Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Dlighe is Nós (ar leanamhaint)

Title
Éire - Dlighe is Nós (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN CÚIGEADH CEANN



Dlighe is Nós
(ar leanamhaint)



Do b'ionmhuin leis na daoinibh rí na Teamhrach, & ba
shoth leo dul 'na choinnibh, acht do b'é a nós leis na
ciantaibh géilleadh dá dtaoiseachaibh féin, & dá dtar-


L. 05


lóchadh go mbeadh a dtaoisigh féin amuich leis an Áird-
Rígh bheadh sé riachtanach ortha féin bheith amuich leis
mar an gcéadna.



Ní heol dúinn gur éirigh na daoine riamh amach i
gcoinnibh an Áird-Ríogh le n-a dtoil féin acht aon uair
amháin. Ní ró-chruinn atá cunntas an éirghe amach
soin amháin. Do thuit sé amach ins an gcéad aois ár
dTighearna & cuirtear i gcomórtas é le héirghe amach
na nAttocoti sa Róimh. Deirthear gur bh'iad Tuathaigh
na hÉireann d'éirigh i n-aghaidh na n-uaisle, & ní fhuil
aon amhras ná go raibh cúis aca leis, mar is mór leis
an Éireannach an duine uasal. Do bhí na huaisle ag
cur ortha & níor smachtuigh nó ní raibh sé i gcumas an
Áird-Ríogh cosc do chur leis na huaislibh, & do grigeadh
na Tuathaigh gur cheapadar i gcomhairle fholuighthigh le
chéile na huaisle úd do chur chum báis. Bhí intinn
ghéar ag pé duine do stiúruigh iad, mar choimeádadar
a rún go maith. “Ceann Cait” do tugadh mar leas-
ainm ar a stiúrthóir, & ní clos dúinn cia'r díobh é,
acht fear thar bárr do b'eadh é, mar gidh gur fear
tuaithe do bhí ann, bhí an inntleacht aige do riar-
uigheann daoine, & do mhúineann & do chuireann
d'fhiachaibh ortha rud do dhéanamh air. Dá réir sin do
bhailigh sé fleadh & féasta le duadh is le costas, &
thug sé cuireadh dós na huaislibh go léir teacht 'na
chuibhreann, & Rí na Teamhrach ar a gceann.



Bhíothas ag fágháil an fhéasta soin ullamh ar feadh
bliadhna, & níor chuir éinne cogar i gcluais na n-uaisle
cad do bhí 'na gcomhair seachas bídh gur shuidh an math-
shluagh áird-réimeach úd chum búird, & i lár an aoibhnis
do phreab Ceann Cait & a fheara claidhimh ortha & níor
fhágadar aithid aca beo acht aon leanbh amháin do
dearmadadh ar Teamhair. Rinneadh rí de Cheann Cait
& sciobadh le banaltrain éigin an leanbh ríoghamhail
thar sáile. Deir Tacitus gur bhuail prionnsa óg ó
Éirinn le hAgricola, taoiseach na Rómhánach, faid do
bhí an Rómhánach soin go caithréimeach i nAlbain i
ndeireadh an chéad anois ár dTighearna, & gur iarr sé
congnamh ar an RÓmhánach chum ríoghacht na hÉireann
do bhaint amach dó. Deir an sgríbhneoir sin Tacitus
go raibh níos mó aithne ag an ndomhan an uair sin ar
chaladh-phortaibh na hÉireann ná mar do bhí ar chaladh-
phortaibh na Breataine, & go ndubhairt an prionnsa
Éireannach ná teastóchadh uaidh acht aon leigiún amháin
do shaighdiúríbh Rómhánacha chum Éireann do chlaoidhe.
Tuigthear as soin go raibh Éire lag an uair sin & go
raibh an prionnsa óg úd do bhí ar teicheadh aisti ar tí
í dhíol leis na Rómhánachaibh, acht ní mar sin do bí i
n-aon-chor. Do b'é an prionnsa úd Tuathal Teacht-
mhar do bhí 'na rígh chúmhachtach ghrádhmhar i dTeamhair
'na dhiaidh súd, & nuair do bhí sé ag iarraidh conganta
ar Agricola bhí fhios aige cad do bhí ag tuitim amach i
nÉirinn, mar ní túisce fuair na Tuathaigh an buaidh 'ná
gur ghabh aithreachas cuid aca & chromadar ar uisce fa
thalamh do dhéanamh i n-aghaidh Chinn Chait, & ag guidhe
go bhfillfeadh Tuathal chum a choda féin. Dubhradar
ná raibh toradh ar crannaibh ná iasc ar líontaibh, go
raibh na ba i ndísc is na caoirigh seasc, an láir gan
searrach is an chrain gan ál, an bheach gan mil is an gas
gan bláth, toisc go raibh an Ríogh-Dhamhna go huaigneach
'na dheoraidhe thar lear & tuathach 'an bhuanna ar
Theamhair na Ríogh.



Fear láidir intinneamhail do b'eadh Ceann Cait.
Do réir mar a mheasaim ba dheallramhach le Cruimil
Shasana é. Do b'é a mhac, Módhrin Cóir, an breitheamh
ba mhó cáil do bhí riamh i nÉirinn. Acht mar sin féin
gidh go raibh an rí tuathach úd 'na fhear chumais bhí na
daoine tuirseach de fá mar bhí na daoine i Sasana
de Chruimil. Chualaidh Ceann Cait an siosmarnaigh,
mhothuigh sé an taoide ag éiriughadh 'na thimcheall,
& níor bh'é an saghas fir é do ghéillfeadh gan duadh.
Bhain sé na cinn de mhórán aca so do labhair
'na choinnibh, acht níor leighis sin an scéal. Cuireadh
chum báis fá dheireadh é & bhí coimheascar i nÉirinn go
ceann tamaill mhaith.



Do riaghluigh dó nó trí ríghthe i ndiaidh a chéile ar
an dTeamhair, acht i gcionn tréimhse cuireadh fios ar
Thuathal, an rí dlisteanach, & tháinig sé.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services