Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ár dTuairim

Teideal
Ár dTuairim
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1904
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 26, 1904



Ár dTuairim.



Is fuirist dúinne anois a mheas
caidé an díoghbháil a dhein eason-
tacht a cloinne d'Éirinn, caidé an mí-
ádh & an bhroid a tharraing an dubháilce
chéadna anuas uirthi, & dá mb'áil leo
stad de, caidé an cruth a bheadh uirthi
indiu seochas mar atá sí. Muna
ndéanfadh ár scrúdadh ar Stair na
hÉireann acht an t-aon cheacht amháin
seo a mhúineadh dhúinn do b'fhiú dhúinn
ár stair a chleachtadh & í a ghnáth-
léigheamh.



Is maith an rud é malairt tuairime.
Badh dheacair dul i bhfad chun cinn in'
éagmuis. Dearbhuigheann a leithéid i
gcomhnaidhe go bhfuil gnó dhá dhéanamh.
Dá mbeadh gach duine i gConnradh na
Gaedhilge ar aon intinn i dtaobh gach
nídh, is gearr a sheasóchadh an Connradh.
Chuirfeadh neamh-shuim & faillighe chun
báis é. Agus tar éis an tsaoghail,
tá saor-chead ó Dhia ag gach éinne a
thuairim féin a bheith aige i ngnóthaibh i
bhfus, acht ná raghadh an tuairim sin i
gcoinnibh dlighe Dé.



Dá bhrígh sin, is maith linn malairt
tuairime a fheicsint i gConnradh na
Gaedhilge. Coingibhimís ann é, acht
ná leigimís di dul tar fóir. Badh
bheag orainn an té a leanfadh
dá thuairim féin & a fhios aige go
bhfuil gach éinne eile ina choinnibh. Is
beag an mhaith an té atá chomh dlúithte
suas ina thuairim féin go mb'fhearr
leis fanamhaint 'na chaonuidhe aonair
leathsmuigh de Chonnradh na Gaedhilge
ná cur suas dá thuairim & cabhrughadh
le cách san ngleodh. Is dána go mór
an té go bhfuil sé de mhisneach ann
satailt ar a thuairim féin mar ghéilleadh
do thuairim chiách ná an té éirigheann as
an dtroid chionn nár glacadh le n-a
thuairim féin. Is maith an rud a bheith
ceann-dána uaireanta, acht tá an
ceann-dánaidheacht is an fuath an-
chomhgarach dhá chéile i n-aigne dhuine,
& nuair a thagaid chun a chéile téidheann
an fear soin chun an donais ar fad.



Is tuigthe as an méid atá ráidhte
againn gur chóir dúinne, muinntir na
Gaedhilge, dá méid ár ndúil i n-ár
dtuairim féin, gur chóir dúinn a bheith
ullamh i gcomhnaidhe chun géilleadh
beagán do thuairim daoine eile ar
son leasa ár dtíre. Éinne go bhfuil
fíor-ghrádh aige dhá thír, ní bhainfear dá
gradam ná dhá cáil tríd-sean. Ar an
gcuma so seadh théidheann gach cúis &
gach saothar chun cinn. Badh mhaith
linne go raghadh ár ngnó féin chun
cinn. Géilleadh gach éinne beagán,
dá bhrígh sin, & ar an gcuma so, im-
theochaidh an easaontacht, & éireochaidh
'na hionad páirt & bráithreachas a
dhéanfaidh folach dhúinn le linn catha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services