Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cóiriughadh an Tighe

Title
Cóiriughadh an Tighe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí na Nodlag 10, 1904



Cóiriughadh an Tighe.



Má theastuigheann uainne ár dtal-
amh beag dúthchais a chur chun cinn is
éigin dúinn san gcéad dul síos
cromadh ar an obair go dícheallach as
ár ngustal féin. Is éigin dúinn sinn
féin a ullmhughadh & a chur i dtreo
ceart, chun cúram náisiúntachta is
gach a mbaineann léi a ghlacadh ar
láimh. Cad a dhéanfadh an bhean mhaith
tighe dá mbeifidhe chun cuaird a
thabhairt uirthi? An bhfágfadh sí corcán
nó stailicear cathaoireach i lár an
urláir, & drongáin nach iad scaipthe
ar fuid an tighe? Ní fhágfadh go
deimhin. Chuirfeadh sí na corcáin is
na cathaoireacha is na húirléisí eile i
leath-taoibh; do nighfeadh is do ghlan-
fadh an séiní is an troscán, & do
scuabfadh an t-urlár. Ní bheadh sí
sásta ná ní stadfadh dhá shaothar go
dtí go mbeadh gach éin-nídh fé dhíon
tighe ag féachaint go néata is go
piocaithe.



Ar an gcuma gcéadna táthar chun
cuaird a thabhairt orainn sa oileán
so an iarthair. Ní fios cahuin a thioc-
far, acht tá Clanna Gaedheal ar éin-
intinn go dtiocfar. Fiafruighmís
dínn féin, i n-ainm Dé nUile-Chómh-
acht, an bhfuilimíd-ne ullamh, nó cad é
an treo atá ar ár dtigh.



An bhfuil stailicir chathaoireach ar
fuid an urláir againn? Tá. Seoin-
íní, Gall-Ghaedhil, coláistí Gallda,
páipéir nuaidheachta, feisirí, dochtúirí,
& i gcead díbh, cuid dár gcléir. Tá
tuilleadh nach gábhadh a n-áireamh ann.
Táid scaipthe síos suas ar fuid
urláir Inse Fáil.



Táid ag cur cosc linn. Dálta na
mná tighe is an troscáin is éigin iad a
chur i leath-taoibh. Caithimís cuid aca
amach an doras nó cuirimís na loch
amach iad; cuirimís an cuid eile aca
fá'n ndriosúr nó i mball iargcúldha
éigin dá shamhail. Dár ndóigh, má's
féidir éin-earradh dhíobh a ghlanadh,
glantar é: annsoin féadfar é chur
suas i radharc an tsaoghail.



'Na dhiaidh soin, nightear an troscán,
is scuabthar an t-urlár. Is beag
duine againn ná go n-oirfeadh nighe
dhó. Is 'mdhó earradh go gcaithfear é
nighe fá dhó is fá thrí de bharr gach a
bhfuil cionntach ann i n-aghaidh Éireann.
Annsoin nuair a bheidh ár dtigh ullamh
againn, é go piocaithe is go glan, is
cuma linn cia bheidh chughainn nó uainn
dá mb'é Rí na Spáinne féin é.
Beimíd-ne ullamh 'na chomhair.



Féachaimís chughainn féin, a Ghaedheala.
Cuirimís ár dtigh féin i gcóir, & ná
bacaimís le gnó daoine eile. Beifear
chughainn gan amhras. Ná beirthear
orainn fá dhroch-chóir. Dá dtagthaoi
chughainn, & gan againn acht an droch-
chóir, is súil le congnamh iasachta,
caidé mar do meallfaidhe sinn!
Scriosaimís ar na drongánaibh &
cuirimís slacht ar an dtigh gan moill.
Annsoin ní baoghal go mbéarfar i gan
fhios orainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services