Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Sinn Féin
Title
Éire - Sinn Féin
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN CEATHRAMHADH CEANN Sinn Féin. Ní fhuil aon tuairisc is cruinne ná is increidte ar Éirinn ná tuairisc na sean-úghdar Gaedhealacha. Nuair do scríobhadar a dtuairiscí ins an tsean- aimsir ní raibh coinne aca go dtiocfadh scuaine Gall 'na ndiaidh do thabharfadh easonóir dóibh féin is dá scríbhnibh is do bhréagnóchadh iad os comhair an tsaoghail. Mar sin féin, sin mar do thárluigh. Ní raibh Sasanach do scríobh ar Éirinn ó Ghearóit de Barra ins an dara aois déag nár ghnídh iarracht ar a ingne salacha do thiomáint thré shúilibh na hÉireann. Níor leigeadh leo é, ámh. Ní raibh an Druimfhionn Donn Dílis riamh gan cosantóir ó Sheathrún Céitinn i leith. Cionnas atá an bhruighean ag dul indiu? Tá go bhfuil an sgríbhneoir Gallda ag dul chum deiridh & an scoláire Gaedhealach ag borradh. Tá congnamh aige-sean leis nách raibh aige roimhe seo, mar tá scoláirí na hEorpa ag tabhairt cabhartha dhó, & meastar go raibh an ceart ag sean-úghdaraibh na hÉireann ó thúis & go bhfuil croth na fírinne ar a scríbhnibh. Tá ceann aca súd do thráchtann thar chogaidhibh Bhriain Bhóirmhe leis na Lochlannachaibh, & deir an scríbhinn sin gur fearadh cath Chluaintairbh feadh an lae ó lán taoide go taoide ar Aoine an Chéasta ins an mbliadhain deich gcéad is ceathair déag. Fan anois, cuirimís fá theist dearbhtha an cunntas soin, arsa scoláire le n-ár linn-ne dár bh'ainm Todd, & ar impidhe an scoláire, sin d'áirimh ealadhantóir dár bh'ainm Samuel Haughton uaire trágha is taoide ar feadh naoi gcéad bliadhain uainn siar. Seo mar adeir an t-ealadhantóir cruinn sin — bhí an taoide lán ar maidin an lae úd ag caoradh Chluaintairbh ar a sé a' chlog & ar a ceathramhadh d'éis a sé um thráthnóna. Is iomdha teist eile atá tabhartha ar chruinneacht is fírinne na scríbhne staireamhla, acht ní beag linn an méid sin an cor so, mar sin é an saghas áirimh do theasbánann do'n ghiústa Gallda gur dó féin is measa má chuireann sé fé sean-stair na hÉireann do bhréagnughadh. Deir an stair sin linn go dtáinig Pártholán, Cluain Neimheadh, na Fir mBolg, Tuatha Dé Danann, & Clann Mhíleadh go hÉirinn roimh gein Chríost, & gidh go dtárlóchadh go bhfuil lúb ar lár ins na dátaíbh fá mar atá i ndátaíbh an stair an domhain ní chuireann soin ná go bhfuil corp na fírinne ins na scéaltaibh sin siúd is go bhfuil fáithchim finnscéalach i bhfus is thall ortha do chuireann blas bréagh binn ortha. D'réir na n-úghdar is úghdarásaighe indiu bhí impireacht mhór chumhachtach ag na Ceilteachaibh ar mhór- thír na hEorpa. Bhí na Gearmánaigh fá smacht aca & an iomad treabha eile, & bhí a seal sa tsaoghal aca, a sonas is a ndonas, a suairceas is a nduairceas, fá mar do bhí ag na Gréagachaibh is na Rómhánachaibh cumhachtacha, fá mar do bhí ag impireacht na Spáinne le deidheannaighe, fá mar atá ag impireacht na Breataine indiu, fá mar do bheidh ag gach impireacht eile go deireadh an domhain — seal i saidhbhreas go dtigidh an daidhbhreas, tamall i n-ádh go dtigidh an mí-ádh. Bhíodh fonn siubhlóide ar dhaoinibh fá mar tá indiu. Do thárluigh go raibh fonn siubhlóide ar chuid de sna Ceilteachaibh úd leis. Bhí cead a gcos aca sa bhaile, mar shín a dtír trasna na hEorpa ó imeall-bhordaibh na Spáinne thiar go dtí an Mhuir Dhubh thoir, acht mar sin féin ní raibh slighe a ndóthain ag cuid aca ann dar leo, & níor bh'eol dóibh gan a mbáid do ghléasadh & bualadh amach ar an aigéan mór ngorm nguirt laistiar. Do shroicheadar an Bhreatain, do shroich cuid aca Éire, & chuireadar fútha ann. Is deallrathach go raibh daoine rómpa i nÉirinn & i mBreatain, & go raibh cath eatortha féin & na daoine deorata, acht do réir mar tuigthear an scéal do bhuaidh na daoine deorata ar na háiteoríbh mar bhí togha an eolais ag na Ceilteachaibh ar an gcomhrac. Chualathas imeasc na gCeilteach ar tír na hEorpa gur shroich cuid dá ndaoinibh oileán thiar thuaidh sa bhfairrige, & go rabhadar 'na gcomhnaidhe ann, & do cheap cuid aca dul fá n-a ndéin. Bhí níos mó de'n chéad dream suidhte i mBreatain 'ná mar do bhí i nÉirinn, & ba bheag é a bhfáilte roimh aon chomhluadar eile as roinn na hEorpa, & dá dheascaibh sin do b'éigean dos gach buidhean Ceilteach go mb'eol leo a mbaile dúthchais ar roinn na hEorpa d'fhágaint, a n-aghaidh do thabhairt ar Éirinn — an t-oileán coillteach cnómhair do shuidheann thiar ar bhárr na tuinne mar a dtéidheann an ghrian fé. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services