Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mol an Óige
Title
Mol an Óige
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Eanair 14, 1905. Mol an Óige. 'Sé an príomh-rún atá ceaptha ag Connradh na Gaedhilge ná an teanga Ghaedhilge do chraobhsgaoileadh arís mar theanga labhartha ar fuid na hÉireann. Sin é a bhun ar a bharr, agus a bharr ar a leath-imeall againn. Cuirtear an Ghaedhilg dá labhairt ins na scoileannaibh agus beidh rith an ráis linn. 'Sé donas agus docamhlacht an scéil é, ámh, a liacht nidhthe atá gá gcur i gcoinnibh an Chonnartha; agus ní móide gur lugha dith-chlaonta ár mbúird oideachais chun na Gaedhilge, ná a neamh-chorrabhuaisighe mar atá a lán dár múinteoiríbh 'na taobh. Ní suarach le rádh a bhfuil de scoileannaibh agus de choláistíbh 'na bhfuil an Ghaedhilg dá múineadh, fé láthair. Tá roinnt mhaith dár múinteoiríbh ag saothrughadh go himnidheach ag iarraidh beodhacht agus canamhaint na teangan do leathanughadh agus do chur i dtuigsint dár n-aos óg, acht ní fhágann soin ná go bhfuil fuighleach mór díobh — agus b'fhéidir nach éan ró-locht ortha é — nach ion-mholta go léir an cuma 'na bhfuilid ag cur eolais ar an dteangain agus ag scaipeadh a heolais, imeasc na leanbhaí fá n-a gcúram. Is iongantach thar barr a righne mar fhanann againn an t-eolas a gheibhmíd i ré ár n-óige. Do réir mar cuirtear i n-umhail dúinn tábhacht an eolais sin, iseadh is mó bheidh sé 'na thaca choidhche ionainn, chun ár leasa. Dá mhéid agus dá thaithneamhaighe mar mealltar sinn, chun eolais d'fhághail ar éin-nídh, iseadh is cíocraighe a leanaimíd dá fhoghluim agus is sia dhúinn ag gabháil dó. Agus cá bhfuil an té shéanfadh ná go mb'fhuirist amhlaidh a dhéanamh le n-ár n-aos óg i dtaobh na Gaedhilge? 'Sí a dteanga féin í. 'Sí an teanga í 'na bhfaghaidh siad eolas ar gach nídh bhaineas le n-a dtír féin. Is aisti gheobhaidh siad eolas ar gach cnoc is gleann ar gach páirc is beann, agus ar gach lios is fotharach do thimcheall- uigheann iad. Cuirtear i n-umhail dóibh brígh agus beodhacht na Gaedhilge sa chuma so agus ní baoghal ná gurab aisteach thar barr a luighfidh siad ar a heolas d'fhágháil agus gur báidheamhla go mór a bhéidh siad ar a ndúthchas féin. “Mol an óige agus tiocfaidh sí.“
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services