Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Coláiste Gaedhealach

Title
Coláiste Gaedhealach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Eanair 28, 1905.



Coláiste Gaedhealach.



Is annamh sinn gan chúis ghearáin agus
gan puinn toraidh orainn féin ná ar
ár ngearáin. Ar an dtaobh eile is
minic a bhrostuigheann an gearán ar
an leigheas dúinn. Tá cúis mhaith
ghearáin ag aithreachaibh cloinne a
bhaineann le Connradh na Gaedhilge i
dtaobh an tabhairt suas a gheibhid a
gclann ó'n gcéad lá a théid ar scoil
go dtí an lá fhágaid í, nó go dtí go
dtéid ar scoil Mheodhánaigh. Dá
gcuirimís an scoil Mheodhánach san
áireamh againn 'na taobh.



Dá mbeadh Oideachas dá Theangan
ar siubhal coithchianta ins na ceanntar-
aibh Gaedhealacha ní bheadh breis mhór le
gearán againn, acht do réir mar atá
an scéal againn anois, ní féidir an
gearán a cheilt. Is beag le rádh a
bhfuil d'Oideachas dá Theangan ins na
ceanntaraibh Gaedhealacha féin. Ní
fhéadaid na máighistrí tabhairt faoi,
nídh nach locht ortha, mar níl an t-eolas
aca chuige. Is éigin 'fhiachaibh a chur
ar an mBórd Náisiúnta an t-eolas
so a scaipeadh i measc na máighistrí, agus
brígh an Oideachais dá Theangan so a
mhúineadh dhóibh ar chuma éigin. Ní hé
cúram Chonnartha na Gaedhilge bheith ag
múineadh na máighistrí. Is é cúram
an Bhúird Náisiúnta é, agus beam-na a
ngiobadh is a spreagadh choidhche go
ndéanfaid a ngnó 'na cheart.



Acht fá mar adubhramair an tseacht-
mhain seo ghaibh tharainn, tá gábhadh le
scoil mhaith fóghanta Gaedhilge i
gcomhair leanbhaí Gaedhealach, scoil
'na múinfear gach ealadha is gach
eolas tríd an nGaedhilg. Scoil 'na
dtiocfadh leanbhaí ó gach páirt de'n
dtír chuichi. Scoil 'na bhféadfadh
leanbhaí Connachtach is Muimhneach is
Ultach is Laighneach teacht i bhfochair a
chéile is suidhe le hais a chéile is
foghluim i gcuideachta a chéile. Sin
é an gábhadh atá orainn, agus gábhadh
diacrach is eadh é. Ní gábhadh dhúinn a
chur síos annso a liacht maitheas a
dhéanfadh scoil de'n tsórd soin.
D'éan-bhéim amháin do cuirfidhe an
Ghaedhilg i n-uachtar is gach teanga
eile fúithi. Bheadh sí fá mheas is fá
réim díreach mar do bhí fad ó nuair a
thugtaoi Oileán na Naomh is na nOllamh
ar Éirinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services