Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár Seicéiní-ne
Title
Ár Seicéiní-ne
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí na Nodlag 31, 1904 Ár Seicéiní-ne Caithfeam Árd-Oideachas a sholáthar as ár stuaim féin; tá soin deimhni- theach ar éan-chuma. Ná bimís ag braith ar Riaghaltas Shasana ná ar éinne eile, mar níl toradh an mhadraidh aca orainn. Ní chorróchaidís cos orainn dá mbeimís ag liuighridh is ag athchungidhe ortha go Lá an Luain. Cionnus is féidir dúinne, dá réir sin, an obair riachtanach so a chur ar siubhal? Is é an chéad rud do chaith- fear a dhéanamh ná nÁrd-Scoil a chur ar bun. Is é tosach na hoibre é. Dá mbeadh ár nÁrd-Scoil déanta againn, bheadh tosach maith againn air, & mar adeir an sean-fhocal, “tosach maith leath na hoibre.” Tá sompla maith againn air seo i stair na hUngáire. Theastuigh ó sna hUngáireachaibh Árd-Scoil ealadhan a chur ar bun. Ní dhéanfadh an Riaghal- tas iasachta ortha é. Seoiníní do b'eadh uaisle na hUngáire. Bhí sé ag teipeadh ortha an scéal a chur chun críche. Bhí duine d'uaisle na hUng- áire ag éisteacht leis an gcainnt go léir. Fear maith do b'eadh é & fear macánta. Seicéiní do b'ainm dó. D'éirigh sé 'na sheasamh i dTigh na Feise & dubhairt: “Duine d'bhur n-uaisle is eadh mise,” ar seisean. “Bronnfad oraibh teacht isteach bliadhna ó'm eastát chun Árd-Scoil ealadhan a chur ar bun.” B'in é a thosach. Bhí céad go leath míle flóirín bailighthe aca gan mhoill. Tá sé ag teipeadh orainne dá mhéid ár bhfothrom is ár ngleo, Árd-Scoil a chur ar bun. Sinne, muinntir na hÉireann, go raibh cáil an léighinn orainn riamh i measc cineadh Iarthair na hEorpa, tá sé le h-innsint orainn ná fuil an oiread meas againn ar léigheann ná ar fhoghluim is a ghríosóchadh sinn chun Árd-Scoil a chur ar bun dúinn féin! Acht ní féidir a chreideamhaint gur mar sin atá an scéal. Is amhlaidh ná tuigimíd i gceart caidé an buntáiste dhúinn a leithéid de Scoil. Dá mbeadh duine de shaghas Seicéiní orainn, a thaispeánfadh an deagh-shompla dhúinn, níl éin-mhearathal orainn ná gur gearr go mbeadh an obair ar siubhal go buacach. Bhfuil a leithéid ann?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services