Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann agus Oideachas
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann agus Oideachas
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Léigheann agus Oideachas. “Biadh nú Troid” Na daoine a labhrann le hughdarás ar cheist an léighinn, deir siad ná fuil de dhul ag Clannaibh Gaedheal ar a ngreim do choimeád feasta ar thalamh na hÉireann acht cóir léighinn a chur ortha féin chomh maith is tá ar aon chineadh eile san Eoraip. Is baoghalach gur fada go mbeidh na sgoláiridhe chomh hinntleach againn, ná na coláisdí chomh deagh-chóirighe againn is táid i nduthaighibh eile. Acht níl dá luaithe a cuirfear chum na hoibre nách amhlaidh is fearr é. Trí aicme atá 'nár gcoinnibh ag coimeád na léighinn uainn. Tá, ar dtúis, Riaghaltas Shasana, go bhfuil sé ceangailte ortha, de réir reachta an domhain, comaraighe dlighe agus cóir léighinn a thabhairt dúinn, fé mar a ghlacann siad ár gcuid airgid. Tá annsoin na robálaithe seo i nÉirinn a ghabh seilbh ins na machairíbh míne a d'fhág ár sinnear againn-ne, chum cóir léighinn a chur orainn. Tá na machairidhe míne sin curtha ar chíos acu súd, agus tá an cíos ghá gcoimeád go ramhar agus go díomhaoin i gColáisde na Tríonóide. Tá, arís, lucht cleasuidh- eachta, nú lucht comharthaí sóirt is dócha gur b'eadh iad, agus dar leat ortha soin ná fuil ag teacht idir iad agus Dia acht aon bhaint a bheith ag sagart ná ag bráthair le haon sgoil dá laighead i nÉirinn. Tá súil agam, pé ar domhan sgéal é, ná feicfear go deo coláisde gan cliar againn, dá mbeadh gan aon chúis eile acht mar olc ar na cleas- uidhthíbh seo. Chídhtear as so go bhfuilimíd cheana féin, ag díol dhá uair as an árd- léigheann ná fuil againn. Táimíd ag díol as, agus dá ndéarfainn ag díol sa dúbailt as, le Riaghaltas Shasana; agus an saidhbhreas a fágadh againn le huadhacht i gcóir an léighinn, tá sé mar bhronntanas ag Coláiste na Tríonóide. Ní aontuighim ar fad leis na daoine adeir ná fuil de sheift againn acht costas árd-sgoile a chur orainn féin an tríomhadh huair. Ar an gcéad dul síos, níor mhaith an teasbánadh le tabhairt d'ár gcloinn é, a rádh go leigfimís ár gceart i n-aisge le haon dream acu. Farais sin, dá gcuirimís suas chomh mín sin leis an dá éagcóir atá dá dhéanamh orainn, ba mhór an misneach ar lucht fill é chum tabhairt fúinn an tríomhadh huair. Níl aoinne is lugha baoghal ó dhroch- chomharsain ná an té a leigfidh a chuid ná a cheart uaidh gan fhios cad ar a shon. Tá ár gceart féin sa léigheann dá cheilt orainn os comhair ár súl, agus ní fhéadfaimíd ár ngnó a dhéanamh in' éaghmuis acht an oiread is d'fhéadfadh fear ocrais déanamh gan biadh. Ní samhluighim go bhfuil le rádh againn insa chás so acht mar adubhairt an chailleach le Mac Ríogh Éireann, “biadh nú troid.” Sé mo thuairim féin ná leigfeadh corp náire do'n Riaghaltas gan Árd- Sgoil a thabhairt dúinn dá bhfeicidís fonn troda orainn, nú dá gcuirimís cochal orainn féin chúcha. Táim ghá cheapadh amháin, go mb'fhéidir go gcuir- fidís chuige an bhliadhain seo atá againn, má leanamíd ar an bhfothrom atá dá dhéanamh againn. Ní raibh an fothrom ceart dá dhéanamh go dtí so. Feargus Finnbhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services