Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceacht ó'n Ungáir

Title
Ceacht ó'n Ungáir
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí na Nodlag 03, 1904



Ceacht ó'n Ungáir



Is fada nár cuireadh amach i
nÉirinn leabhar is fearr, is fóghanta,
ná is ciallmhaire 'ná an leabhar beag
so tháinig amach an lá fá dheireadh & a
thráchtann ar Aiséirghe na hUngáire.
Ní gábhadh dhúinn ainm an leabhair a
thabhairt i mBéarla. Tá súil againn
go bhfuighidh gach dalta de Chonnradh na
Gaedhilge é láithreach bonn. Is annamh
a gheibhtear céad leathanach de chló
chéille ar phinginn. Níl ar an leabhar
so acht pinginn & badh mhaith an rud é
dá mbeadh ceann i ngach teaghlach i
nÉirinn.



Is é rud a innstear ann ná scéal
na hUngáire, & ní fhacaidh éinne riamh
oighre ar scéal na hÉireann acht é.
Bhí an Ungáir fá mheas is fá réim do
chionn chalmacht a muinntire fad ó
díreach mar do bhí Éire. D'fhás
easaontacht idir a taoisigh & do
glaodhadh isteach ar an eachtrannach
chun a gcás a réidhteach. B'é
réidhteach a dhein an t-eachtrannach ná
seilbh na tíre a ghlacadh chuige féin.
Chaith sé an-chuid aimsire air sin, nídh
nach iongnadh, mar do throid na
hUngáirigh go dian. D'indeoin a
ndíchill, ámh, do buadhadh ortha, &
d'fhuilingeadar a gcion de'n daor-
bhroid is de'n anró. A mhuinntir na
Gaedhilge, an bhfeiceann sibh éan-
chosmhalacht le cás na hÉireann
annsoin? Ar fhás riamh easaontacht
idir thaoisigh na nGaedheal? Ar
glaodhadh isteach ar eachtrannach? Ar
fhuiling ár sinnsir-ne daorbhroid?



Bhí Seoiníní & Staigíní go flúirseach
san Ungáir díreach mar atáid i
nÉirinn. Bhí teanga na hUngáire
imthighthe geall leis, & ná raibh gach
éinne á rádh go raibh teanga na
hÉireann imthighthe thar fóir sarar
thosnuigh Connradh na Gaedhilge?



Acht caidé an chuma 'na bhfuil an
scéal aca san Ungáir anois? Tá
a Riaghaltas féin aca & gan cead ag
éinne cur isteach ortha leis. Tá a rí
féin ortha; & ní bhaineann sé ó'n
gcúis a rádh gurab é rí atá ortha fá
láthair ár gcara-ne an tImpire. Tá
a dteanga féin i ngnáth-úsáid aca, &
litridheacht á scríobhadh innti atá ar
an litridheacht is mo cáil san Eoraip.
Cheithre fichid bliadhain ó shoin bhí Éire
& an Ungáir san stad gcéadna geall
leis. Léightear an leabhar so Ais-
éirghe na hUngáire & féach caidé
an deifridheacht atá eatortha anois.
D'fhan na hUngáirigh san mbaile i
bhfeidhil a ngnótha féin. D'iompuigh
Clanna Gaedheal a n-aghaidh ar
thíorthaibh iasachta, & leigeadar chun
fáin is chun fiadhantais machairí míne
Eoghain is Chuinn. Is dóigh le cuid de
Ghaedhealaibh fós go bhfuil sé riachtanach
ortha dul i dtíorthaibh iasachta, chun
a leas a dhéanamh. Níl oiread diúire
de ghrádh Éireann san iogán chroidhe ag
éinne aca, nó chífeadh sé go bhfuil
gábhadh ag Éirinn de gach mac máthar
aca. Tír-ghrádh, an eadh! Go
bhféachaidh Dia orainn! Ní mhaireann
a leithéid i nÉirinn. San Ungáir & i
dtíorthaibh nach í atá a chomhnaidhe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services