcheall.
Níor mhiste dhóibh bheith muinighneach as, mar lean sé i
gcéimibh na nÁird-Ríghthe dtréan nách raibh beann aca
ar na Rómhánachaibh.



Faghmuid radharc air ag dul ar bórd luinge i
mbéal cuain Locha Chárlainn, agus a fheara cogaidh mar
aon leis, ag dul ar lorg cíosa is cáin go Breatain


L. 5


is go hAlbain, agus níor eitigheadh é, mar ba chosmhail le
caoir teinntigh an rí úd imeasc a namhad.



Agus, má ba chaor teinnteach é féin, is í an chaor
do mharbh é, slán mar a n-innistear é. Tar éis a thrí
bliadhain fichid dó 'na cheann ar Éirinn, do bhuail an
splannc é ar mhór-thír na hEorpa thall cois na nAlp.
Níor fhág a shár-fhir 'na dhiaidh annsúd é. Thóg a mhac,
Amhalghaidh, an t-arm fá n-a stiúrughadh féin, agus thóg-
adar leo ar chrochar corp a nÁird-Ríogh. Bhí saigh-
diúirí Rómhánacha timcheall ortha ag faireadh ortha, acht
do chuir Dáithí a leithéid sin de scannradh ortha ar
feadh a bheatha go raibh faitchíos ortha roimh a chorp.
Beireadh é ar cheann a shluagh tarsna na Frainnce, fá
mar do bheadh sé 'na bheathaidh. Thug na Rómhánaigh fútha
naoi nó deich uaire ar an dturas, acht ghabh Amhal-
ghaidh agus a Éireannaigh de chosaibh ionnta fá mar do ghabh
a athair roimis.



Taisbeántar indiu uaigh Dháithí fá ghallán dhearg i
gCruachain Chonnacht mar a bhfuil an bhainríoghain
Méadhbh na codladh, agus ní innseann aon stair gur bhuail
aon Áird-Rí Éireann i ndiaidh an Dáithí seo cath ar
mhór-thír na hÉorpa riamh ó shoin.



AN NAOMHADH CEANN



PÁDRAIG



Ní raibh aon fhonn siubhlóide lasmuich dá thír féin ar
Rígh Laoghaire, mac Néill Naoi-nGiallaigh, do riaghluigh
i ndiaidh Dháithí. Bhí gaol aige le Dáithí agus bhí sé ró-óg
chum rí 'dhéanamh de nuair do cailleadh a athair. Do
b'shin é an fáth nár tugadh an choróin dó, mar theastuigh
fear comhraic ós na hÉireannachaibh an uair sin, mar
bhí fuadar fútha i gcómhair Impireacht Ghaedhealach do
chur ar bun. Ní raibh an rí seo de réir mar shíligh na
hÉireannaigh. Ní raibh aon easba misnigh air, ámh; acht
bhí faitchíos air dul ar fairrge, mar dubhairt bean
feasa leis go bhfuigheadh sé bás idir Éire is Alba,
agus dá dheascaibh sin d'fhan sé cois baile.



Is faid do bhí Laoghaire 'na rígh do tháinig Naomh
Pádraig ag craobhscaoileadh an Chreidimh Chríostaidhe
go hÉireann.



Is é Aspal na hÉireann Pádraig — an fear is mó
cáil agus is uaisle dár tháinig riamh thar lear chugainn. Is
geal leis gach fíor-Éireannach ar faid an domhain a
ainm.



Níor bh'é siúd a chéad thuras go hÉirinn, mar chaith
sé seal innti nuair do bhí sé 'na aosánach. Do b'é
Niall Naoi-nGiallach i gceann dá chogaidhibh i gcéin
do scuab Pádraig óg leis i leith ó n-a thír féin, agus a
lán fear agus ban eile 'na theannta, go deorach duairc,
mar do b'é gnás na haimsire úd gach duine do thóg-
faidhe aimsir cogaidh a bheith as soin amach 'na sclábh-
aidhe ag an mbuidhin do ghabhadh é.



Deir Pádraig féin gur bha ghiúistís Rómhanach a
athair, agus gur i mBannaven Taberniae do chomhnuigh-
eadar nuair do ghabh na hÉireannaigh é féin. Atharr-
uigheadh ainm an bhaill sin ó shoin, agus deir an chuid is
mó des na hughdaraibh gurab é an áit é go nglaodhtar
Cill Phádraig Dhúinbárrtuinn i nAlbain air indiu.
Deir ughdair eile, ámh, gur sa bhFrainnc atá an áit úd
fá ainm éigin eile. 'Sé mo thuairim féin go bhfuil an
ceart aca so, mar nuair d'éaluigh Pádruig leis a
bhaile — d'éis sé mbliadhan do chaitheamh dó 'na aodhaire
ar Shliabh Mis i nAondruim — is amhlaidh do thug sé a
aghaidh ar an bhFrainnc. Do b'éigean dó dhá chéad míle
do shiubhal sul a bhfuair sé long do bhéarfadh léi é,
rud nár ghábhadh dhó a dhéanamh dá mb'áil leis dul go
hAlbain, mar tá Sliabh Mis i ngearracht seacht nó
hocht de mhíltibh do'n fhairrge agus do b'fhurusta do
Phádraig nó d'aon eile curach d'fhágháil i gcuantaibh
Aondroma an uair sin do thógfadh go hAlbain é. Ní
cheapaim go raibh aon ghnó aige go hAlbain, mar nách
raibh aon bhaint aige leis an dtir sin, acht gur bh'é bhí
uaidh dul a bhaile go dtí an Fhrainnc, agus gur bh'é sin an
fáth gur shiubhluigh sé dhá chéad míle ó dheas go Port
Láirge nó go Corcaigh le haghaidh luinge d'fhagháil.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services