Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Fígheachán Rígheachta

Title
Éire - Fígheachán Rígheachta
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN SEISEADH CEANN



FÍGHEACHÁN RÍGHEACHTA



Fear géar-intinneach géar-chúiseach do b'eadh
Tuathal Teachtmhar so do tugadh thar n-ais thar sáile.
Bhí ríghthe uaibhreacha ar Teamhair roimis, mar atá
Conaire Mór & a lán eile ná luaidhmíd annso. Mar
sin féin, ní raibh aca mar fhearainn búird acht na
triúcha céad do bhí comhgarach do'n Teamhair, & cé go
raibh sé mar dhualgas ar na ríghthibh cúige cáin do
thabhairt do'n Áird-Rígh do réir dlighe, & roinnt fear
gléasta chum na tíre do chosaint, ar a shon soin is
eile dá dtárlóchadh go n-eiteochaidís é ní raibh sé ina
chumas a chur fhiachaibh ortha rud do dhéanamh air. Lean
an scéal mar so go dtí an bhliadhain 130 d'éis Chríost
gur mhacnuigh Tuathal gur chóir bheith neamh-spleádhach
& gan beann ar ríghthibh na gcúigí. Chuir sé ar bun
buidhean armtha d'fhearaibh toghtha as gach áird i
nÉirinn, & do shloinnigh sé iad na Catha Féinne, & as
soin amach go dtí bás Chairbre Lifeachair i gcath
dhearg Ghabhra, 297 D.C., céad is trí fichid bliadhain
'na dhiaidh súd, ní raibh aon chéim do b'uaisle le fear-
tighe dá mhac 'na an mac soin do bheith 'na Fhéinnidh.



Do leathnuigh Tuathal leis ceanntar na Teamhrach.
Bhain sé gan bruighean ná achrann smut as cheithre
cúige na hÉireann do bhuaileadh le chéile ag Aill na
Miarann i nIar-Mhidhe, & do shín cúige ríoghamhail na
Midhe as soin amach go dtí teacht na Sasanach, ó'n
tSionnain thiar go dtí an tsáile thoir. Bhí ar an
gcuma soin buidheanta & teallaighe do bhain leis féin
amháin feasta ag rígh na Teamhrach gan brath aige ar
ríghthibh borba na gcúigí gur ghnáthach le ceann éigin
ceann-dána aca ar uairibh gan rud do dhéanamh ar an
Áird-Rígh acht le n-a thoil féin.



Bhí urraim i gcomhnaidhe do'n Áird-Rígh, & bhí súil
gach duine air féin is ar Theamhair, acht is minic leis
na ciantaibh d'éirigh rí buannach borb cúige 'na choinnibh
& gur chuaidh sé de'n Áird-Rígh sin smacht do chur air.
Do thárluigh leis anois is arís go raibh dhá rígh láidir
ar dhá chúige & dúil ag ceann aca an ceann eile do
chur fá chois & nách raibh sé i gcumas an Áird-Rígh
réidhtiughadh eatortha.



Do b'é a leithéid sin de chonpóid d'éirigh idir an
bhainríoghain árd-intinneach dána úd Méadhbh Chonnacht &
Conchubhar mac Neasa, rí Uladh, & gur mhill an cogadh
fuilteach do lean de tír na hÉireann ar feadh seacht
mbliadhain gan sos. Ní raibh an rígh óg calma do bhí ar
Éirinn an uair sin — Cairbre Nia Fear nó Criomhthán
Nia Náir, 74 D.C. — cumhachtach a dhóthain chum coisc do
chuir leis an gcogadh na gcarad úd. Chuir sé roimis
Conchubhar mac Neasa do chur ar gcúl, acht níor éirigh
leis mar thuit sé ins an ár ag Ros na Ríogh ag
comhrac le Cúchulainn.



Cloisimíd Méadhbh na gcapall mbán & na gcarbad
ngeal, an bhean áluinn árd ruadh ghlas-shúileach gheal-
chneasach, ag dúisiughadh Éireann thiar is theas i
gcoinnibh Chonchubhair, ag gluaiseacht í féin ar cheann na
slógh thré Ulaidh ag loscadh is ag cosgairt, ag cur
Eamhna Macha, cathair ríoghamhail, fá theine & ag bail-
iughadh léi annsoin go buadhthach.



Cloisimíd é seo & mórán 'na theannta, mar tá
trácht go beacht ar chogadh na Tána 'nár sean-
leabhraibh.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services