Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAirgead
Title
An tAirgead
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Eanair 7, 1905. AN tAIRGEAD I gcaitheamh na Bliadhna Nua is éigin dúinn troid gan staonadh chun na ceiste seo an Árd-Oideachais a thabhairt go maith chun cinn i ndálaibh na tíre. Dá méid cainnte atá déanta 'ná thaobh go dtí so, féach gur beag toradh atá air. Níl éan-chór a mhuinntir na tuaithe. Ní thuigid bunadhas ná brígh an scéil, nídh nach locht ortha. 'Na theannta soin, is beag an chabhair buidhean áirithe bheith ag briseadh a gcroidhthe ag iarraidh an scéil a thabhairt chun críche agus, san am gcéadna, an neamh-shuim go smior ins an bpobal gcoitcheanta. Dá mbeadh oighre ar Sheicéiní na hUngáire ar fágháil i n-ár measc-ne annso i nÉirinn, fear do chabhróchadh linn chun Iol-Scoil Náisiúnta a thógáil, an dóigh le héinne go raghadh a leithéid chun cinn gan toil na ndaoine féin? Cuirimís i gcás go raibh scoil de'n tsórd so déanta againn cheana féin, scoil a thaithneochadh linn ar gach cuma, cionnus do b'fhéidir linn í a chothughadh? Cosnuigheann scoil de'n tsórd so a lán airgid. Cá bhfuighfear an t-airgead soin? Ní baoghal go bhfuighfear ó Riaghaltas Shasana é. Ní leagfaidh-san sraith ar an dtír seo d'fhonn Iol-Sgoil Náisiúnta a chothughadh dhúinne, go háirithe an uair ná beadh focal aca féin i stiúradh an scoile. Is deallrathach go gcaithfeam féin sraith a leagadh ar chuma éigin chun an oiread airgid a bhailiughadh is do choiméadfaidh ár nIol-Scoil Náisiúnta ar siubhal ó bhliadhain go blaidhain. Seadh. Cionnus do b'fhéidir a leithéid a dhéanamh? Ní bheadh éin-bhreith ar go bhféadfadh Connradh na Gaedhilge ná lucht éan-chumainn eile é dhéanamh. Ní bhéidís láidir a ndóthain chuige. Sidí an uair gur mhaith linn toil na ndaoine féin a bheith linn. Níor bh'fhéidir dúinne sraith a leagadh ar dhaoinibh dá n-aindeoin. Agus ní bheidh na daoine féin toiltheanach go dtí go dtuigfidh brígh an scéil is a gábhtaraighe atáimíd agus an méid atáimíd chun deiridh i gcomórtas le cinidheachaibh eile d'easbhaidh árd- oideachais náisiúnta. Nuair a thuig- fear an scéal 'na cheart coitcheanta ní dócha go gcuirfear i gcoinnibh an leighis. Badh dhóigh linne go bhféadfadh ár gCoistí Conntae an oiread airgid a sholáthar gach bliadhain is do choing- eochadh ár nIol-Scoil Náisiúnta-ne ar siubhal. Dá mbeidís go léir ar éin- intinn, féach cia chuirfeadh 'na gcoinnibh. Is beag an mhaith sinn, muna bhféadfainn Iol-Scoil a thógáil dúinn féin, ar chuma go mbeidh a riar fúinn féin. 'Na dhiaidh sin ní chaillfear ar mhuinntir na hÉireann í chothughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services