Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Sinn Féin (ar leanamhaint)
Title
Éire - Sinn Féin (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN CEATHRAMHADH CEANN Sinn Féin. (ar leanamhaint) Do sheasaimh cumhacht & saoirseacht na gCeilteach i nÉirinn dhá chéad déag bliadhain níos sia 'ná saoir- seacht na gCeilteach i mBreatain. Bhí deifir mhór eatortha so & na Ceiltigh i nÉirinn, & ní cheapaim gur cóir Ceiltigh do thabhairt ar mhuinntir na hÉireann i n-aon chor, acht Gaedhil. Is cosmhail na Ceiltigh seo leis na Fearaibh mBolg ar dhéanamh is ar chúntanós, & gidh go dtángadar féin & na Gaedhil as aon impireacht amháin & as aon náisiún amháin, mar sin féin ní raibh aon deallramh aca le chéile, acht fá mar atá ag an nGearmáineach leis an Spáinneach. Bhí na Ceiltigh i mBreatain cruaidh fuinneamhail, acht ní rabhadar téagartha taiceach fá mar do bhí na Gaedhil. Níor chongbhuigheadar a saoirseacht i bhfad, mar bhris na Rómhánaigh ortha i n-aimsir lúl Caeser & níor éirgheadar ó shoin; & ní túisce bhí na Rómhánaigh scartha leo 'ná gur scrios na Sacsain iad. Tháinig na Lochlannaigh 'na dhiaidh sin & chiseadar ar na Sacsanaibh is na Breathnaighibh, & 'na dhiaidh sin fós do mhéil na Normánaigh gach uile Bhreathnach, Lochlannach is Sascan nár ghéill, acht ba bheag duine aca nár ghéill d'éis na céad bhruighne, mar ba ghnáthach le muinntir na tíorach soin, mar ní tháinig aon namhaid riamh ar tír i Sasana nach rug an buaidh gan mhoill. Ní cosmhail an stair sin i n-aon chor le stair na hÉireann, mar is deacair le muinntir na tíre sin é admháil go ngéillfidís d'aon dream eile. Is mar a chéile iad féin & a sinnsear ar an gcuma soin. Do throid na Fir mBolg le Tuathaibh Dé Danann i bhfad, & Tuatha Dé Danann le Clainn Mhíleadh, mar do b'éigin dos gach drong do fuair buannacht ar Éirinn troid le muinntir na tíre sin. Is mór an deallramh atá ag Tuathaibh Dé Danann leis na sean-Ghréagaibh. Bhí an teist amuich ortha go raibh eolas cruinn is ealadhnacht aca, nó draoidheacht mar adéarfaidhe, & dár liom is ar theorannaibh na Gréige do chomhnuigheadar, & is ós na Gréagaibh do fuaradar mórán dá n-eolas. Is le hiomad a n-eolais do chiseadar ar na Fearaibh mBolg i nÉirinn — le géireacht a n-arm is le cruinn- eacht a n-intinne, & ceapaim gur bh'fheárr iad mar bhun-phréimh do shliocht na hÉireann 'ná Clann Mhíleadh do fuair an lámh uachtair ortha, mar gidh go raibh tréithe maithe ins an gClann Mhíleadh soin bhíodar droch-aigeantach dá chéile & éadmhar le chéile ó thosach a staire, & tugtha chum imris. Bhíodar an-láidir i gcorp & fionna-ruadh i bpearsain. Bhí, d'réir mar thuigim, Tuatha Dé Danann fionn & caol-árd, & aighthe fada ortha, & bhí na Fir mBolg gearraid teann-chorpach, a ngruaig dubh, a gcúntanós ceatach. Is iad na haicmí sin sinnsear Gaedheal an lae indiu, gidh go bhfuil sreab as fhuil Lochlannach, Nor- mánach, Sasanach & fíor-bheagán Spáinneach meascuighthe leo, acht is d'fhuil Chlainne Mhíleadh is Fear mBolg a bhfurmhór, mar ní raibh Tuatha Dé Danann riamh chomh líonmhar leis an dá treibh sin, & toisc ná raibh mórán aca ann do b'é tuairim na nGaedheal gur atharruigh Tuatha Dé Danann iad féin le draoidheacht ina sioth- fraíbh, & gur chomhnuigheadar feasta i bpálásaibh fá chnocaibh, d'éis Clann Mhíleadh do bhuadhadh ortha, acht ní fhuil sa méid sin acht finnscéalacht. Tháinig cuid des na buidheantaibh úd go hÉirinn tar éis comhnaidhthe dhóibh seal i mBreatain, & tháinig a thuilleadh aca díreach ó mhór-thír na hEorpa. Ní fhuil aon ughdarás le n-a rádh nár sheol Clann Mhíleadh ó'n Spáinn fá mar adeir béal-oideas na nGaedheal & a sean-scríbhne é. Bhí aithne mhaith ag na Cartágaighibh ar chaladh-phortaibh na hÉireann sul ar tháinig Clann Mhíleadh ann, & rug na Cartágaigh chéadna soin ar an Spáinn le fóir- éigean, acht bhrís na Gaedhil ortha annsúd & thiomáin- eadar amach as an Spáinn iad. Do thárluigh gur bh'é an taoiseach airm do bhí ar na Gaedhealaibh annsúd 'ná Míleadh do bhronn a ainm ar na buidheantaibh do tháinig uaidh. Ní mó 'ná gur fírinne na sean-scéalta d'innsíthear ar an Míleadh soin & ar a chogaidhibh ins an Éigipt & ar bhualadh do Ghaedheal Ghlas roimh Mhaoise & na Giúdaighibh, & gur ó'n nGaedheal Glas soin do shloinntear Clann na nGaedheal indiu. Chímíd uainn i bhfad siar ins na ciantaibh ár sinnsear, chomh fada uainn sin is go samhluighmíd gur scáileanna cuid aca, acht fá mar do scaipeann taithneamh na gréine an ceo de mhullaighibh na gcnoc scaipfidh lonnracht an léighinn Ghaedhealaigh na púicíní dubha as ár súilíbh, & chífimíd arís ár n-athaireacha romhainn fá mar do bhíodar ar an saoghal so. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services