Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann agus Oideachas

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann agus Oideachas
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Léigheann agus Oideachas.



“Biadh nú Troid”



Na daoine a labhrann le hughdarás
ar cheist an léighinn, deir siad ná fuil
de dhul ag Clannaibh Gaedheal ar a
ngreim do choimeád feasta ar thalamh
na hÉireann acht cóir léighinn a chur
ortha féin chomh maith is tá ar aon
chineadh eile san Eoraip. Is baoghalach
gur fada go mbeidh na sgoláiridhe
chomh hinntleach againn, ná na coláisdí
chomh deagh-chóirighe againn is táid i
nduthaighibh eile. Acht níl dá luaithe a
cuirfear chum na hoibre nách amhlaidh
is fearr é.



Trí aicme atá 'nár gcoinnibh ag
coimeád na léighinn uainn. Tá, ar
dtúis, Riaghaltas Shasana, go bhfuil sé
ceangailte ortha, de réir reachta an
domhain, comaraighe dlighe agus cóir
léighinn a thabhairt dúinn, fé mar a
ghlacann siad ár gcuid airgid. Tá
annsoin na robálaithe seo i nÉirinn a
ghabh seilbh ins na machairíbh míne a
d'fhág ár sinnear againn-ne, chum
cóir léighinn a chur orainn. Tá na
machairidhe míne sin curtha ar chíos acu
súd, agus tá an cíos ghá gcoimeád go
ramhar agus go díomhaoin i gColáisde na
Tríonóide. Tá, arís, lucht cleasuidh-
eachta, nú lucht comharthaí sóirt is
dócha gur b'eadh iad, agus dar leat ortha
soin ná fuil ag teacht idir iad agus Dia
acht aon bhaint a bheith ag sagart ná ag
bráthair le haon sgoil dá laighead i
nÉirinn. Tá súil agam, pé ar domhan
sgéal é, ná feicfear go deo coláisde
gan cliar againn, dá mbeadh gan aon
chúis eile acht mar olc ar na cleas-
uidhthíbh seo.



Chídhtear as so go bhfuilimíd cheana
féin, ag díol dhá uair as an árd-
léigheann ná fuil againn. Táimíd ag
díol as, agus dá ndéarfainn ag díol sa
dúbailt as, le Riaghaltas Shasana; agus
an saidhbhreas a fágadh againn le
huadhacht i gcóir an léighinn, tá sé mar
bhronntanas ag Coláiste na Tríonóide.
Ní aontuighim ar fad leis na daoine
adeir ná fuil de sheift againn acht
costas árd-sgoile a chur orainn féin
an tríomhadh huair. Ar an gcéad dul
síos, níor mhaith an teasbánadh le
tabhairt d'ár gcloinn é, a rádh go
leigfimís ár gceart i n-aisge le
haon dream acu. Farais sin, dá
gcuirimís suas chomh mín sin leis an
dá éagcóir atá dá dhéanamh orainn,
ba mhór an misneach ar lucht fill é
chum tabhairt fúinn an tríomhadh huair.
Níl aoinne is lugha baoghal ó dhroch-
chomharsain ná an té a leigfidh a chuid
ná a cheart uaidh gan fhios cad ar a
shon. Tá ár gceart féin sa léigheann
dá cheilt orainn os comhair ár súl, agus
ní fhéadfaimíd ár ngnó a dhéanamh in'
éaghmuis acht an oiread is d'fhéadfadh
fear ocrais déanamh gan biadh. Ní
samhluighim go bhfuil le rádh againn
insa chás so acht mar adubhairt an
chailleach le Mac Ríogh Éireann, “biadh
nú troid.”



Sé mo thuairim féin ná leigfeadh
corp náire do'n Riaghaltas gan Árd-
Sgoil a thabhairt dúinn dá bhfeicidís
fonn troda orainn, nú dá gcuirimís
cochal orainn féin chúcha. Táim ghá
cheapadh amháin, go mb'fhéidir go gcuir-
fidís chuige an bhliadhain seo atá
againn, má leanamíd ar an bhfothrom
atá dá dhéanamh againn. Ní raibh an
fothrom ceart dá dhéanamh go dtí so.



Feargus Finnbhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services