Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Céad-Imeachta na Gaedhilge III
Title
Céad-Imeachta na Gaedhilge III
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Céad-Imeachta na Gaedhilge III. Diombainte do lucht labhartha na Gaedhilge castaoi mac léighinn linn anois is arís ag gabháil ar an Ghaedhilg. Bhí fear amhain i dtigh an phoist i Lios na gCearrbhach darab ainm Stiobhaird & bhí an-eolas aige ar an Ghaedhilg siúd is nár chuala sé í dá labhairt. Chan fhuil fhios agam goidé d'éirigh dhó ó shoin, & ní mhothuighim a ainm i bpáipéar ar bith imeasg Gaedhilgeoirí. Bhí fear dlighe i Lios na gCearrbhach a thug mé fá deara ag siubhal na sráide go minic & a cheann crom amhail is dá mbeadh sé ag meabhrughadh ar ghliocas dlighe d'imirt ar dhuine éigin. Acht cha raibh aithne agam air an uair sin, ná ní shamhlóchainn a leithéid dó. Fear modhamhail macánta a bhí ann a bhí fá'n am sin ag cur túis aitheantais ar Chaitlín Ní Uallacháin & ceol binn siabhraidhe na Gaedhilge ag bualadh isteach 'na chluasaibh & 'na anam fosta. Léigh sé an-chuid de litridheacht Sheagháin Bhuidhe gur éirigh samhnas air uirri, & thionntuigh sé sa deireadh ar ais ar litridheacht a thíre féin. Chuirfeadh sé níos mó spéise i sean-sgéal Fiannaidheachta ó thuathach sléibhe i dTír Chonaill ná chuirfeadh sé i sgéalaidheacht nó i bhfilidheacht dá fheabhas i dteangaidh Sheagháin. Ba hé an dligheadóir úd Riobard caomh macánta Barrachoill do fuair bás go deireannach & ar ar sgríobh Seosamh Laoide alt molta sa CHLAIDHEAMH aimsir an Oireachtais. Sólás Dé go raibh aige thall!
Chár thrácht mé go seo ar Chonnradh na Gaedhilge ná go raibh a leithéid ann an uair úd; & shamhlóchadh duine ar bith gur dearmad a rinneas nó nach raibh fhios againn i Lios na gCearr- bhach go raibh a leithéid ann. Go dearbhtha bhí a fhios sin againn fá thuairim cúpla míosa tar éis ár dteacht i gcionn a chéile i Lios na gCearrbhach. D'innis Mícheál Ó hEoghusa damh go bhfaca sé tuairisg sa pháipéar gur cuireadh connradh nó cumann éigin i dtaoibh na Gaedhilge ar bun i mBaile Átha Cliath, & cha raibh sé i bhfad 'na dhiaidh sin nuair fuaramar cunntas iomlán ar an obair a rinneadh, san “Irisleabhar.” Tar éis tamaill sheol- amar litir go dtí muinntir an Chon- nartha & suim bheag airgid innti. Chuir Eoin Mac Néill litir fhada Ghaedhilge chugainn ar ais ag maoidheamh buidhe- achais mhóir orainn, rud nár theastuigh uainn ar chor ar bith. Acht ba háluinn linn ar fad an litir i nGaedhilg. Chuir sé iongantas an tsaoghail orm féin a rádh go dtiocfadh le duine as a stuaim féin, mar déarfá, a leithéid de litir bhreagh do sgríbhint i nGaedhilg. B'amaideach mé, ár ndóigh, & a bhfuil de shean-sgríbhnibh Gaedhilge le fágháil, acht cha raibh eolas agam orra so an uair sin. Is iomdha litir áluinn fuar- amar ó Eoin Mac Néill ó sin siar, dár mbrostughadh & dár ngríosughadh & dár ngreadughadh ar aghaidh i gcúis na Gaedhilge. Is dóigh liom nach bhfuil fios ag aoinneach beo & nach mbéidh fios go dtí lá an tsléibhe ar an tsaothar & an sárughadh do chuir Eoin Mac Néill isteach i dtús na hoibre sul a dtáinig mórán cuidighthe dá chomhair. Má sgríobh sé an oiread litreach chuig daoinibh eile do bhí ag déanamh beagán saothair ar fud na tíre & do sgríobh sé chugainn-ne i Lios na gCearrbhach, is deacair a thuigsin goidé mar fuair sé faill ar a dhéanamh. Ní éigin damh-sa cur síos ar chúrsaíbh an Chonnartha i mBaile Átha Cliath nó i n-áiteachaibh eile i nÉirinn, acht amháin san áit a thárla damh bheith an uair sin i dtús na hoibre. Seal eile dúinn tar éis do Chonnradh na Gaedhilge bheith curtha ar bun, & tháinig siosma ós íseall fhad linn go rabhthas ag saothrughadh na Gaedhilge níos comhgaraighe dhúinn ná i mBaile Átha Cliath, .i. i mBéal Feirste. Chan fhuara- mar ar dtús acht comhartha na geal- aighe ar an obair. Char innseadh dúinn cé bhí ag teagasg na Gaedhilge nó cá n-áit a raibh sé 'gá teagasg nó cé an cineál daoine do bhí mar mhacaibh léighinn aige, acht amháin go raibh a leithéid ann. Shaoilfeadh duine anois nár ba dhoiligh tuarasg- bháil iomlán d'fhágháil ar a leithéid, acht is cuimhneach liom go raibh Mícheál O hEoghusa & mé féin ar feadh ráithe & cluasa orainn ag feitheamh le tuill- eadh tuairisge & nár chualamar focal fá dtaoibh de. Is éigin dúinn cuimh- niughadh nach raibh páipéar Gaedhealach againn an uair sin mar atá anois le himtheachtaibh na Gaedhilge do nochtughadh do'n tsluagh, & nár chuir na páipéir nuaidheachta coitcheannta aon tsuim sa teanga nó 'sna daoinibh do bhíodh i gcionn na hoibre. Saoilim fosta go raibh beagán náire nó faitchíosa ar na Gaedhilgeoríbh iad féin, nár mhaith leo barraidheacht calláin go thógáil go mb'fhéidir roinnt oibre do chur díobhtha ar dtús 'féachaint goidé 'n bhrígh nó tairbhe thiocfadh aisti. Cibé ar bith mar bhí an sgéal, ní fhuaramar tuilleadh tuairisge go cionn tamaill mhaith & siúd is go rabhamar i mBéal Feirste go minic & gur fhiosruigheamar de mhórán daoine. I gcionn an ama sin fuaramar giota beag eile de'n sgéal. Fear darbh ainm Mac Uí Shéaghdha do bhí ag tabhairt teagaisg sa Ghaedhilg uaidh. I dtigh na sean-seod a bhíodh sé 'ga múnadh & ba hiad Cumann na nGort, nó Cumann na Sean-Roilig is córa thabhairt orra, do bhíodh mar mhacaibh léighinn aige. Chonnaiceas dúinn-ne nach raibh mórán suime san obair, má's mar sin a bhí, & leanamar linn ar ár gcasán féin. Tamall 'na dhiaidh sin casadh orm-sa fear dlighe i Lios na gCearrbhach do bhí 'na bhall nó 'na chomhalta de Chumann na nGort & d'innis sé damh go raibh cruinniughadh puiblidhe le bheith aca roimhe i bhfad, & go mbeadh an Ghaedhilg go hárd-réimeach an oidhche sin & dá mbadh mhaith liom é go bhfuighbheadh sé cluicheada dhúinn do bhéaradh cead dúinn dul isteach ann. Dubhairt mé féin go mbéinn buidheach dó, & fuaramar na cluicheada. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services