Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár dTuairim
Title
Ár dTuairim
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 26, 1904 Ár dTuairim. Is fuirist dúinne anois a mheas caidé an díoghbháil a dhein eason- tacht a cloinne d'Éirinn, caidé an mí- ádh & an bhroid a tharraing an dubháilce chéadna anuas uirthi, & dá mb'áil leo stad de, caidé an cruth a bheadh uirthi indiu seochas mar atá sí. Muna ndéanfadh ár scrúdadh ar Stair na hÉireann acht an t-aon cheacht amháin seo a mhúineadh dhúinn do b'fhiú dhúinn ár stair a chleachtadh & í a ghnáth- léigheamh. Is maith an rud é malairt tuairime. Badh dheacair dul i bhfad chun cinn in' éagmuis. Dearbhuigheann a leithéid i gcomhnaidhe go bhfuil gnó dhá dhéanamh. Dá mbeadh gach duine i gConnradh na Gaedhilge ar aon intinn i dtaobh gach nídh, is gearr a sheasóchadh an Connradh. Chuirfeadh neamh-shuim & faillighe chun báis é. Agus tar éis an tsaoghail, tá saor-chead ó Dhia ag gach éinne a thuairim féin a bheith aige i ngnóthaibh i bhfus, acht ná raghadh an tuairim sin i gcoinnibh dlighe Dé. Dá bhrígh sin, is maith linn malairt tuairime a fheicsint i gConnradh na Gaedhilge. Coingibhimís ann é, acht ná leigimís di dul tar fóir. Badh bheag orainn an té a leanfadh dá thuairim féin & a fhios aige go bhfuil gach éinne eile ina choinnibh. Is beag an mhaith an té atá chomh dlúithte suas ina thuairim féin go mb'fhearr leis fanamhaint 'na chaonuidhe aonair leathsmuigh de Chonnradh na Gaedhilge ná cur suas dá thuairim & cabhrughadh le cách san ngleodh. Is dána go mór an té go bhfuil sé de mhisneach ann satailt ar a thuairim féin mar ghéilleadh do thuairim chiách ná an té éirigheann as an dtroid chionn nár glacadh le n-a thuairim féin. Is maith an rud a bheith ceann-dána uaireanta, acht tá an ceann-dánaidheacht is an fuath an- chomhgarach dhá chéile i n-aigne dhuine, & nuair a thagaid chun a chéile téidheann an fear soin chun an donais ar fad. Is tuigthe as an méid atá ráidhte againn gur chóir dúinne, muinntir na Gaedhilge, dá méid ár ndúil i n-ár dtuairim féin, gur chóir dúinn a bheith ullamh i gcomhnaidhe chun géilleadh beagán do thuairim daoine eile ar son leasa ár dtíre. Éinne go bhfuil fíor-ghrádh aige dhá thír, ní bhainfear dá gradam ná dhá cáil tríd-sean. Ar an gcuma so seadh théidheann gach cúis & gach saothar chun cinn. Badh mhaith linne go raghadh ár ngnó féin chun cinn. Géilleadh gach éinne beagán, dá bhrígh sin, & ar an gcuma so, im- theochaidh an easaontacht, & éireochaidh 'na hionad páirt & bráithreachas a dhéanfaidh folach dhúinn le linn catha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services