Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cóiriughadh an Tighe
Title
Cóiriughadh an Tighe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí na Nodlag 10, 1904 Cóiriughadh an Tighe. Má theastuigheann uainne ár dtal- amh beag dúthchais a chur chun cinn is éigin dúinn san gcéad dul síos cromadh ar an obair go dícheallach as ár ngustal féin. Is éigin dúinn sinn féin a ullmhughadh & a chur i dtreo ceart, chun cúram náisiúntachta is gach a mbaineann léi a ghlacadh ar láimh. Cad a dhéanfadh an bhean mhaith tighe dá mbeifidhe chun cuaird a thabhairt uirthi? An bhfágfadh sí corcán nó stailicear cathaoireach i lár an urláir, & drongáin nach iad scaipthe ar fuid an tighe? Ní fhágfadh go deimhin. Chuirfeadh sí na corcáin is na cathaoireacha is na húirléisí eile i leath-taoibh; do nighfeadh is do ghlan- fadh an séiní is an troscán, & do scuabfadh an t-urlár. Ní bheadh sí sásta ná ní stadfadh dhá shaothar go dtí go mbeadh gach éin-nídh fé dhíon tighe ag féachaint go néata is go piocaithe. Ar an gcuma gcéadna táthar chun cuaird a thabhairt orainn sa oileán so an iarthair. Ní fios cahuin a thioc- far, acht tá Clanna Gaedheal ar éin- intinn go dtiocfar. Fiafruighmís dínn féin, i n-ainm Dé nUile-Chómh- acht, an bhfuilimíd-ne ullamh, nó cad é an treo atá ar ár dtigh. An bhfuil stailicir chathaoireach ar fuid an urláir againn? Tá. Seoin- íní, Gall-Ghaedhil, coláistí Gallda, páipéir nuaidheachta, feisirí, dochtúirí, & i gcead díbh, cuid dár gcléir. Tá tuilleadh nach gábhadh a n-áireamh ann. Táid scaipthe síos suas ar fuid urláir Inse Fáil. Táid ag cur cosc linn. Dálta na mná tighe is an troscáin is éigin iad a chur i leath-taoibh. Caithimís cuid aca amach an doras nó cuirimís na loch amach iad; cuirimís an cuid eile aca fá'n ndriosúr nó i mball iargcúldha éigin dá shamhail. Dár ndóigh, má's féidir éin-earradh dhíobh a ghlanadh, glantar é: annsoin féadfar é chur suas i radharc an tsaoghail. 'Na dhiaidh soin, nightear an troscán, is scuabthar an t-urlár. Is beag duine againn ná go n-oirfeadh nighe dhó. Is 'mdhó earradh go gcaithfear é nighe fá dhó is fá thrí de bharr gach a bhfuil cionntach ann i n-aghaidh Éireann. Annsoin nuair a bheidh ár dtigh ullamh againn, é go piocaithe is go glan, is cuma linn cia bheidh chughainn nó uainn dá mb'é Rí na Spáinne féin é. Beimíd-ne ullamh 'na chomhair. Féachaimís chughainn féin, a Ghaedheala. Cuirimís ár dtigh féin i gcóir, & ná bacaimís le gnó daoine eile. Beifear chughainn gan amhras. Ná beirthear orainn fá dhroch-chóir. Dá dtagthaoi chughainn, & gan againn acht an droch- chóir, is súil le congnamh iasachta, caidé mar do meallfaidhe sinn! Scriosaimís ar na drongánaibh & cuirimís slacht ar an dtigh gan moill. Annsoin ní baoghal go mbéarfar i gan fhios orainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services