Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Dlighe is Nós

Title
Éire - Dlighe is Nós
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN CÚIGEADH CEANN



Dlighe is Nós.



Fá mar do theasbántar ins an tSeanchus Mór & i
Leabhar Aicill, bhí dlighe is riaghail ag riarughadh bheatha
na nGaedheal, & is é feabhas na dlighe sin a hoireamh-
nacht do bhéasaibh & méin na nGaedheal an teist is
soiléire & is dearbhtha go raibh míneachas ag baint le
n-ár sinnsear i bhfad de bhliadhantaibh sul ar geineadh
Críost.



Ní féidir d'éin-treibh a saoghal do chaitheamh i gcuid-
eachta a chéile gan saghas éigin dlighe do thabharfadh
cóir is ceart do'n bhfear lag, & do réir mar airighim
bhí dlighthe na nGaedheal ceapuighthe ó thúis i gcás go
gcuirfidís 'fhiachaibh ar an bhfear saidhbhir sainnteach gan
brughadh isteach ar an bhfear mbocht.



Ní fhuil sé do réir nádúir gur bh'iad na daoine
móra cumhachtacha imeasc na nGaedheal do chúm is do
cheap na dlíghthe sin, mar má scaoiltear a gceann le
huaislibh ceapfaidh siad dlíghthe do bheidh buntáisteach
dóibh féin. Dá réir sin measaim gur bh'iad muinntir
na hÉireann go léir i gcoitchiantacht fá ndeara na
ndlighthe atá curtha síos ins an tSeanchus Mór do
chúmadh & nách cóir iad do chur i leith na n-ollamhan ná
na righthe ar leithshlighidh, siúd is go dtugadar soin
congnamh chum snais is brígh do chur sa dlighe
sin & chum a déanta oireamhnach do réir tola na
ndaoine go léir. Is dá dheascaibh sin, fá mar do
thuigim, go mbíodh Feis ar Chnoc na Teamhrach i gcás
gach smut nó roinnt do chuirtí le dlighe na hÉireann
do thabhairt fá machtnamh na n-ollamhan is fá úghdarás
an Áird-Ríogh, mar bhí an dlighe seo na hÉireann ag
fás leis na ciantaibh, blúire le blúire. Níor cúmadh
dlighthe na hÉireann i mbliadhain ná i míle bliadhain
mar d'fhás sí as nósaibh fá mar d'fhás dlighe na


L. 5


Rómhánach, & deirthear gur fhuinn & gur fhuaguigh Ollamh
Fodla, rí Éireann, í i bhfad siar ins na haoisibh fá mar
d'fhuinn Iustiniánais dlighe na Rómhánach. Do b'é bun
is barr na ndlighthe sin go raibh saor-chlanna na
hÉireann saor dáiríribh, gur bha leo an tír & a raibh
innti, & ná raibh sé dleaghthach d'éinne, bíodh sé 'na
thaoiseach nó fos 'na rígh, cur ortha gan a dtoil féin.
I gcás go mbeadh sochar as an oighreacht soin do geal-
ladh dos gach duine aca ar a theacht ar an saoghal, ní
raibh cor 'na mbeatha ó luaisceadh sa chliabhán iad gur
cuireadh sa chomhrainn iad nach bhfuil dlighe léirighthe dhó
ins an tSeanchus Mór. Tá cuid dos na dlighthibh sin,
dar linne indiu, chomh neamh-thairbheach is chomh suarach
soin gur dóich linn go raibh ár sinnsear foluighthe le
riaghlachaibh dlighe ó bhonn coise go bathas cinn, acht ní
mar a tuigthear anois go tuigthí an uair sin.



Bhí daor-chlanna i nÉirinn chomh mhaith le saor-
chlannaibh, & gidh go raibh saghas cirt do réir dlighe aca-
san leis — do b'fhéidir dóibh a saoirseacht d'fhágháil ar
choingheallaibh — mar sin féin bhí a mbeatha cruaidh & a
saoghal ar bheagán suaircis.



Braighde do tógthaoi aimsir cogaidh i gcéin do
b'eadh a bhfurmhór, & ní raibh déanamh na dlighe aca-san
fá mar do bhí ag na saor-chlannaibh, acht ní cuirtí chum
báis ná chum braighdinis iad, ní bhíodh easba bídh ná
dighe ortha, acht bhíodh sclábhuidheacht throm aca le
déanamh — ag rómhar talmhan, ag gearradh adhmaid, ag
meilt eorna is arbhair, ag déanamh tighthe, ag crúdhadh
bó, ag déanamh cuiginne, is gan puinn sochair aca as
a gcuid oibre.



Do ghnídheadh na saor-chlanna obair leis, cuid aca
ag cur is ag baint, cuid aca le céird, cuid aca 'na
maoraibh. Ní bhíodh an obair chomh cruaidh sin ar aon
treibh do bhí saidhbir a ndóthain chum daor-chlanna do
bheathughadh.



Mar sin féin, do bhíodh cruadhtain eile ortha seachas
saothar chum bídh is éadaigh do sholáthar dóibh féin, mar
gidh gur leis gach treibh i gcoitchiantacht an ceanntar
ina gcomhnuighidís & go raibh cead aca, do réir nóis, a
dtaoiseach do thoghadh asta féin, ní fhágadh soin ná
go mbíodh buidhean éigin eile 'na gcomharsanacht ag
cur isteach ortha, & ag sanntughadh a saidhbhris. Dá
dheascaibh sin bhíodh achrann eatortha féin & a gcomhar-
sain go minic, & do b'é deire an scéil é go gciseadh
dream éigin aca ar an ndream eile. Do thárlóchadh
leis ar an gcuma soin go mbeadh treibh seascair
saidhbhir ar aon bhliadhain amháin, & ar an mbliadhain do
bhí chucha bheidís sgriosta ag buidhin éigin níos treise
ná iad, & fá bhuannacht aca-san. Do b'shin é an fáth
go raibh sé riachtanach ar gach fear bheith i n-ann ar
chomhrac le claidheamh is sleagh, & ba chuid dá bhfoghluim
an aicillidheacht soin le harmaibh catha.



Ba dhóich le duine gur dheacair síothcháin do bheith
sa tír toisc an méid fear n-arm do bhí innti. Níor
mhar sin é, ámh. Is fíor go bhfuil cunntas ar bhruigh-
eantaibh is achrann i sean-stair na hÉireann, acht mar
sin féin ní bhíodh comhrac ann chomh minic & is dóich le
n-a lán; mar pé áit go raibh dhá threibh comh-láidir,
comh-armtha, bhíodh faitchíos ortha dul i n-aghaidh a
chéile, & bhíodh síothcháin eatortha. Bhí Éire leis roinnte
'na cúigíbh & rí ar gach cúige aca, & do b'é a thoil na
taoisigh bhorba do bhí fé do chongbháil as céasaibh a
chéile, mar do b'iad na taoisigh sin ceann na
treibhe agus bhí gach duine de'n treibh umhal dá
thaoiseach féin — umhal go bás. Bhí na taoisigh umhal
do'n rígh chuige, & an rí cúige umhal do'n Áird-
Rígh, & ba bhreágh ciallmhar an nós é sin chum
tíre do dhlúth-cheangal i gcaradas dá ngéillfidhe do'n
nós. Acht ní ghéilltí acht go hannamh, mar pé uair go
raibh rí neartamhail buadhthach borb ar chúige, do
mhachtnóchadh sé leis féin gur chóir dó bheith 'na Áird-
Rígh ar Chnoc na Teamhrach. Is iomdha braon fola do
doirteadh i nÉirinn mar gheall ar a leithéid sin de
mhachtnamh shainnteamhail, mar ní raibh céim sa tsaoghal
do b'uaisle 'ná righe na Teamhrach, & ní raibh ball ar
druim domhain, dar leis na hÉireannaighibh, do
b'onóraighe ná ba naomhtha 'ná an Teamhair féin. Da
réir sin bhí súil gach ríogh cúige uirthi, & gidh gur mhór é
a urraim do'n Áird-Rígh ba mhó go mór a urraim do'n
Teamhair & a dhúil chum a bheith 'na cheann uirthi. Dá
dheascaibh sin, ba anshochair é saoghal ríghthe na
Teamhrach, mar bhíodh taoiseach borb nó rí éigin ar tí
gach cinn aca ó aois go haois, & ba bheag duine aca
fuair báis ar a leabaidh gidh go raibh saoghal fada 'gá
lán aca.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services