Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire

Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.

AN SEACHTMHADH CEANN
(Ar leanmhaint)



Tá an iomad scéalta breághdha i dtaoibh na bhFiann,
cuid aca go bhfuil cneas na fírinne ortha agus cuid nach
bhfuil, cuid aca do ceapadh ins na sean-aoisibh agus cuid


L. 5


le déidheannaighe, acht ní lugha liom bladhraigh asal 'ná
glór ndaoine áirithe adeir gan úghdarás nách raibh
Fionn ná a chuideachta ann i n-aon chor.



Scríobh duine éigin scéal ar Charl Magnus agus
dubhairt do raibh an rí sin deich troighthe fichead ar
aoirde, scríobhadh scéalta nách bhfuil fíor ar Mhurchadh
mac Bhriain is ar Alastar na nGréag, agus ní deir éinne
nách raibh siad so ann, acht is comhartha foghlama é,
mar dh'eadh, a rádh go mb'fhéidir nách raibh leithéid Fhinn
mhic Chumaill ar an saoghal i n-aon chor. Tá teis-
timéireacht úghdar Éireann ar Fhionn agus ní beag linn-
ne an méid sin, mar tá sé fíor agus ní fhuil screatal
úghdaráis acht a bhaoth-mhachtnamh féin ag aon sgríbhneoir
do chuireann fé na húghdair úd do bhréagnughadh.



Chuaidh an Fianna i líonmhaireacht fá gach rígh ó
Thuathal Teachtmhar i leith go rabhadar ró-bhorb fá Fionn
mac Cumhaill, agus gur mheasadar fá mar do ghnídh an
gárda Prétórach sa Róimh pé rí ba mhaith leo féin a
bheith 'na Áird-Rígh ar an tír. D'éirigheadar i n-aghaidh
an Áird-Ríogh Cairbre Lifeachair mac Chormaic mhic
Airt ins an mbliadhain 297, agus bhí an bhruighean ba mhó
bhí riamh i nÉirinn aca leis an Áird-Rígh i nGabhra cois
na Teamhrach.



Chabhruigh Fianna Chonnacht fá Gholl mac Mórna leis
an Áird-Rígh i gcoinnibh na bhFiann eile fá Oscar
mac Oisín agus rí borb do bhí ar an Mumhain an uair sin.



Ba chosmhail le chéile i dtréineacht agus i n-eolas
cogaidh na Fianna úd do bhí i gcoinnibh i nGabhra. Ba
mhaith do mhúin Fionn mac Cumhaill a ngnó dhóibh, agus bhí a
rian air, ba bheag des na buidheantaibh d'fhág machaire
an áir.



Is soth linn go raibh Oscar lionn-bhéimeannach agus na
Fianna foirtil faobhracha ó'n Mumhain is ó Chúige
Laighean i gcoinnibh a nÁird-Ríogh, mar i dteannta
Oscar go bheith 'na ghaisgidheach ba thréine dá raibh i
nÉirinn le n-a linn ní raibh laoch ba ghile croidhe 'ná é,
agus is geal leis an bhfile a bhuillí troma i gcath agus
fuabhairt a chlaidhimh thre pháirc a' bhualadh ag caitheamh
fear dá sciath fá mar do chaitfeadh tonn mara cipíní
dreoighte dá druim. Acht do thug Cairbre Lifeachair,
an tÁird-Rí féin, aghaidh air, agus do chroitheadar an
talamh glas ag comhrac le chéile ar nós dhá leomhan
bhuile gur thuit Oscar nár leagadh riamh, agus do thuit
Cairbre tréan leis, mar thug fear malluighthe éigin
buille fealltach dó d'éis a chomhraic chruaidh le hOscar.



Agus is truagh iad na Fianna do chosain Éire ar na
Rómhánachaibh, sínte 'gá chéile 'na srathaibh ar árdánaibh
Ghabhra, corp a nÁird-Ríogh gan cheann 'na measc agus
dath an bháis ar cheannaighthe áluinn Oscair agus an fíor-
bheagan dá bhuidhin do mhair ag iarraidh an anama do
chongbháil ann ar feadh na hoidhche.



Goileann na Gaedhil i ndiaidh na Féinne fós,
mar tá cuimhne ar éachtaibh Oscair is Oisín, tá
cuimhne is trácht ar Fhionn mac Cumhaill is Caoilte
mac Rónáin, tá cuimhne ar Dhiarmaid Donn, an laoch
do b'uaisle ar an bhFéinn, agus cuimhne ar a lán eile aca
ná luadhmuid annso. Dá fheabhas iad ba thairbhighe a
mbeatha do'n tír dá mbeidís umhal i gcomhnaidhe dá
n-Áird-Rígh mar do b'é rí na Teamhrach cloch chúinne
na hÉireann.



AN tOCHTMHADH CEANN



TEAMHAIR NA RÍGHTHE COGAIDH.



Bhí Éire chomh cumhachtach soin i n-aimsir Chormaic
mhic Airt go raibh a loingeas amuich thar sáile ar feadh
trí mbliadhan. Cabhlach mhór do b'eadh an loingeas
úd Chormaic fá mar adeir Tighearnach, agus ní raibh aon
ghnó eile aici amuich acht amháin chum cabhruighthe leis
na Gaedhealaibh i nAlbain chum briseadh ó dheas go
Breatain ag scrios Rómhánach fá mar do ghnídís ó
theacht na Rómhánach soin gur fhágadar an Bhreatain.



Badh mhaith liom trácht thar Chormac féin (254-277
D.C.) ar a phearsain gan oilbhéim ar a mhórdhacht is
ar a inntleacht, ar oll-mhaitheas na Teamhrach le n-a
linn, acht amháin nách furusta cnuasach staire na
hÉireann d'fhígheadh isteach i sgéal gheárr.



Is le linn Chormaic do mhair Fionn, agus ní raibh an
Fhiann 'na dhiaidh sin chomh humhal do Chormac Lifeachair
mac Chormaic is do bhíodar do Chormac féin. Dá
bhrígh sin do b'éigean de'n Áird-Rígh Cairbre an Fhiann
do scaoileadh uaidh agus na buidheanta nách raibh umhal dó
do scur as a arm. Do dhiúltuigheadar scaoileadh
ná scaipeadh agus d'éirigheadar amach agus buaileadh Cath
Ghabhra (297. D.C.).



Do laguigh an t-easaontas soin an Teamhair ar
feadh i bhfad agus Éire 'na theannta, mar bhí, fá mar
adubhart cheana, stair na hÉireann fíghte le stair na
Teamhrach, agus dá dtárlóchadh go laghdóchthaidhe úghdaras
na Teamhrach agus urraim na ndaoine dhi, bhí Éire briste
'na codaibh.



Acht níor bhaoghal do'n Teamhair fós, mar bhí urraim
thar bárr ag Éirinn di. Má bhí cuid de na Fiannaibh i
gcoinnibh an Áird-Ríogh níor ba le heasonóir do'n
Teamhair é, acht amháin go mbeadh sé 'na gcumas
Áird-Rí do chur sa cathaoir ríoghachta do thabharfadh
cead a gcinn dóibh. Níor éirigh leo, agus bíodh a bhuidh-
eachas ar Chonnachtaibh.



Ní raibh aon chúige ins an tír sa tsean-shaoghal
b'umhalaighe do rígh na Teamhrach 'ná Connachta, acht ní
áirighim go raibh an iomad gráidh ag an Mumhain dó,
gidh gur bh'é an fonn ba mhó bhí ar ríghthibh an cúige sin
ó thúis 'ná suidheadh ar an gcathaoir ríoghachta sa
Teamhair. Bhí an smuaineadh soin ag gach rígh bhí ar
Chúige Mumhain ó Éibhear go dtí Briain Bóirimhe, agus ní
thuigfear stair na Teamhrach ná na hÉireann acht chomh
beag gan machtnamh air sin.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services