Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Dlighe is Nós
Title
Éire - Dlighe is Nós
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN CÚIGEADH CEANN Dlighe is Nós. Fá mar do theasbántar ins an tSeanchus Mór & i Leabhar Aicill, bhí dlighe is riaghail ag riarughadh bheatha na nGaedheal, & is é feabhas na dlighe sin a hoireamh- nacht do bhéasaibh & méin na nGaedheal an teist is soiléire & is dearbhtha go raibh míneachas ag baint le n-ár sinnsear i bhfad de bhliadhantaibh sul ar geineadh Críost. Ní féidir d'éin-treibh a saoghal do chaitheamh i gcuid- eachta a chéile gan saghas éigin dlighe do thabharfadh cóir is ceart do'n bhfear lag, & do réir mar airighim bhí dlighthe na nGaedheal ceapuighthe ó thúis i gcás go gcuirfidís 'fhiachaibh ar an bhfear saidhbhir sainnteach gan brughadh isteach ar an bhfear mbocht. Ní fhuil sé do réir nádúir gur bh'iad na daoine móra cumhachtacha imeasc na nGaedheal do chúm is do cheap na dlíghthe sin, mar má scaoiltear a gceann le huaislibh ceapfaidh siad dlíghthe do bheidh buntáisteach dóibh féin. Dá réir sin measaim gur bh'iad muinntir na hÉireann go léir i gcoitchiantacht fá ndeara na ndlighthe atá curtha síos ins an tSeanchus Mór do chúmadh & nách cóir iad do chur i leith na n-ollamhan ná na righthe ar leithshlighidh, siúd is go dtugadar soin congnamh chum snais is brígh do chur sa dlighe sin & chum a déanta oireamhnach do réir tola na ndaoine go léir. Is dá dheascaibh sin, fá mar do thuigim, go mbíodh Feis ar Chnoc na Teamhrach i gcás gach smut nó roinnt do chuirtí le dlighe na hÉireann do thabhairt fá machtnamh na n-ollamhan is fá úghdarás an Áird-Ríogh, mar bhí an dlighe seo na hÉireann ag fás leis na ciantaibh, blúire le blúire. Níor cúmadh dlighthe na hÉireann i mbliadhain ná i míle bliadhain mar d'fhás sí as nósaibh fá mar d'fhás dlighe na
Rómhánach, & deirthear gur fhuinn & gur fhuaguigh Ollamh Fodla, rí Éireann, í i bhfad siar ins na haoisibh fá mar d'fhuinn Iustiniánais dlighe na Rómhánach. Do b'é bun is barr na ndlighthe sin go raibh saor-chlanna na hÉireann saor dáiríribh, gur bha leo an tír & a raibh innti, & ná raibh sé dleaghthach d'éinne, bíodh sé 'na thaoiseach nó fos 'na rígh, cur ortha gan a dtoil féin. I gcás go mbeadh sochar as an oighreacht soin do geal- ladh dos gach duine aca ar a theacht ar an saoghal, ní raibh cor 'na mbeatha ó luaisceadh sa chliabhán iad gur cuireadh sa chomhrainn iad nach bhfuil dlighe léirighthe dhó ins an tSeanchus Mór. Tá cuid dos na dlighthibh sin, dar linne indiu, chomh neamh-thairbheach is chomh suarach soin gur dóich linn go raibh ár sinnsear foluighthe le riaghlachaibh dlighe ó bhonn coise go bathas cinn, acht ní mar a tuigthear anois go tuigthí an uair sin. Bhí daor-chlanna i nÉirinn chomh mhaith le saor- chlannaibh, & gidh go raibh saghas cirt do réir dlighe aca- san leis — do b'fhéidir dóibh a saoirseacht d'fhágháil ar choingheallaibh — mar sin féin bhí a mbeatha cruaidh & a saoghal ar bheagán suaircis. Braighde do tógthaoi aimsir cogaidh i gcéin do b'eadh a bhfurmhór, & ní raibh déanamh na dlighe aca-san fá mar do bhí ag na saor-chlannaibh, acht ní cuirtí chum báis ná chum braighdinis iad, ní bhíodh easba bídh ná dighe ortha, acht bhíodh sclábhuidheacht throm aca le déanamh — ag rómhar talmhan, ag gearradh adhmaid, ag meilt eorna is arbhair, ag déanamh tighthe, ag crúdhadh bó, ag déanamh cuiginne, is gan puinn sochair aca as a gcuid oibre. Do ghnídheadh na saor-chlanna obair leis, cuid aca ag cur is ag baint, cuid aca le céird, cuid aca 'na maoraibh. Ní bhíodh an obair chomh cruaidh sin ar aon treibh do bhí saidhbir a ndóthain chum daor-chlanna do bheathughadh. Mar sin féin, do bhíodh cruadhtain eile ortha seachas saothar chum bídh is éadaigh do sholáthar dóibh féin, mar gidh gur leis gach treibh i gcoitchiantacht an ceanntar ina gcomhnuighidís & go raibh cead aca, do réir nóis, a dtaoiseach do thoghadh asta féin, ní fhágadh soin ná go mbíodh buidhean éigin eile 'na gcomharsanacht ag cur isteach ortha, & ag sanntughadh a saidhbhris. Dá dheascaibh sin bhíodh achrann eatortha féin & a gcomhar- sain go minic, & do b'é deire an scéil é go gciseadh dream éigin aca ar an ndream eile. Do thárlóchadh leis ar an gcuma soin go mbeadh treibh seascair saidhbhir ar aon bhliadhain amháin, & ar an mbliadhain do bhí chucha bheidís sgriosta ag buidhin éigin níos treise ná iad, & fá bhuannacht aca-san. Do b'shin é an fáth go raibh sé riachtanach ar gach fear bheith i n-ann ar chomhrac le claidheamh is sleagh, & ba chuid dá bhfoghluim an aicillidheacht soin le harmaibh catha. Ba dhóich le duine gur dheacair síothcháin do bheith sa tír toisc an méid fear n-arm do bhí innti. Níor mhar sin é, ámh. Is fíor go bhfuil cunntas ar bhruigh- eantaibh is achrann i sean-stair na hÉireann, acht mar sin féin ní bhíodh comhrac ann chomh minic & is dóich le n-a lán; mar pé áit go raibh dhá threibh comh-láidir, comh-armtha, bhíodh faitchíos ortha dul i n-aghaidh a chéile, & bhíodh síothcháin eatortha. Bhí Éire leis roinnte 'na cúigíbh & rí ar gach cúige aca, & do b'é a thoil na taoisigh bhorba do bhí fé do chongbháil as céasaibh a chéile, mar do b'iad na taoisigh sin ceann na treibhe agus bhí gach duine de'n treibh umhal dá thaoiseach féin — umhal go bás. Bhí na taoisigh umhal do'n rígh chuige, & an rí cúige umhal do'n Áird- Rígh, & ba bhreágh ciallmhar an nós é sin chum tíre do dhlúth-cheangal i gcaradas dá ngéillfidhe do'n nós. Acht ní ghéilltí acht go hannamh, mar pé uair go raibh rí neartamhail buadhthach borb ar chúige, do mhachtnóchadh sé leis féin gur chóir dó bheith 'na Áird- Rígh ar Chnoc na Teamhrach. Is iomdha braon fola do doirteadh i nÉirinn mar gheall ar a leithéid sin de mhachtnamh shainnteamhail, mar ní raibh céim sa tsaoghal do b'uaisle 'ná righe na Teamhrach, & ní raibh ball ar druim domhain, dar leis na hÉireannaighibh, do b'onóraighe ná ba naomhtha 'ná an Teamhair féin. Da réir sin bhí súil gach ríogh cúige uirthi, & gidh gur mhór é a urraim do'n Áird-Rígh ba mhó go mór a urraim do'n Teamhair & a dhúil chum a bheith 'na cheann uirthi. Dá dheascaibh sin, ba anshochair é saoghal ríghthe na Teamhrach, mar bhíodh taoiseach borb nó rí éigin ar tí gach cinn aca ó aois go haois, & ba bheag duine aca fuair báis ar a leabaidh gidh go raibh saoghal fada 'gá lán aca. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services