Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Gaedhealaigheacht

Title
A Gaedhealaigheacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí na Nodlag 17, 1904



A Gaedhealaigheacht



Tá an oiread soin cainnte á
dhéanamh i dtaobh Árd-Oideachais le
tamall nách baoghal ná go gcualaidh
gach éinne cuid de'n bhfothrom.
Táthar ag teacht ar an gceist seo ó
gach taobh; táthar ag cur síos ar an
uile ghné dhi dar le duine. Seadh,
taithneann an fothrom go léir linn.
Is beag rud do-gheibhtear i nÉirinn go
dtí go ndeintear fothrom. Má
leantar do'n bhfothrom is é is deall-
rathaighe go bhfaghfar Árd-Oideachas
oireamhnach. Go dtí go bhfuighmíd é ní
bheam sásta ná ní staonfam san
dtroid ar a shon.



Dubhramair annso cheana go bhfuil
árd-oideachas & ard-oideachas ann.
Tá éin-ghné amháin de'n cheist seo &
ní bhfaghann a dhíol d'aireachas uainn.
Is í gné í sin ná Gaedhealaigheacht an
oideachais. Dá bhfaighmís Iol-Scoil
Mhór ar maidin & go gcuirfidhe
ealadhnta, &rl., dá múineadh innti a
Béarla, an dóigh le héinne go
ndéanfadh sí maitheas nó an raghadh sí
i leas dár dtalamh duthchais? I
n-ionad maitheas a dhéanamh, go
deimhin, is amhlaidh a chuirfeadh a leithéid
Gaedhealtacht na hÉireann seacht
slata chun deiridh. Do bheadh an
cheannrach i lámhaibh lucht an Bhéarla,
is chomh luath & a bheadh sin slán le
hÉire Gaedhilge. Gheobhadh sí an hob
amach go luath is go hiomlán. Bheadh
deich mbliadhna eile chruadh-shaothair
orainne i dteannta na ndeich
mbliadhan atá curtha dhínn againn, &
b'fhéidir 'na dhiaidh sin go léir ná beimís
chomh mór chun cinn is atáimíd indiu.



Pé socrughadh a dhéanfar ar cheist
an Árd-Oideachais, ní fuláir a
Ghaedhealaigheacht a chongbháil i dtosach
bárra i gcomhnaidhe. Cad 'na thaobh
ná cloisimíd a thuilleadh um an ngné
seo de'n gceist? Cad tá á dhéanamh
ag scríbhneoiríbh Béarla Connartha na
Gaedhilge? Badh dheas an scéal é,
go deimhin, dá mbeadh Iol-Scoil
Náisiúnta againn & go mbeifidhe ag
fágháil oideachais innti i dteangain
iasachta! Cad déarfadh Ungáireach
le n-a leithéid? Do réir mar do-
chítear dúinn as urmhór de'n
ngliogar atá á shéideadh 'nár
gcluasaibh le déidheannaighe is mar sin
a bheidh an scéal muna bhféachaidh
Connradh na Gaedhilge chuige ná
déanfar dearmhad de'n teangain
náisiúnta. Caithfear an teagasc, nó
a fhurmhór, a dhéanamh a Teangain na
hÉireann nó cuiridh uaibh de bheith ag
lorg “Iol-Scoil Náisiúnta.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services