An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Eanair 21, 1905.
Coláistí
Ar an Árd-Fheis le trí nó ceathair
de bhliadhantaibh, bíonn cur síos gnáthach
ar chúrsaíbh coláistí áirithe i nÉirinn.
Ní gábhadh dhúinn ainmneacha na gcol-
áistí úd a chur síos annso, mar tá
sean-aithne ag gach éinne ortha féin
is ar a ngoithíbh ó n-a liacht cainnte is
deintear ortha i bpáipéaraibh nuaidh-
eachta. Tá roinnt mhaith dhíobh ann, i
bhfad níos mó ná mar badh dhóigh le
duine. Tar éis a bhfuil ráidhte as an
Árd-Fheis 'na dtaobh, tar éis gach
comhairle a tugadh dhóibh go fonnmhar
is nár glacadh, tar éis ar scríobhadh
mar gheall ortha, an dóigh le héinne
go bhfuil ceart nó cóir gá fhágháil ag
muinntir na hÉireann is ag teangain
na hÉireann go sonnradhach ó sna
coláistíbh seo? Cuireadh muinntir
na Gaedhilge an cheist seo chucha féin,
is feiceam cad is toradh ar a
machtnamh uirthi.
Tá Connradh na Gaedhilge tagaithe
go maith chun cinn anois. Tá dála na
tíre dhá shóinseáil aici, agus go deimhin
má's maith é is mithid é. An rud
d'oirfeadh linn tá cúpla bliadhain ó
shoin ann ní oirfeadh linn i n-éan-chor
anois, agus tá mearathall mór orainne, nó
tá sé de chomhacht ag Connradh na
Gaedhilge, é sin a chur 'na luighe go
daingean ar mhuinntir na hÉireann.
Ní “leogamís dó” ná “scaoilimís
leo” a bheidh mar fhocal faire againn
feasta, acht “gread ort, a ghiolla na
leisce,” nó “Déin-se súd nó bí thíos.”
Táimíd láidir ár ndótháin chun ár
dtoil féin a chur i bhfeidhm in ár dtír
féin, gan buidheachas d'éinne, is chun
smacht a chur ar lucht na leisce is
na bhfeall-bheart. Ní bhíonn an rath
acht mar a mbíonn an smacht.
Nílmíd ag tromaidheacht ná ag cur
éin-mhilleáin ar na coláistíbh atá ag
déanamh a ndíchill ar son na Gaedhilge.
Tá meas do réir a gcáile
ortha, i measc muinntir na Gaedhilge.
Caithid tamall maith aimsire gach lá
ag gabháil do'n Ghaedhilg. Tá fonn
ortha do réir dheallraimh níos mó a
dhéanamh dá mbeadh an chaothamhlacht
aca. Tá na Búird Léighinn 'na
gcoinnibh agus is beag coláiste d'fhéadfadh
seasamh i n-éagmuis an chongnaimh is
féidir fhágháil ó sna Bórdaibh Léighinn
seo.
Acht, a mhuinntir na Gaedhilge,
féachaimís chughainn féin. Sidé annso
cuid againn ag briseadh ár gcroidhe
ag iarraidh ár gclann a thabhairt suas ó
aois laoigh 'na nGaedhilgeoiríbh, d'fhonn
is gurab í an Ghaedhilg an chéad-
theanga a bheidh aca. Agus sin iad
annsúd na coláistí, is na healadhnta
is gach saghas eolais go fiú na
Gaedhilge féin dá múineadh aca tríd
an mBéarla. Is é sean-scéal na
Scol Náisiúnta é. Tá cúis ghearáin
ag aithreachaibh cloinne a bhaineann le
Connradh na Gaedhilge is a dhéineann
a ndícheall ar a gclann a thógaint
'na nGaedhealaibh. Nuair a bhí a
gclann i n-aois scoile ní bhfághaid
scoil oireamhnach, scoil Ghaedhealach,
scoil 'na múintear gach saghas eolais
tríd an nGaedhilg. Sin rud ná
deintear i n-éin-cheann dár gcol-
áistíbh. Deinid a ngnó i mBéarla.
Nach mithid anois atarrach scéil a chur
i bhfeidhm, agus an Ghaedhilg a chur i mbun
's i mbarr gnótha de'n tsórd so?
Mar adubhramair cheana, táimíd
láidir ár ndóthain chuige.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11