An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí na Nodlag 31, 1904
Ár Seicéiní-ne
Caithfeam Árd-Oideachas a sholáthar
as ár stuaim féin; tá soin deimhni-
theach ar éan-chuma. Ná bimís ag
braith ar Riaghaltas Shasana ná ar
éinne eile, mar níl toradh an mhadraidh
aca orainn. Ní chorróchaidís cos
orainn dá mbeimís ag liuighridh is ag
athchungidhe ortha go Lá an Luain.
Cionnus is féidir dúinne, dá réir
sin, an obair riachtanach so a chur ar
siubhal? Is é an chéad rud do chaith-
fear a dhéanamh ná nÁrd-Scoil a chur
ar bun. Is é tosach na hoibre é. Dá
mbeadh ár nÁrd-Scoil déanta againn,
bheadh tosach maith againn air, & mar
adeir an sean-fhocal, “tosach maith
leath na hoibre.”
Tá sompla maith againn air seo i
stair na hUngáire. Theastuigh ó sna
hUngáireachaibh Árd-Scoil ealadhan a
chur ar bun. Ní dhéanfadh an Riaghal-
tas iasachta ortha é. Seoiníní do
b'eadh uaisle na hUngáire. Bhí sé ag
teipeadh ortha an scéal a chur chun
críche. Bhí duine d'uaisle na hUng-
áire ag éisteacht leis an gcainnt go
léir. Fear maith do b'eadh é & fear
macánta. Seicéiní do b'ainm dó.
D'éirigh sé 'na sheasamh i dTigh na Feise
& dubhairt: “Duine d'bhur n-uaisle is
eadh mise,” ar seisean. “Bronnfad
oraibh teacht isteach bliadhna ó'm
eastát chun Árd-Scoil ealadhan a chur
ar bun.” B'in é a thosach. Bhí céad
go leath míle flóirín bailighthe aca
gan mhoill.
Tá sé ag teipeadh orainne dá mhéid
ár bhfothrom is ár ngleo, Árd-Scoil a
chur ar bun. Sinne, muinntir na
hÉireann, go raibh cáil an léighinn
orainn riamh i measc cineadh Iarthair
na hEorpa, tá sé le h-innsint orainn
ná fuil an oiread meas againn ar
léigheann ná ar fhoghluim is a
ghríosóchadh sinn chun Árd-Scoil a chur
ar bun dúinn féin!
Acht ní féidir a chreideamhaint gur
mar sin atá an scéal. Is amhlaidh ná
tuigimíd i gceart caidé an buntáiste
dhúinn a leithéid de Scoil. Dá mbeadh
duine de shaghas Seicéiní orainn, a
thaispeánfadh an deagh-shompla dhúinn,
níl éin-mhearathal orainn ná gur gearr
go mbeadh an obair ar siubhal go
buacach. Bhfuil a leithéid ann?