Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceacht ó'n Ungáir
Title
Ceacht ó'n Ungáir
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí na Nodlag 03, 1904 Ceacht ó'n Ungáir Is fada nár cuireadh amach i nÉirinn leabhar is fearr, is fóghanta, ná is ciallmhaire 'ná an leabhar beag so tháinig amach an lá fá dheireadh & a thráchtann ar Aiséirghe na hUngáire. Ní gábhadh dhúinn ainm an leabhair a thabhairt i mBéarla. Tá súil againn go bhfuighidh gach dalta de Chonnradh na Gaedhilge é láithreach bonn. Is annamh a gheibhtear céad leathanach de chló chéille ar phinginn. Níl ar an leabhar so acht pinginn & badh mhaith an rud é dá mbeadh ceann i ngach teaghlach i nÉirinn. Is é rud a innstear ann ná scéal na hUngáire, & ní fhacaidh éinne riamh oighre ar scéal na hÉireann acht é. Bhí an Ungáir fá mheas is fá réim do chionn chalmacht a muinntire fad ó díreach mar do bhí Éire. D'fhás easaontacht idir a taoisigh & do glaodhadh isteach ar an eachtrannach chun a gcás a réidhteach. B'é réidhteach a dhein an t-eachtrannach ná seilbh na tíre a ghlacadh chuige féin. Chaith sé an-chuid aimsire air sin, nídh nach iongnadh, mar do throid na hUngáirigh go dian. D'indeoin a ndíchill, ámh, do buadhadh ortha, & d'fhuilingeadar a gcion de'n daor- bhroid is de'n anró. A mhuinntir na Gaedhilge, an bhfeiceann sibh éan- chosmhalacht le cás na hÉireann annsoin? Ar fhás riamh easaontacht idir thaoisigh na nGaedheal? Ar glaodhadh isteach ar eachtrannach? Ar fhuiling ár sinnsir-ne daorbhroid? Bhí Seoiníní & Staigíní go flúirseach san Ungáir díreach mar atáid i nÉirinn. Bhí teanga na hUngáire imthighthe geall leis, & ná raibh gach éinne á rádh go raibh teanga na hÉireann imthighthe thar fóir sarar thosnuigh Connradh na Gaedhilge? Acht caidé an chuma 'na bhfuil an scéal aca san Ungáir anois? Tá a Riaghaltas féin aca & gan cead ag éinne cur isteach ortha leis. Tá a rí féin ortha; & ní bhaineann sé ó'n gcúis a rádh gurab é rí atá ortha fá láthair ár gcara-ne an tImpire. Tá a dteanga féin i ngnáth-úsáid aca, & litridheacht á scríobhadh innti atá ar an litridheacht is mo cáil san Eoraip. Cheithre fichid bliadhain ó shoin bhí Éire & an Ungáir san stad gcéadna geall leis. Léightear an leabhar so Ais- éirghe na hUngáire & féach caidé an deifridheacht atá eatortha anois. D'fhan na hUngáirigh san mbaile i bhfeidhil a ngnótha féin. D'iompuigh Clanna Gaedheal a n-aghaidh ar thíorthaibh iasachta, & leigeadar chun fáin is chun fiadhantais machairí míne Eoghain is Chuinn. Is dóigh le cuid de Ghaedhealaibh fós go bhfuil sé riachtanach ortha dul i dtíorthaibh iasachta, chun a leas a dhéanamh. Níl oiread diúire de ghrádh Éireann san iogán chroidhe ag éinne aca, nó chífeadh sé go bhfuil gábhadh ag Éirinn de gach mac máthar aca. Tír-ghrádh, an eadh! Go bhféachaidh Dia orainn! Ní mhaireann a leithéid i nÉirinn. San Ungáir & i dtíorthaibh nach í atá a chomhnaidhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services