Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Sinn Féin (ar leanamhaint)

Title
Éire - Sinn Féin (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN CEATHRAMHADH CEANN



Sinn Féin.
(ar leanamhaint)



Do sheasaimh cumhacht & saoirseacht na gCeilteach i
nÉirinn dhá chéad déag bliadhain níos sia 'ná saoir-
seacht na gCeilteach i mBreatain. Bhí deifir mhór
eatortha so & na Ceiltigh i nÉirinn, & ní cheapaim gur
cóir Ceiltigh do thabhairt ar mhuinntir na hÉireann i
n-aon chor, acht Gaedhil. Is cosmhail na Ceiltigh seo
leis na Fearaibh mBolg ar dhéanamh is ar chúntanós, &
gidh go dtángadar féin & na Gaedhil as aon impireacht
amháin & as aon náisiún amháin, mar sin féin ní raibh
aon deallramh aca le chéile, acht fá mar atá ag an
nGearmáineach leis an Spáinneach. Bhí na Ceiltigh i
mBreatain cruaidh fuinneamhail, acht ní rabhadar
téagartha taiceach fá mar do bhí na Gaedhil. Níor
chongbhuigheadar a saoirseacht i bhfad, mar bhris na
Rómhánaigh ortha i n-aimsir lúl Caeser & níor
éirgheadar ó shoin; & ní túisce bhí na Rómhánaigh
scartha leo 'ná gur scrios na Sacsain iad.



Tháinig na Lochlannaigh 'na dhiaidh sin & chiseadar ar
na Sacsanaibh is na Breathnaighibh, & 'na dhiaidh sin fós
do mhéil na Normánaigh gach uile Bhreathnach, Lochlannach
is Sascan nár ghéill, acht ba bheag duine aca nár
ghéill d'éis na céad bhruighne, mar ba ghnáthach le
muinntir na tíorach soin, mar ní tháinig aon namhaid
riamh ar tír i Sasana nach rug an buaidh gan mhoill.
Ní cosmhail an stair sin i n-aon chor le stair na
hÉireann, mar is deacair le muinntir na tíre sin é
admháil go ngéillfidís d'aon dream eile. Is mar a
chéile iad féin & a sinnsear ar an gcuma soin. Do
throid na Fir mBolg le Tuathaibh Dé Danann i bhfad, &
Tuatha Dé Danann le Clainn Mhíleadh, mar do
b'éigin dos gach drong do fuair buannacht ar Éirinn
troid le muinntir na tíre sin.



Is mór an deallramh atá ag Tuathaibh Dé Danann
leis na sean-Ghréagaibh. Bhí an teist amuich ortha go
raibh eolas cruinn is ealadhnacht aca, nó draoidheacht
mar adéarfaidhe, & dár liom is ar theorannaibh na
Gréige do chomhnuigheadar, & is ós na Gréagaibh do
fuaradar mórán dá n-eolas.



Is le hiomad a n-eolais do chiseadar ar na Fearaibh
mBolg i nÉirinn — le géireacht a n-arm is le cruinn-
eacht a n-intinne, & ceapaim gur bh'fheárr iad mar
bhun-phréimh do shliocht na hÉireann 'ná Clann Mhíleadh
do fuair an lámh uachtair ortha, mar gidh go raibh
tréithe maithe ins an gClann Mhíleadh soin bhíodar
droch-aigeantach dá chéile & éadmhar le chéile ó thosach
a staire, & tugtha chum imris. Bhíodar an-láidir i
gcorp & fionna-ruadh i bpearsain. Bhí, d'réir mar
thuigim, Tuatha Dé Danann fionn & caol-árd, & aighthe
fada ortha, & bhí na Fir mBolg gearraid teann-chorpach,
a ngruaig dubh, a gcúntanós ceatach.



Is iad na haicmí sin sinnsear Gaedheal an lae
indiu, gidh go bhfuil sreab as fhuil Lochlannach, Nor-
mánach, Sasanach & fíor-bheagán Spáinneach meascuighthe
leo, acht is d'fhuil Chlainne Mhíleadh is Fear mBolg a
bhfurmhór, mar ní raibh Tuatha Dé Danann riamh chomh
líonmhar leis an dá treibh sin, & toisc ná raibh mórán
aca ann do b'é tuairim na nGaedheal gur atharruigh
Tuatha Dé Danann iad féin le draoidheacht ina sioth-
fraíbh, & gur chomhnuigheadar feasta i bpálásaibh fá
chnocaibh, d'éis Clann Mhíleadh do bhuadhadh ortha, acht
ní fhuil sa méid sin acht finnscéalacht.



Tháinig cuid des na buidheantaibh úd go hÉirinn tar
éis comhnaidhthe dhóibh seal i mBreatain, & tháinig a
thuilleadh aca díreach ó mhór-thír na hEorpa. Ní fhuil
aon ughdarás le n-a rádh nár sheol Clann Mhíleadh ó'n
Spáinn fá mar adeir béal-oideas na nGaedheal & a
sean-scríbhne é.



Bhí aithne mhaith ag na Cartágaighibh ar chaladh-phortaibh
na hÉireann sul ar tháinig Clann Mhíleadh ann, & rug
na Cartágaigh chéadna soin ar an Spáinn le fóir-
éigean, acht bhrís na Gaedhil ortha annsúd & thiomáin-
eadar amach as an Spáinn iad. Do thárluigh gur bh'é
an taoiseach airm do bhí ar na Gaedhealaibh annsúd 'ná
Míleadh do bhronn a ainm ar na buidheantaibh do
tháinig uaidh. Ní mó 'ná gur fírinne na sean-scéalta
d'innsíthear ar an Míleadh soin & ar a chogaidhibh ins an
Éigipt & ar bhualadh do Ghaedheal Ghlas roimh Mhaoise &
na Giúdaighibh, & gur ó'n nGaedheal Glas soin do
shloinntear Clann na nGaedheal indiu. Chímíd uainn
i bhfad siar ins na ciantaibh ár sinnsear, chomh fada
uainn sin is go samhluighmíd gur scáileanna cuid aca,
acht fá mar do scaipeann taithneamh na gréine an ceo
de mhullaighibh na gcnoc scaipfidh lonnracht an léighinn
Ghaedhealaigh na púicíní dubha as ár súilíbh, & chífimíd
arís ár n-athaireacha romhainn fá mar do bhíodar ar an
saoghal so.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services