Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - An Seachtmhadh Ceann

Title
Éire - An Seachtmhadh Ceann
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN SEACHTMHADH CEANN



Réim na Teamhrach.



Measaim gur buaileadh cogadh na Tána ins an
mbl. 74 d'éis Chríost, agus tar éis bháis an Áird-Ríogh
Criomhthán nó Cairbre go raibh éileamh ag Conchubhar
Mac Neasa ar an áird-ríoghacht acht nár leigeadh dó
a shéilbh do ghabháil.



'Sé mo thuairim leis go raibh Éire gan Áird-Ríogh ó
bhás Chriomhtháin gur cuireadh deireadh leis an gcogadh
agus gur ghearr 'na dhiaidh súd gur éirigh na Tuathaigh
amach agus mhilleadar na huaisle. Ní raibh Éire 'na
suaimhneas gur fhill Tuathal Teachtmhar ins an mbl.
'30 d'aois ár dTighearna.



As soin i leith, ó aimsir Thuathail go dtí easgaine na
Teamhrach — 'sé sin cheithre chéad agus dá fhichead bliadhain
— bhí sé áird-ríghthe fichead ar Teamhair agus i measc an
méid sin bhí ochtar ríogh nár riaghluigh a leithéidí Éire
riamh ó shoin. Sid iad a n-ainmneacha: —



Féidhlimidh Reachtmhar,
Conn Céad-Chathach,
Cormac Mac Airt,
Cairbre Lifeachair,
Criomhthain Mór,
Niall Naoi-nGiallach,
Dáithi,



agus



Diarmaid Mac Cearbhaill.



Ar feadh trí chéad bliadhain de'n aimsir sin bhí na
Rómhánaigh i mBreatain agus iad 'na gcumhacht ba threise
dá bhfeacaidh an saoghal riamh. Bhí fios mhaith ag Áird-
Ríghthibh na Teamhrach ar chumas is chumhacht na Rómhánach
úd, acht mar sin féin ní áirighim go raibh aon eagla
ortha rómpa mar ba mhinic do bhriseadar isteach ó
Albain sa tuaiscirt ar na Rómhánachaibh sin.



Bhí sé riachtanach ar na Rómhánachaibh sluaighte
marcach is coisidhthe gléasta ármtha do chongbháil i
gcomhnaidhe ar theorainn na Breataine thuaidh, agus 'na
theannta soin claidhe mór leathan do dhéanmh san
áit chéadna i gcomhair coisc do chur leis na Sean-
Ghaedhealaibh, acht dá aindeoin sin níor ghabh bliadhain
geall leis tharsa 'ná gur thug na Gaedhil sin iarracht
fútha agus is minic do scriosadar iad.



Do stiúruightí na foghtha úd ó'n dTeamhair agus dá
dheascaibh sin bhí na Rómhánaigh gach re bliadhain ar tí
thabhairt fá Éirinn agus í chur fá chois. Bhíodh sé mhíle
fear suidhte i nOileán Mhóna ar aghaidh Bheinn Éadair
anonn ó bhliadhain go bliadhain ag feitheamh le n-a
thuilleadh cabhartha chum Éireann do ghabháil, acht bhí tír
na Rómhánach ar fuaid an domhain ró-fhairsing le n-a
cosaint agus ní raibh sé i gcumas na Rómhánach arm laidir
a dhóthain do bhailiughadh le haghaidh Éireann do chur fá
smacht. Bheadh faitchíos ortha tabhairt fúithi le hairm
beag. Thuig na Rómhánaigh go maith cad iad na saghas
fear cogaidh na sean-Ghaedhil úd. Fear as Éirinn, fá
mar adeir na Rómhánaigh, do b'eadh an taoiseach úd
go dtugaidh siad Galgácus air do chomhraic i n-aghaidh
Agricola san Albain. Deir Gibbon 'na stair gur bh'é
Fionn Mac Cumhaill é, acht is dóich liom-sa gur bh'é
Conall Cearnach é, mar ní rugadh Fionn go ceann
breis is céad bliadhain 'na dhiaidh súd, agus áirigheann an
tsean-stair go mbíodh Conall Cearnach go minic thar
lear ag troid.



Cuireadh Fianna Éireann i n-eagar mar aithris ar
shaighdiúiríbh an Rómhánach. Coisidhthe do b'eadh iad,
mar cuireadh i leath-taoibh na carbaid cogaidh ba
ghnáthach i n-aimsir churaidhe na Craoibhe Ruaidhe. Ní
cuireadh na Fianna leis ar bun dúin mhóra mar do
bhíodh ag taoiseachaibh na Craoibhe Ruaidhe agus ní raibh
díog ná claidhe mar chosaint ar aon longphort do bhí
aca, mar bhí a ndóthain de dhaingean sa chlaidheamh.
Ba cosmhail iad le Spartanachaibh cruadha na sean-
Ghréige. Tháinig fear ar cuairt aon uair amháin chum
ríogh na Srastan agus bhí iongnadh a chroidhe air ná feacaidh
sé daingin mhóra de bhrícíbh curtha suas sa tír sin,
agus d'fhiafruigh sé de'n rígh cad 'na thaobh. Shéid an rí,
mar fhreagra, an barrabuadh ar maidin agus fá cheann
uaire an chluig bhí na Spartanaigh 'na ndrongaibh
gléasta i n-eagar catha ar an bhfaithche os comhair an
ríogh. “Féach uait ortha,” ars' an rí, “bríce nó cloch-
dhaingin is eadh gach fear aca.”



Do thabharfadh rí na Teamhrach an freagra ceádna
uaidh, mar do b'iad an Fhiann scoth phobail na hÉireann,
an math-shluagh fear n-arm do b'fhearr do bhí riamh sa
tír. Fir thoghtha do b'eadh iad agus ba ró-dheacair d'éin-
fhear na coinghill do choimhlíonadh i gcleasaibh lúith agus i
bhfoghluim do chuirtí air sul a bhfuighbheadh sé cead dul
sa bhFéinn.



(Leanfar de seo).



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services