Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - An Seachtmhadh Ceann
Title
Éire - An Seachtmhadh Ceann
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN SEACHTMHADH CEANN Réim na Teamhrach. Measaim gur buaileadh cogadh na Tána ins an mbl. 74 d'éis Chríost, agus tar éis bháis an Áird-Ríogh Criomhthán nó Cairbre go raibh éileamh ag Conchubhar Mac Neasa ar an áird-ríoghacht acht nár leigeadh dó a shéilbh do ghabháil. 'Sé mo thuairim leis go raibh Éire gan Áird-Ríogh ó bhás Chriomhtháin gur cuireadh deireadh leis an gcogadh agus gur ghearr 'na dhiaidh súd gur éirigh na Tuathaigh amach agus mhilleadar na huaisle. Ní raibh Éire 'na suaimhneas gur fhill Tuathal Teachtmhar ins an mbl. '30 d'aois ár dTighearna. As soin i leith, ó aimsir Thuathail go dtí easgaine na Teamhrach — 'sé sin cheithre chéad agus dá fhichead bliadhain — bhí sé áird-ríghthe fichead ar Teamhair agus i measc an méid sin bhí ochtar ríogh nár riaghluigh a leithéidí Éire riamh ó shoin. Sid iad a n-ainmneacha: — Féidhlimidh Reachtmhar, Conn Céad-Chathach, Cormac Mac Airt, Cairbre Lifeachair, Criomhthain Mór, Niall Naoi-nGiallach, Dáithi, agus Diarmaid Mac Cearbhaill. Ar feadh trí chéad bliadhain de'n aimsir sin bhí na Rómhánaigh i mBreatain agus iad 'na gcumhacht ba threise dá bhfeacaidh an saoghal riamh. Bhí fios mhaith ag Áird- Ríghthibh na Teamhrach ar chumas is chumhacht na Rómhánach úd, acht mar sin féin ní áirighim go raibh aon eagla ortha rómpa mar ba mhinic do bhriseadar isteach ó Albain sa tuaiscirt ar na Rómhánachaibh sin. Bhí sé riachtanach ar na Rómhánachaibh sluaighte marcach is coisidhthe gléasta ármtha do chongbháil i gcomhnaidhe ar theorainn na Breataine thuaidh, agus 'na theannta soin claidhe mór leathan do dhéanmh san áit chéadna i gcomhair coisc do chur leis na Sean- Ghaedhealaibh, acht dá aindeoin sin níor ghabh bliadhain geall leis tharsa 'ná gur thug na Gaedhil sin iarracht fútha agus is minic do scriosadar iad. Do stiúruightí na foghtha úd ó'n dTeamhair agus dá dheascaibh sin bhí na Rómhánaigh gach re bliadhain ar tí thabhairt fá Éirinn agus í chur fá chois. Bhíodh sé mhíle fear suidhte i nOileán Mhóna ar aghaidh Bheinn Éadair anonn ó bhliadhain go bliadhain ag feitheamh le n-a thuilleadh cabhartha chum Éireann do ghabháil, acht bhí tír na Rómhánach ar fuaid an domhain ró-fhairsing le n-a cosaint agus ní raibh sé i gcumas na Rómhánach arm laidir a dhóthain do bhailiughadh le haghaidh Éireann do chur fá smacht. Bheadh faitchíos ortha tabhairt fúithi le hairm beag. Thuig na Rómhánaigh go maith cad iad na saghas fear cogaidh na sean-Ghaedhil úd. Fear as Éirinn, fá mar adeir na Rómhánaigh, do b'eadh an taoiseach úd go dtugaidh siad Galgácus air do chomhraic i n-aghaidh Agricola san Albain. Deir Gibbon 'na stair gur bh'é Fionn Mac Cumhaill é, acht is dóich liom-sa gur bh'é Conall Cearnach é, mar ní rugadh Fionn go ceann breis is céad bliadhain 'na dhiaidh súd, agus áirigheann an tsean-stair go mbíodh Conall Cearnach go minic thar lear ag troid. Cuireadh Fianna Éireann i n-eagar mar aithris ar shaighdiúiríbh an Rómhánach. Coisidhthe do b'eadh iad, mar cuireadh i leath-taoibh na carbaid cogaidh ba ghnáthach i n-aimsir churaidhe na Craoibhe Ruaidhe. Ní cuireadh na Fianna leis ar bun dúin mhóra mar do bhíodh ag taoiseachaibh na Craoibhe Ruaidhe agus ní raibh díog ná claidhe mar chosaint ar aon longphort do bhí aca, mar bhí a ndóthain de dhaingean sa chlaidheamh. Ba cosmhail iad le Spartanachaibh cruadha na sean- Ghréige. Tháinig fear ar cuairt aon uair amháin chum ríogh na Srastan agus bhí iongnadh a chroidhe air ná feacaidh sé daingin mhóra de bhrícíbh curtha suas sa tír sin, agus d'fhiafruigh sé de'n rígh cad 'na thaobh. Shéid an rí, mar fhreagra, an barrabuadh ar maidin agus fá cheann uaire an chluig bhí na Spartanaigh 'na ndrongaibh gléasta i n-eagar catha ar an bhfaithche os comhair an ríogh. “Féach uait ortha,” ars' an rí, “bríce nó cloch- dhaingin is eadh gach fear aca.” Do thabharfadh rí na Teamhrach an freagra ceádna uaidh, mar do b'iad an Fhiann scoth phobail na hÉireann, an math-shluagh fear n-arm do b'fhearr do bhí riamh sa tír. Fir thoghtha do b'eadh iad agus ba ró-dheacair d'éin- fhear na coinghill do choimhlíonadh i gcleasaibh lúith agus i bhfoghluim do chuirtí air sul a bhfuighbheadh sé cead dul sa bhFéinn. (Leanfar de seo). Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services