Céad-Imeachta na Gaedhilge
III.
Diombainte do lucht labhartha na
Gaedhilge castaoi mac léighinn linn
anois is arís ag gabháil ar an Ghaedhilg.
Bhí fear amhain i dtigh an phoist i Lios
na gCearrbhach darab ainm Stiobhaird
& bhí an-eolas aige ar an Ghaedhilg
siúd is nár chuala sé í dá labhairt.
Chan fhuil fhios agam goidé d'éirigh dhó
ó shoin, & ní mhothuighim a ainm i
bpáipéar ar bith imeasg Gaedhilgeoirí.
Bhí fear dlighe i Lios na gCearrbhach a
thug mé fá deara ag siubhal na
sráide go minic & a cheann crom
amhail is dá mbeadh sé ag meabhrughadh
ar ghliocas dlighe d'imirt ar dhuine
éigin. Acht cha raibh aithne agam air
an uair sin, ná ní shamhlóchainn a
leithéid dó. Fear modhamhail macánta
a bhí ann a bhí fá'n am sin ag cur túis
aitheantais ar Chaitlín Ní Uallacháin &
ceol binn siabhraidhe na Gaedhilge ag
bualadh isteach 'na chluasaibh & 'na
anam fosta. Léigh sé an-chuid de
litridheacht Sheagháin Bhuidhe gur éirigh
samhnas air uirri, & thionntuigh sé sa
deireadh ar ais ar litridheacht a thíre
féin. Chuirfeadh sé níos mó spéise i
sean-sgéal Fiannaidheachta ó thuathach
sléibhe i dTír Chonaill ná chuirfeadh sé
i sgéalaidheacht nó i bhfilidheacht dá
fheabhas i dteangaidh Sheagháin. Ba hé
an dligheadóir úd Riobard caomh
macánta Barrachoill do fuair bás go
deireannach & ar ar sgríobh Seosamh
Laoide alt molta sa CHLAIDHEAMH
aimsir an Oireachtais. Sólás Dé go
raibh aige thall!
Chár thrácht mé go seo ar Chonnradh
na Gaedhilge ná go raibh a leithéid
ann an uair úd; & shamhlóchadh duine
ar bith gur dearmad a rinneas nó
nach raibh fhios againn i Lios na gCearr-
bhach go raibh a leithéid ann. Go
dearbhtha bhí a fhios sin againn fá
thuairim cúpla míosa tar éis ár
dteacht i gcionn a chéile i Lios na
gCearrbhach. D'innis Mícheál Ó hEoghusa
damh go bhfaca sé tuairisg sa pháipéar
gur cuireadh connradh nó cumann
éigin i dtaoibh na Gaedhilge ar bun i
mBaile Átha Cliath, & cha raibh sé i bhfad
'na dhiaidh sin nuair fuaramar cunntas
iomlán ar an obair a rinneadh, san
“Irisleabhar.” Tar éis tamaill sheol-
amar litir go dtí muinntir an Chon-
nartha & suim bheag airgid innti. Chuir
Eoin Mac Néill litir fhada Ghaedhilge
chugainn ar ais ag maoidheamh buidhe-
achais mhóir orainn, rud nár theastuigh
uainn ar chor ar bith. Acht ba háluinn
linn ar fad an litir i nGaedhilg. Chuir sé
iongantas an tsaoghail orm féin a
rádh go dtiocfadh le duine as a
stuaim féin, mar déarfá, a leithéid
de litir bhreagh do sgríbhint i nGaedhilg.
B'amaideach mé, ár ndóigh, & a bhfuil
de shean-sgríbhnibh Gaedhilge le fágháil,
acht cha raibh eolas agam orra so an
uair sin. Is iomdha litir áluinn fuar-
amar ó Eoin Mac Néill ó sin siar,
dár mbrostughadh & dár ngríosughadh
& dár ngreadughadh ar aghaidh i gcúis
na Gaedhilge. Is dóigh liom nach bhfuil
fios ag aoinneach beo & nach mbéidh
fios go dtí lá an tsléibhe ar an
tsaothar & an sárughadh do chuir Eoin
Mac Néill isteach i dtús na hoibre
sul a dtáinig mórán cuidighthe dá
chomhair. Má sgríobh sé an oiread
litreach chuig daoinibh eile do bhí ag
déanamh beagán saothair ar fud na
tíre & do sgríobh sé chugainn-ne i Lios
na gCearrbhach, is deacair a thuigsin
goidé mar fuair sé faill ar a
dhéanamh.
Ní éigin damh-sa cur síos ar
chúrsaíbh an Chonnartha i mBaile Átha
Cliath nó i n-áiteachaibh eile i nÉirinn,
acht amháin san áit a thárla damh bheith
an uair sin i dtús na hoibre. Seal
eile dúinn tar éis do Chonnradh na
Gaedhilge bheith curtha ar bun, & tháinig
siosma ós íseall fhad linn go rabhthas
ag saothrughadh na Gaedhilge níos
comhgaraighe dhúinn ná i mBaile Átha
Cliath, .i. i mBéal Feirste. Chan fhuara-
mar ar dtús acht comhartha na geal-
aighe ar an obair. Char innseadh
dúinn cé bhí ag teagasg na Gaedhilge
nó cá n-áit a raibh sé 'gá teagasg nó
cé an cineál daoine do bhí mar
mhacaibh léighinn aige, acht amháin go
raibh a leithéid ann. Shaoilfeadh duine
anois nár ba dhoiligh tuarasg-
bháil iomlán d'fhágháil ar a leithéid,
acht is cuimhneach liom go raibh Mícheál
O hEoghusa & mé féin ar feadh ráithe
& cluasa orainn ag feitheamh le tuill-
eadh tuairisge & nár chualamar focal
fá dtaoibh de. Is éigin dúinn cuimh-
niughadh nach raibh páipéar Gaedhealach
againn an uair sin mar atá anois
le himtheachtaibh na Gaedhilge do
nochtughadh do'n tsluagh, & nár chuir na
páipéir nuaidheachta coitcheannta aon
tsuim sa teanga nó 'sna daoinibh do
bhíodh i gcionn na hoibre. Saoilim
fosta go raibh beagán náire nó
faitchíosa ar na Gaedhilgeoríbh iad
féin, nár mhaith leo barraidheacht
calláin go thógáil go mb'fhéidir
roinnt oibre do chur díobhtha ar dtús
'féachaint goidé 'n bhrígh nó tairbhe
thiocfadh aisti. Cibé ar bith mar bhí
an sgéal, ní fhuaramar tuilleadh
tuairisge go cionn tamaill mhaith &
siúd is go rabhamar i mBéal Feirste
go minic & gur fhiosruigheamar de
mhórán daoine. I gcionn an ama sin
fuaramar giota beag eile de'n sgéal.
Fear darbh ainm Mac Uí Shéaghdha
do bhí ag tabhairt teagaisg sa
Ghaedhilg uaidh. I dtigh na sean-seod a
bhíodh sé 'ga múnadh & ba hiad Cumann
na nGort, nó Cumann na Sean-Roilig
is córa thabhairt orra, do bhíodh mar
mhacaibh léighinn aige. Chonnaiceas
dúinn-ne nach raibh mórán suime san
obair, má's mar sin a bhí, & leanamar
linn ar ár gcasán féin. Tamall 'na
dhiaidh sin casadh orm-sa fear dlighe i
Lios na gCearrbhach do bhí 'na bhall nó
'na chomhalta de Chumann na nGort &
d'innis sé damh go raibh cruinniughadh
puiblidhe le bheith aca roimhe i bhfad, & go
mbeadh an Ghaedhilg go hárd-réimeach
an oidhche sin & dá mbadh mhaith liom é
go bhfuighbheadh sé cluicheada dhúinn do
bhéaradh cead dúinn dul isteach ann.
Dubhairt mé féin go mbéinn buidheach
dó, & fuaramar na cluicheada.
Cú Uladh.