Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Coláiste Gaedhealach
Title
Coláiste Gaedhealach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Eanair 28, 1905. Coláiste Gaedhealach. Is annamh sinn gan chúis ghearáin agus gan puinn toraidh orainn féin ná ar ár ngearáin. Ar an dtaobh eile is minic a bhrostuigheann an gearán ar an leigheas dúinn. Tá cúis mhaith ghearáin ag aithreachaibh cloinne a bhaineann le Connradh na Gaedhilge i dtaobh an tabhairt suas a gheibhid a gclann ó'n gcéad lá a théid ar scoil go dtí an lá fhágaid í, nó go dtí go dtéid ar scoil Mheodhánaigh. Dá gcuirimís an scoil Mheodhánach san áireamh againn 'na taobh. Dá mbeadh Oideachas dá Theangan ar siubhal coithchianta ins na ceanntar- aibh Gaedhealacha ní bheadh breis mhór le gearán againn, acht do réir mar atá an scéal againn anois, ní féidir an gearán a cheilt. Is beag le rádh a bhfuil d'Oideachas dá Theangan ins na ceanntaraibh Gaedhealacha féin. Ní fhéadaid na máighistrí tabhairt faoi, nídh nach locht ortha, mar níl an t-eolas aca chuige. Is éigin 'fhiachaibh a chur ar an mBórd Náisiúnta an t-eolas so a scaipeadh i measc na máighistrí, agus brígh an Oideachais dá Theangan so a mhúineadh dhóibh ar chuma éigin. Ní hé cúram Chonnartha na Gaedhilge bheith ag múineadh na máighistrí. Is é cúram an Bhúird Náisiúnta é, agus beam-na a ngiobadh is a spreagadh choidhche go ndéanfaid a ngnó 'na cheart. Acht fá mar adubhramair an tseacht- mhain seo ghaibh tharainn, tá gábhadh le scoil mhaith fóghanta Gaedhilge i gcomhair leanbhaí Gaedhealach, scoil 'na múinfear gach ealadha is gach eolas tríd an nGaedhilg. Scoil 'na dtiocfadh leanbhaí ó gach páirt de'n dtír chuichi. Scoil 'na bhféadfadh leanbhaí Connachtach is Muimhneach is Ultach is Laighneach teacht i bhfochair a chéile is suidhe le hais a chéile is foghluim i gcuideachta a chéile. Sin é an gábhadh atá orainn, agus gábhadh diacrach is eadh é. Ní gábhadh dhúinn a chur síos annso a liacht maitheas a dhéanfadh scoil de'n tsórd soin. D'éan-bhéim amháin do cuirfidhe an Ghaedhilg i n-uachtar is gach teanga eile fúithi. Bheadh sí fá mheas is fá réim díreach mar do bhí fad ó nuair a thugtaoi Oileán na Naomh is na nOllamh ar Éirinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services