Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Nodlag
Title
An Nodlag
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí na Nodlag 24, 1904 AN NODLAG Beannachta na Nodlag chugaibh, a Ghaedheala! Fadhb na Ceiste Tá rud eile deimhnitheach i dtaobh na ceiste seo Árd-Oideachais; rud gur cheart dúinn gan é dhearmhad; rud nach fuláir é choimeád os ár gcomhair i gcomhnaidhe. Is é rud é sin acht ná fuighmíd choidhche ó Riaghal- tas Shasana an tÁrd-Oideachas a theastuigheann uainn, dá fheabhas nó dá mhéid fothrom a dhéanfam mar gheall air. Ní bhfuaramair riamh nídh ó Shasana nár chaitheamair díol go maith as & dá chomhartha soin féin tá breis thar ar gcion dá dhíol againn fá láthair. Admhuigheann gach éinne soin. Dá mbadh rud é go ndéanfadh muinntir Shasana a n-aigne suas ar Iol-Scoil a chur ar bun dúinn ar maidin, sa chéad dul síos ní bhfuighmís iomlán a mbéadh uainn. Bheadh tarr- aint siar annso is annsúd ann, chun a chur i n-umhal dúinn, mar 'dh eadh, go raibh an smacht orainn fós. 'Na dhiaidh sin do mhéadóghfaidhe ar chánughadh na tíre chuige ar shon go bhfuil an bhreis dá dhíol againn cheana féin. Machtnuighmís air sin & annsoin tugaimís chun cuimhne an chomhairle a gheibhmíd go minic ó dhaoinibh áirithe. Deirthear linn gur cheart mór-thionóla a chur ar bun ar fuid Éireann & rúin chomhairle a chur i bhfeidhm ortha ghá impidhe ar Riaghaltas Shasana trócaire a dhéanamh orainn is Iol-Scoil Árd- Oideachais a chur ar bun dúinn. Agus ní hé sin amháin acht deirtear linn leanamhaint de na mór-thionólaibh is de na rúnaibh comhairle go dtí go mbogfaid croidhe Shasana. Tá eagla orainn go bhfuil an miotal ró-chruaidh san mball úd. Do bheimís á lascadh go lá Philib an Chleite le rúnaibh comh- airle is ní bhogfaimís é. Acht cuir- imís i bhfuirnéis ar feadh scaithimh é, & feiceam caidé mar a bhogfaidh sé. Ar airigh éinne riamh a leithéid de leamh-chomhairle? Seadh go deimhin, bheith ag braith ar go bhféadfaimís an ball cuirptheach úd a bhogadh le n-ár n-impidhe leanbaidhe, nó bheith ag cuimhneamh air go bhfuigheadh an tró- caire seilbh ann choidhche, rud ná raibh ann riamh. Ní dhéanfaidh sé sin an gnó i n-éan- chor, a cháirde. Táimíd tinn tnáithte ó bheith ag impidhe is ag aontughadh le rúnaibh comhairle. Ní beag linn a fhaid atá maol na scine ar taithighe againn. Iompuightear an faobhar feasta is feiceam cad a bheidh dhá bharr againn. Cuirimís an cheist chughainn féin, ciaca a b'fhearra dhúinn Iol-Scoil ná taithnfeadh ar fad linn dá cur ar bun is dá cothughadh ag Riaghaltas Shasana, le hairgead do bhaileoghfaidhe i nÉirinn, nó Iol-Scoil do thaithnfeadh linn dá cur ar bun is dá cothughadh againn féin le n-ár n-airgead féin. Sin í fadhb na ceiste, & dar linne níl air acht éin-réidhteach amháin. Téidheadh an té seo thall i n-ainm an té seo thíos, beidh ár gcuid is ár dtoil againn i n-aindeoin an tsaoghail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services