Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN SEACHTMHADH CEANN (Ar leanmhaint) Tá an iomad scéalta breághdha i dtaoibh na bhFiann, cuid aca go bhfuil cneas na fírinne ortha agus cuid nach bhfuil, cuid aca do ceapadh ins na sean-aoisibh agus cuid
le déidheannaighe, acht ní lugha liom bladhraigh asal 'ná glór ndaoine áirithe adeir gan úghdarás nách raibh Fionn ná a chuideachta ann i n-aon chor. Scríobh duine éigin scéal ar Charl Magnus agus dubhairt do raibh an rí sin deich troighthe fichead ar aoirde, scríobhadh scéalta nách bhfuil fíor ar Mhurchadh mac Bhriain is ar Alastar na nGréag, agus ní deir éinne nách raibh siad so ann, acht is comhartha foghlama é, mar dh'eadh, a rádh go mb'fhéidir nách raibh leithéid Fhinn mhic Chumaill ar an saoghal i n-aon chor. Tá teis- timéireacht úghdar Éireann ar Fhionn agus ní beag linn- ne an méid sin, mar tá sé fíor agus ní fhuil screatal úghdaráis acht a bhaoth-mhachtnamh féin ag aon sgríbhneoir do chuireann fé na húghdair úd do bhréagnughadh. Chuaidh an Fianna i líonmhaireacht fá gach rígh ó Thuathal Teachtmhar i leith go rabhadar ró-bhorb fá Fionn mac Cumhaill, agus gur mheasadar fá mar do ghnídh an gárda Prétórach sa Róimh pé rí ba mhaith leo féin a bheith 'na Áird-Rígh ar an tír. D'éirigheadar i n-aghaidh an Áird-Ríogh Cairbre Lifeachair mac Chormaic mhic Airt ins an mbliadhain 297, agus bhí an bhruighean ba mhó bhí riamh i nÉirinn aca leis an Áird-Rígh i nGabhra cois na Teamhrach. Chabhruigh Fianna Chonnacht fá Gholl mac Mórna leis an Áird-Rígh i gcoinnibh na bhFiann eile fá Oscar mac Oisín agus rí borb do bhí ar an Mumhain an uair sin. Ba chosmhail le chéile i dtréineacht agus i n-eolas cogaidh na Fianna úd do bhí i gcoinnibh i nGabhra. Ba mhaith do mhúin Fionn mac Cumhaill a ngnó dhóibh, agus bhí a rian air, ba bheag des na buidheantaibh d'fhág machaire an áir. Is soth linn go raibh Oscar lionn-bhéimeannach agus na Fianna foirtil faobhracha ó'n Mumhain is ó Chúige Laighean i gcoinnibh a nÁird-Ríogh, mar i dteannta Oscar go bheith 'na ghaisgidheach ba thréine dá raibh i nÉirinn le n-a linn ní raibh laoch ba ghile croidhe 'ná é, agus is geal leis an bhfile a bhuillí troma i gcath agus fuabhairt a chlaidhimh thre pháirc a' bhualadh ag caitheamh fear dá sciath fá mar do chaitfeadh tonn mara cipíní dreoighte dá druim. Acht do thug Cairbre Lifeachair, an tÁird-Rí féin, aghaidh air, agus do chroitheadar an talamh glas ag comhrac le chéile ar nós dhá leomhan bhuile gur thuit Oscar nár leagadh riamh, agus do thuit Cairbre tréan leis, mar thug fear malluighthe éigin buille fealltach dó d'éis a chomhraic chruaidh le hOscar. Agus is truagh iad na Fianna do chosain Éire ar na Rómhánachaibh, sínte 'gá chéile 'na srathaibh ar árdánaibh Ghabhra, corp a nÁird-Ríogh gan cheann 'na measc agus dath an bháis ar cheannaighthe áluinn Oscair agus an fíor- bheagan dá bhuidhin do mhair ag iarraidh an anama do chongbháil ann ar feadh na hoidhche. Goileann na Gaedhil i ndiaidh na Féinne fós, mar tá cuimhne ar éachtaibh Oscair is Oisín, tá cuimhne is trácht ar Fhionn mac Cumhaill is Caoilte mac Rónáin, tá cuimhne ar Dhiarmaid Donn, an laoch do b'uaisle ar an bhFéinn, agus cuimhne ar a lán eile aca ná luadhmuid annso. Dá fheabhas iad ba thairbhighe a mbeatha do'n tír dá mbeidís umhal i gcomhnaidhe dá n-Áird-Rígh mar do b'é rí na Teamhrach cloch chúinne na hÉireann. AN tOCHTMHADH CEANN TEAMHAIR NA RÍGHTHE COGAIDH. Bhí Éire chomh cumhachtach soin i n-aimsir Chormaic mhic Airt go raibh a loingeas amuich thar sáile ar feadh trí mbliadhan. Cabhlach mhór do b'eadh an loingeas úd Chormaic fá mar adeir Tighearnach, agus ní raibh aon ghnó eile aici amuich acht amháin chum cabhruighthe leis na Gaedhealaibh i nAlbain chum briseadh ó dheas go Breatain ag scrios Rómhánach fá mar do ghnídís ó theacht na Rómhánach soin gur fhágadar an Bhreatain. Badh mhaith liom trácht thar Chormac féin (254-277 D.C.) ar a phearsain gan oilbhéim ar a mhórdhacht is ar a inntleacht, ar oll-mhaitheas na Teamhrach le n-a linn, acht amháin nách furusta cnuasach staire na hÉireann d'fhígheadh isteach i sgéal gheárr. Is le linn Chormaic do mhair Fionn, agus ní raibh an Fhiann 'na dhiaidh sin chomh humhal do Chormac Lifeachair mac Chormaic is do bhíodar do Chormac féin. Dá bhrígh sin do b'éigean de'n Áird-Rígh Cairbre an Fhiann do scaoileadh uaidh agus na buidheanta nách raibh umhal dó do scur as a arm. Do dhiúltuigheadar scaoileadh ná scaipeadh agus d'éirigheadar amach agus buaileadh Cath Ghabhra (297. D.C.). Do laguigh an t-easaontas soin an Teamhair ar feadh i bhfad agus Éire 'na theannta, mar bhí, fá mar adubhart cheana, stair na hÉireann fíghte le stair na Teamhrach, agus dá dtárlóchadh go laghdóchthaidhe úghdaras na Teamhrach agus urraim na ndaoine dhi, bhí Éire briste 'na codaibh. Acht níor bhaoghal do'n Teamhair fós, mar bhí urraim thar bárr ag Éirinn di. Má bhí cuid de na Fiannaibh i gcoinnibh an Áird-Ríogh níor ba le heasonóir do'n Teamhair é, acht amháin go mbeadh sé 'na gcumas Áird-Rí do chur sa cathaoir ríoghachta do thabharfadh cead a gcinn dóibh. Níor éirigh leo, agus bíodh a bhuidh- eachas ar Chonnachtaibh. Ní raibh aon chúige ins an tír sa tsean-shaoghal b'umhalaighe do rígh na Teamhrach 'ná Connachta, acht ní áirighim go raibh an iomad gráidh ag an Mumhain dó, gidh gur bh'é an fonn ba mhó bhí ar ríghthibh an cúige sin ó thúis 'ná suidheadh ar an gcathaoir ríoghachta sa Teamhair. Bhí an smuaineadh soin ag gach rígh bhí ar Chúige Mumhain ó Éibhear go dtí Briain Bóirimhe, agus ní thuigfear stair na Teamhrach ná na hÉireann acht chomh beag gan machtnamh air sin. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services