Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Dlighe is Nós (ar leanamhaint)
Title
Éire - Dlighe is Nós (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN CÚIGEADH CEANN Dlighe is Nós (ar leanamhaint) Do b'ionmhuin leis na daoinibh rí na Teamhrach, & ba shoth leo dul 'na choinnibh, acht do b'é a nós leis na ciantaibh géilleadh dá dtaoiseachaibh féin, & dá dtar-
lóchadh go mbeadh a dtaoisigh féin amuich leis an Áird- Rígh bheadh sé riachtanach ortha féin bheith amuich leis mar an gcéadna. Ní heol dúinn gur éirigh na daoine riamh amach i gcoinnibh an Áird-Ríogh le n-a dtoil féin acht aon uair amháin. Ní ró-chruinn atá cunntas an éirghe amach soin amháin. Do thuit sé amach ins an gcéad aois ár dTighearna & cuirtear i gcomórtas é le héirghe amach na nAttocoti sa Róimh. Deirthear gur bh'iad Tuathaigh na hÉireann d'éirigh i n-aghaidh na n-uaisle, & ní fhuil aon amhras ná go raibh cúis aca leis, mar is mór leis an Éireannach an duine uasal. Do bhí na huaisle ag cur ortha & níor smachtuigh nó ní raibh sé i gcumas an Áird-Ríogh cosc do chur leis na huaislibh, & do grigeadh na Tuathaigh gur cheapadar i gcomhairle fholuighthigh le chéile na huaisle úd do chur chum báis. Bhí intinn ghéar ag pé duine do stiúruigh iad, mar choimeádadar a rún go maith. “Ceann Cait” do tugadh mar leas- ainm ar a stiúrthóir, & ní clos dúinn cia'r díobh é, acht fear thar bárr do b'eadh é, mar gidh gur fear tuaithe do bhí ann, bhí an inntleacht aige do riar- uigheann daoine, & do mhúineann & do chuireann d'fhiachaibh ortha rud do dhéanamh air. Dá réir sin do bhailigh sé fleadh & féasta le duadh is le costas, & thug sé cuireadh dós na huaislibh go léir teacht 'na chuibhreann, & Rí na Teamhrach ar a gceann. Bhíothas ag fágháil an fhéasta soin ullamh ar feadh bliadhna, & níor chuir éinne cogar i gcluais na n-uaisle cad do bhí 'na gcomhair seachas bídh gur shuidh an math- shluagh áird-réimeach úd chum búird, & i lár an aoibhnis do phreab Ceann Cait & a fheara claidhimh ortha & níor fhágadar aithid aca beo acht aon leanbh amháin do dearmadadh ar Teamhair. Rinneadh rí de Cheann Cait & sciobadh le banaltrain éigin an leanbh ríoghamhail thar sáile. Deir Tacitus gur bhuail prionnsa óg ó Éirinn le hAgricola, taoiseach na Rómhánach, faid do bhí an Rómhánach soin go caithréimeach i nAlbain i ndeireadh an chéad anois ár dTighearna, & gur iarr sé congnamh ar an RÓmhánach chum ríoghacht na hÉireann do bhaint amach dó. Deir an sgríbhneoir sin Tacitus go raibh níos mó aithne ag an ndomhan an uair sin ar chaladh-phortaibh na hÉireann ná mar do bhí ar chaladh- phortaibh na Breataine, & go ndubhairt an prionnsa Éireannach ná teastóchadh uaidh acht aon leigiún amháin do shaighdiúríbh Rómhánacha chum Éireann do chlaoidhe. Tuigthear as soin go raibh Éire lag an uair sin & go raibh an prionnsa óg úd do bhí ar teicheadh aisti ar tí í dhíol leis na Rómhánachaibh, acht ní mar sin do bí i n-aon-chor. Do b'é an prionnsa úd Tuathal Teacht- mhar do bhí 'na rígh chúmhachtach ghrádhmhar i dTeamhair 'na dhiaidh súd, & nuair do bhí sé ag iarraidh conganta ar Agricola bhí fhios aige cad do bhí ag tuitim amach i nÉirinn, mar ní túisce fuair na Tuathaigh an buaidh 'ná gur ghabh aithreachas cuid aca & chromadar ar uisce fa thalamh do dhéanamh i n-aghaidh Chinn Chait, & ag guidhe go bhfillfeadh Tuathal chum a choda féin. Dubhradar ná raibh toradh ar crannaibh ná iasc ar líontaibh, go raibh na ba i ndísc is na caoirigh seasc, an láir gan searrach is an chrain gan ál, an bheach gan mil is an gas gan bláth, toisc go raibh an Ríogh-Dhamhna go huaigneach 'na dheoraidhe thar lear & tuathach 'an bhuanna ar Theamhair na Ríogh. Fear láidir intinneamhail do b'eadh Ceann Cait. Do réir mar a mheasaim ba dheallramhach le Cruimil Shasana é. Do b'é a mhac, Módhrin Cóir, an breitheamh ba mhó cáil do bhí riamh i nÉirinn. Acht mar sin féin gidh go raibh an rí tuathach úd 'na fhear chumais bhí na daoine tuirseach de fá mar bhí na daoine i Sasana de Chruimil. Chualaidh Ceann Cait an siosmarnaigh, mhothuigh sé an taoide ag éiriughadh 'na thimcheall, & níor bh'é an saghas fir é do ghéillfeadh gan duadh. Bhain sé na cinn de mhórán aca so do labhair 'na choinnibh, acht níor leighis sin an scéal. Cuireadh chum báis fá dheireadh é & bhí coimheascar i nÉirinn go ceann tamaill mhaith. Do riaghluigh dó nó trí ríghthe i ndiaidh a chéile ar an dTeamhair, acht i gcionn tréimhse cuireadh fios ar Thuathal, an rí dlisteanach, & tháinig sé. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services