Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Fígheachán Rígheachta
Title
Éire - Fígheachán Rígheachta
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN SEISEADH CEANN FÍGHEACHÁN RÍGHEACHTA Fear géar-intinneach géar-chúiseach do b'eadh Tuathal Teachtmhar so do tugadh thar n-ais thar sáile. Bhí ríghthe uaibhreacha ar Teamhair roimis, mar atá Conaire Mór & a lán eile ná luaidhmíd annso. Mar sin féin, ní raibh aca mar fhearainn búird acht na triúcha céad do bhí comhgarach do'n Teamhair, & cé go raibh sé mar dhualgas ar na ríghthibh cúige cáin do thabhairt do'n Áird-Rígh do réir dlighe, & roinnt fear gléasta chum na tíre do chosaint, ar a shon soin is eile dá dtárlóchadh go n-eiteochaidís é ní raibh sé ina chumas a chur fhiachaibh ortha rud do dhéanamh air. Lean an scéal mar so go dtí an bhliadhain 130 d'éis Chríost gur mhacnuigh Tuathal gur chóir bheith neamh-spleádhach & gan beann ar ríghthibh na gcúigí. Chuir sé ar bun buidhean armtha d'fhearaibh toghtha as gach áird i nÉirinn, & do shloinnigh sé iad na Catha Féinne, & as soin amach go dtí bás Chairbre Lifeachair i gcath dhearg Ghabhra, 297 D.C., céad is trí fichid bliadhain 'na dhiaidh súd, ní raibh aon chéim do b'uaisle le fear- tighe dá mhac 'na an mac soin do bheith 'na Fhéinnidh. Do leathnuigh Tuathal leis ceanntar na Teamhrach. Bhain sé gan bruighean ná achrann smut as cheithre cúige na hÉireann do bhuaileadh le chéile ag Aill na Miarann i nIar-Mhidhe, & do shín cúige ríoghamhail na Midhe as soin amach go dtí teacht na Sasanach, ó'n tSionnain thiar go dtí an tsáile thoir. Bhí ar an gcuma soin buidheanta & teallaighe do bhain leis féin amháin feasta ag rígh na Teamhrach gan brath aige ar ríghthibh borba na gcúigí gur ghnáthach le ceann éigin ceann-dána aca ar uairibh gan rud do dhéanamh ar an Áird-Rígh acht le n-a thoil féin. Bhí urraim i gcomhnaidhe do'n Áird-Rígh, & bhí súil gach duine air féin is ar Theamhair, acht is minic leis na ciantaibh d'éirigh rí buannach borb cúige 'na choinnibh & gur chuaidh sé de'n Áird-Rígh sin smacht do chur air. Do thárluigh leis anois is arís go raibh dhá rígh láidir ar dhá chúige & dúil ag ceann aca an ceann eile do chur fá chois & nách raibh sé i gcumas an Áird-Rígh réidhtiughadh eatortha. Do b'é a leithéid sin de chonpóid d'éirigh idir an bhainríoghain árd-intinneach dána úd Méadhbh Chonnacht & Conchubhar mac Neasa, rí Uladh, & gur mhill an cogadh fuilteach do lean de tír na hÉireann ar feadh seacht mbliadhain gan sos. Ní raibh an rígh óg calma do bhí ar Éirinn an uair sin — Cairbre Nia Fear nó Criomhthán Nia Náir, 74 D.C. — cumhachtach a dhóthain chum coisc do chuir leis an gcogadh na gcarad úd. Chuir sé roimis Conchubhar mac Neasa do chur ar gcúl, acht níor éirigh leis mar thuit sé ins an ár ag Ros na Ríogh ag comhrac le Cúchulainn. Cloisimíd Méadhbh na gcapall mbán & na gcarbad ngeal, an bhean áluinn árd ruadh ghlas-shúileach gheal- chneasach, ag dúisiughadh Éireann thiar is theas i gcoinnibh Chonchubhair, ag gluaiseacht í féin ar cheann na slógh thré Ulaidh ag loscadh is ag cosgairt, ag cur Eamhna Macha, cathair ríoghamhail, fá theine & ag bail- iughadh léi annsoin go buadhthach. Cloisimíd é seo & mórán 'na theannta, mar tá trácht go beacht ar chogadh na Tána 'nár sean- leabhraibh. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services