Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Gaedhealaigheacht
Title
A Gaedhealaigheacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí na Nodlag 17, 1904 A Gaedhealaigheacht Tá an oiread soin cainnte á dhéanamh i dtaobh Árd-Oideachais le tamall nách baoghal ná go gcualaidh gach éinne cuid de'n bhfothrom. Táthar ag teacht ar an gceist seo ó gach taobh; táthar ag cur síos ar an uile ghné dhi dar le duine. Seadh, taithneann an fothrom go léir linn. Is beag rud do-gheibhtear i nÉirinn go dtí go ndeintear fothrom. Má leantar do'n bhfothrom is é is deall- rathaighe go bhfaghfar Árd-Oideachas oireamhnach. Go dtí go bhfuighmíd é ní bheam sásta ná ní staonfam san dtroid ar a shon. Dubhramair annso cheana go bhfuil árd-oideachas & ard-oideachas ann. Tá éin-ghné amháin de'n cheist seo & ní bhfaghann a dhíol d'aireachas uainn. Is í gné í sin ná Gaedhealaigheacht an oideachais. Dá bhfaighmís Iol-Scoil Mhór ar maidin & go gcuirfidhe ealadhnta, &rl., dá múineadh innti a Béarla, an dóigh le héinne go ndéanfadh sí maitheas nó an raghadh sí i leas dár dtalamh duthchais? I n-ionad maitheas a dhéanamh, go deimhin, is amhlaidh a chuirfeadh a leithéid Gaedhealtacht na hÉireann seacht slata chun deiridh. Do bheadh an cheannrach i lámhaibh lucht an Bhéarla, is chomh luath & a bheadh sin slán le hÉire Gaedhilge. Gheobhadh sí an hob amach go luath is go hiomlán. Bheadh deich mbliadhna eile chruadh-shaothair orainne i dteannta na ndeich mbliadhan atá curtha dhínn againn, & b'fhéidir 'na dhiaidh sin go léir ná beimís chomh mór chun cinn is atáimíd indiu. Pé socrughadh a dhéanfar ar cheist an Árd-Oideachais, ní fuláir a Ghaedhealaigheacht a chongbháil i dtosach bárra i gcomhnaidhe. Cad 'na thaobh ná cloisimíd a thuilleadh um an ngné seo de'n gceist? Cad tá á dhéanamh ag scríbhneoiríbh Béarla Connartha na Gaedhilge? Badh dheas an scéal é, go deimhin, dá mbeadh Iol-Scoil Náisiúnta againn & go mbeifidhe ag fágháil oideachais innti i dteangain iasachta! Cad déarfadh Ungáireach le n-a leithéid? Do réir mar do- chítear dúinn as urmhór de'n ngliogar atá á shéideadh 'nár gcluasaibh le déidheannaighe is mar sin a bheidh an scéal muna bhféachaidh Connradh na Gaedhilge chuige ná déanfar dearmhad de'n teangain náisiúnta. Caithfear an teagasc, nó a fhurmhór, a dhéanamh a Teangain na hÉireann nó cuiridh uaibh de bheith ag lorg “Iol-Scoil Náisiúnta.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services