Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mol an Óige

Title
Mol an Óige
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Eanair 14, 1905.



Mol an Óige.



'Sé an príomh-rún atá ceaptha ag
Connradh na Gaedhilge ná an teanga
Ghaedhilge do chraobhsgaoileadh arís
mar theanga labhartha ar fuid na
hÉireann. Sin é a bhun ar a bharr, agus
a bharr ar a leath-imeall againn.
Cuirtear an Ghaedhilg dá labhairt ins
na scoileannaibh agus beidh rith an ráis
linn. 'Sé donas agus docamhlacht an
scéil é, ámh, a liacht nidhthe atá gá
gcur i gcoinnibh an Chonnartha; agus ní
móide gur lugha dith-chlaonta ár
mbúird oideachais chun na Gaedhilge,
ná a neamh-chorrabhuaisighe mar atá a
lán dár múinteoiríbh 'na taobh.



Ní suarach le rádh a bhfuil de
scoileannaibh agus de choláistíbh 'na bhfuil
an Ghaedhilg dá múineadh, fé láthair.
Tá roinnt mhaith dár múinteoiríbh ag
saothrughadh go himnidheach ag iarraidh
beodhacht agus canamhaint na teangan do
leathanughadh agus do chur i dtuigsint
dár n-aos óg, acht ní fhágann soin ná
go bhfuil fuighleach mór díobh — agus
b'fhéidir nach éan ró-locht ortha é — nach
ion-mholta go léir an cuma 'na bhfuilid
ag cur eolais ar an dteangain agus ag
scaipeadh a heolais, imeasc na
leanbhaí fá n-a gcúram.



Is iongantach thar barr a righne mar
fhanann againn an t-eolas a gheibhmíd
i ré ár n-óige. Do réir mar cuirtear
i n-umhail dúinn tábhacht an eolais sin,
iseadh is mó bheidh sé 'na thaca choidhche
ionainn, chun ár leasa. Dá mhéid agus
dá thaithneamhaighe mar mealltar sinn,
chun eolais d'fhághail ar éin-nídh, iseadh
is cíocraighe a leanaimíd dá fhoghluim
agus is sia dhúinn ag gabháil dó.



Agus cá bhfuil an té shéanfadh ná go
mb'fhuirist amhlaidh a dhéanamh le n-ár
n-aos óg i dtaobh na Gaedhilge? 'Sí
a dteanga féin í. 'Sí an teanga í
'na bhfaghaidh siad eolas ar gach nídh
bhaineas le n-a dtír féin. Is aisti
gheobhaidh siad eolas ar gach cnoc is
gleann ar gach páirc is beann, agus ar
gach lios is fotharach do thimcheall-
uigheann iad.



Cuirtear i n-umhail dóibh brígh agus
beodhacht na Gaedhilge sa chuma so agus
ní baoghal ná gurab aisteach thar
barr a luighfidh siad ar a heolas
d'fhágháil agus gur báidheamhla go mór a
bhéidh siad ar a ndúthchas féin. “Mol
an óige agus tiocfaidh sí.“

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services