Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Nodlag

Title
An Nodlag
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí na Nodlag 24, 1904



AN NODLAG



Beannachta na Nodlag
chugaibh, a Ghaedheala!



Fadhb na Ceiste



Tá rud eile deimhnitheach i dtaobh
na ceiste seo Árd-Oideachais; rud
gur cheart dúinn gan é dhearmhad;
rud nach fuláir é choimeád os ár
gcomhair i gcomhnaidhe. Is é rud é
sin acht ná fuighmíd choidhche ó Riaghal-
tas Shasana an tÁrd-Oideachas a
theastuigheann uainn, dá fheabhas nó
dá mhéid fothrom a dhéanfam mar
gheall air. Ní bhfuaramair riamh nídh
ó Shasana nár chaitheamair díol go
maith as & dá chomhartha soin féin tá
breis thar ar gcion dá dhíol againn
fá láthair. Admhuigheann gach éinne
soin. Dá mbadh rud é go ndéanfadh
muinntir Shasana a n-aigne suas ar
Iol-Scoil a chur ar bun dúinn ar
maidin, sa chéad dul síos ní bhfuighmís
iomlán a mbéadh uainn. Bheadh tarr-
aint siar annso is annsúd ann, chun a
chur i n-umhal dúinn, mar 'dh eadh, go
raibh an smacht orainn fós. 'Na
dhiaidh sin do mhéadóghfaidhe ar chánughadh
na tíre chuige ar shon go bhfuil an
bhreis dá dhíol againn cheana féin.



Machtnuighmís air sin & annsoin
tugaimís chun cuimhne an chomhairle a
gheibhmíd go minic ó dhaoinibh áirithe.
Deirthear linn gur cheart mór-thionóla
a chur ar bun ar fuid Éireann & rúin
chomhairle a chur i bhfeidhm ortha ghá
impidhe ar Riaghaltas Shasana trócaire
a dhéanamh orainn is Iol-Scoil Árd-
Oideachais a chur ar bun dúinn. Agus
ní hé sin amháin acht deirtear linn
leanamhaint de na mór-thionólaibh is
de na rúnaibh comhairle go dtí go
mbogfaid croidhe Shasana. Tá eagla
orainn go bhfuil an miotal ró-chruaidh
san mball úd. Do bheimís á lascadh
go lá Philib an Chleite le rúnaibh comh-
airle is ní bhogfaimís é. Acht cuir-
imís i bhfuirnéis ar feadh scaithimh é, &
feiceam caidé mar a bhogfaidh sé.



Ar airigh éinne riamh a leithéid de
leamh-chomhairle? Seadh go deimhin,
bheith ag braith ar go bhféadfaimís an
ball cuirptheach úd a bhogadh le n-ár
n-impidhe leanbaidhe, nó bheith ag
cuimhneamh air go bhfuigheadh an tró-
caire seilbh ann choidhche, rud ná raibh
ann riamh.



Ní dhéanfaidh sé sin an gnó i n-éan-
chor, a cháirde. Táimíd tinn tnáithte
ó bheith ag impidhe is ag aontughadh le
rúnaibh comhairle. Ní beag linn a
fhaid atá maol na scine ar taithighe
againn. Iompuightear an faobhar
feasta is feiceam cad a bheidh dhá
bharr againn. Cuirimís an cheist
chughainn féin, ciaca a b'fhearra dhúinn
Iol-Scoil ná taithnfeadh ar fad linn
dá cur ar bun is dá cothughadh ag
Riaghaltas Shasana, le hairgead do
bhaileoghfaidhe i nÉirinn, nó Iol-Scoil
do thaithnfeadh linn dá cur ar bun is
dá cothughadh againn féin le n-ár
n-airgead féin. Sin í fadhb na ceiste,
& dar linne níl air acht éin-réidhteach
amháin. Téidheadh an té seo thall i
n-ainm an té seo thíos, beidh ár gcuid
is ár dtoil againn i n-aindeoin an
tsaoghail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services