Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAirgead

Title
An tAirgead
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Eanair 7, 1905.



AN tAIRGEAD



I gcaitheamh na Bliadhna Nua is
éigin dúinn troid gan staonadh chun
na ceiste seo an Árd-Oideachais a
thabhairt go maith chun cinn i ndálaibh
na tíre. Dá méid cainnte atá
déanta 'ná thaobh go dtí so, féach gur
beag toradh atá air. Níl éan-chór a
mhuinntir na tuaithe. Ní thuigid
bunadhas ná brígh an scéil, nídh nach
locht ortha. 'Na theannta soin, is
beag an chabhair buidhean áirithe bheith
ag briseadh a gcroidhthe ag iarraidh an
scéil a thabhairt chun críche agus, san am
gcéadna, an neamh-shuim go smior ins
an bpobal gcoitcheanta. Dá mbeadh
oighre ar Sheicéiní na hUngáire ar
fágháil i n-ár measc-ne annso i
nÉirinn, fear do chabhróchadh linn chun
Iol-Scoil Náisiúnta a thógáil, an dóigh
le héinne go raghadh a leithéid chun
cinn gan toil na ndaoine féin?



Cuirimís i gcás go raibh scoil de'n
tsórd so déanta againn cheana féin,
scoil a thaithneochadh linn ar gach cuma,
cionnus do b'fhéidir linn í a chothughadh?
Cosnuigheann scoil de'n tsórd so a
lán airgid. Cá bhfuighfear an
t-airgead soin? Ní baoghal go
bhfuighfear ó Riaghaltas Shasana é. Ní
leagfaidh-san sraith ar an dtír seo
d'fhonn Iol-Sgoil Náisiúnta a chothughadh
dhúinne, go háirithe an uair ná beadh
focal aca féin i stiúradh an scoile.



Is deallrathach go gcaithfeam féin
sraith a leagadh ar chuma éigin chun an
oiread airgid a bhailiughadh is do
choiméadfaidh ár nIol-Scoil Náisiúnta
ar siubhal ó bhliadhain go blaidhain.
Seadh. Cionnus do b'fhéidir a leithéid
a dhéanamh? Ní bheadh éin-bhreith ar go
bhféadfadh Connradh na Gaedhilge ná
lucht éan-chumainn eile é dhéanamh.
Ní bhéidís láidir a ndóthain chuige.



Sidí an uair gur mhaith linn toil na
ndaoine féin a bheith linn. Níor
bh'fhéidir dúinne sraith a leagadh ar
dhaoinibh dá n-aindeoin. Agus ní
bheidh na daoine féin toiltheanach go
dtí go dtuigfidh brígh an scéil is a
gábhtaraighe atáimíd agus an méid
atáimíd chun deiridh i gcomórtas le
cinidheachaibh eile d'easbhaidh árd-
oideachais náisiúnta. Nuair a thuig-
fear an scéal 'na cheart coitcheanta
ní dócha go gcuirfear i gcoinnibh an
leighis.



Badh dhóigh linne go bhféadfadh ár
gCoistí Conntae an oiread airgid a
sholáthar gach bliadhain is do choing-
eochadh ár nIol-Scoil Náisiúnta-ne ar
siubhal. Dá mbeidís go léir ar éin-
intinn, féach cia chuirfeadh 'na
gcoinnibh.



Is beag an mhaith sinn, muna
bhféadfainn Iol-Scoil a thógáil dúinn
féin, ar chuma go mbeidh a riar fúinn
féin. 'Na dhiaidh sin ní chaillfear ar
mhuinntir na hÉireann í chothughadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services