Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Coláistí
Title
Coláistí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Eanair 21, 1905. Coláistí Ar an Árd-Fheis le trí nó ceathair de bhliadhantaibh, bíonn cur síos gnáthach ar chúrsaíbh coláistí áirithe i nÉirinn. Ní gábhadh dhúinn ainmneacha na gcol- áistí úd a chur síos annso, mar tá sean-aithne ag gach éinne ortha féin is ar a ngoithíbh ó n-a liacht cainnte is deintear ortha i bpáipéaraibh nuaidh- eachta. Tá roinnt mhaith dhíobh ann, i bhfad níos mó ná mar badh dhóigh le duine. Tar éis a bhfuil ráidhte as an Árd-Fheis 'na dtaobh, tar éis gach comhairle a tugadh dhóibh go fonnmhar is nár glacadh, tar éis ar scríobhadh mar gheall ortha, an dóigh le héinne go bhfuil ceart nó cóir gá fhágháil ag muinntir na hÉireann is ag teangain na hÉireann go sonnradhach ó sna coláistíbh seo? Cuireadh muinntir na Gaedhilge an cheist seo chucha féin, is feiceam cad is toradh ar a machtnamh uirthi. Tá Connradh na Gaedhilge tagaithe go maith chun cinn anois. Tá dála na tíre dhá shóinseáil aici, agus go deimhin má's maith é is mithid é. An rud d'oirfeadh linn tá cúpla bliadhain ó shoin ann ní oirfeadh linn i n-éan-chor anois, agus tá mearathall mór orainne, nó tá sé de chomhacht ag Connradh na Gaedhilge, é sin a chur 'na luighe go daingean ar mhuinntir na hÉireann. Ní “leogamís dó” ná “scaoilimís leo” a bheidh mar fhocal faire againn feasta, acht “gread ort, a ghiolla na leisce,” nó “Déin-se súd nó bí thíos.” Táimíd láidir ár ndótháin chun ár dtoil féin a chur i bhfeidhm in ár dtír féin, gan buidheachas d'éinne, is chun smacht a chur ar lucht na leisce is na bhfeall-bheart. Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht. Nílmíd ag tromaidheacht ná ag cur éin-mhilleáin ar na coláistíbh atá ag déanamh a ndíchill ar son na Gaedhilge. Tá meas do réir a gcáile ortha, i measc muinntir na Gaedhilge. Caithid tamall maith aimsire gach lá ag gabháil do'n Ghaedhilg. Tá fonn ortha do réir dheallraimh níos mó a dhéanamh dá mbeadh an chaothamhlacht aca. Tá na Búird Léighinn 'na gcoinnibh agus is beag coláiste d'fhéadfadh seasamh i n-éagmuis an chongnaimh is féidir fhágháil ó sna Bórdaibh Léighinn seo. Acht, a mhuinntir na Gaedhilge, féachaimís chughainn féin. Sidé annso cuid againn ag briseadh ár gcroidhe ag iarraidh ár gclann a thabhairt suas ó aois laoigh 'na nGaedhilgeoiríbh, d'fhonn is gurab í an Ghaedhilg an chéad- theanga a bheidh aca. Agus sin iad annsúd na coláistí, is na healadhnta is gach saghas eolais go fiú na Gaedhilge féin dá múineadh aca tríd an mBéarla. Is é sean-scéal na Scol Náisiúnta é. Tá cúis ghearáin ag aithreachaibh cloinne a bhaineann le Connradh na Gaedhilge is a dhéineann a ndícheall ar a gclann a thógaint 'na nGaedhealaibh. Nuair a bhí a gclann i n-aois scoile ní bhfághaid scoil oireamhnach, scoil Ghaedhealach, scoil 'na múintear gach saghas eolais tríd an nGaedhilg. Sin rud ná deintear i n-éin-cheann dár gcol- áistíbh. Deinid a ngnó i mBéarla. Nach mithid anois atarrach scéil a chur i bhfeidhm, agus an Ghaedhilg a chur i mbun 's i mbarr gnótha de'n tsórd so? Mar adubhramair cheana, táimíd láidir ár ndóthain chuige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services