Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Sinn Féin

Title
Éire - Sinn Féin
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN CEATHRAMHADH CEANN



Sinn Féin.



Ní fhuil aon tuairisc is cruinne ná is increidte ar
Éirinn ná tuairisc na sean-úghdar Gaedhealacha.
Nuair do scríobhadar a dtuairiscí ins an tsean-
aimsir ní raibh coinne aca go dtiocfadh scuaine Gall
'na ndiaidh do thabharfadh easonóir dóibh féin is dá
scríbhnibh is do bhréagnóchadh iad os comhair an tsaoghail.
Mar sin féin, sin mar do thárluigh. Ní raibh Sasanach
do scríobh ar Éirinn ó Ghearóit de Barra ins an dara
aois déag nár ghnídh iarracht ar a ingne salacha do
thiomáint thré shúilibh na hÉireann. Níor leigeadh leo
é, ámh. Ní raibh an Druimfhionn Donn Dílis riamh gan
cosantóir ó Sheathrún Céitinn i leith. Cionnas atá an
bhruighean ag dul indiu? Tá go bhfuil an sgríbhneoir
Gallda ag dul chum deiridh & an scoláire Gaedhealach
ag borradh. Tá congnamh aige-sean leis nách raibh
aige roimhe seo, mar tá scoláirí na hEorpa ag
tabhairt cabhartha dhó, & meastar go raibh an ceart ag
sean-úghdaraibh na hÉireann ó thúis & go bhfuil croth na
fírinne ar a scríbhnibh.



Tá ceann aca súd do thráchtann thar chogaidhibh
Bhriain Bhóirmhe leis na Lochlannachaibh, & deir an scríbhinn
sin gur fearadh cath Chluaintairbh feadh an lae ó lán
taoide go taoide ar Aoine an Chéasta ins an
mbliadhain deich gcéad is ceathair déag. Fan anois,
cuirimís fá theist dearbhtha an cunntas soin, arsa
scoláire le n-ár linn-ne dár bh'ainm Todd, & ar
impidhe an scoláire, sin d'áirimh ealadhantóir dár
bh'ainm Samuel Haughton uaire trágha is taoide ar
feadh naoi gcéad bliadhain uainn siar. Seo mar adeir
an t-ealadhantóir cruinn sin — bhí an taoide lán ar
maidin an lae úd ag caoradh Chluaintairbh ar a sé a'
chlog & ar a ceathramhadh d'éis a sé um thráthnóna.



Is iomdha teist eile atá tabhartha ar chruinneacht is
fírinne na scríbhne staireamhla, acht ní beag linn an
méid sin an cor so, mar sin é an saghas áirimh do
theasbánann do'n ghiústa Gallda gur dó féin is
measa má chuireann sé fé sean-stair na hÉireann do
bhréagnughadh. Deir an stair sin linn go dtáinig
Pártholán, Cluain Neimheadh, na Fir mBolg, Tuatha
Dé Danann, & Clann Mhíleadh go hÉirinn roimh gein
Chríost, & gidh go dtárlóchadh go bhfuil lúb ar lár ins
na dátaíbh fá mar atá i ndátaíbh an stair an domhain ní
chuireann soin ná go bhfuil corp na fírinne ins na
scéaltaibh sin siúd is go bhfuil fáithchim finnscéalach i
bhfus is thall ortha do chuireann blas bréagh binn ortha.



D'réir na n-úghdar is úghdarásaighe indiu bhí
impireacht mhór chumhachtach ag na Ceilteachaibh ar mhór-
thír na hEorpa. Bhí na Gearmánaigh fá smacht aca & an
iomad treabha eile, & bhí a seal sa tsaoghal aca, a sonas
is a ndonas, a suairceas is a nduairceas, fá mar do bhí
ag na Gréagachaibh is na Rómhánachaibh cumhachtacha, fá
mar do bhí ag impireacht na Spáinne le deidheannaighe,
fá mar atá ag impireacht na Breataine indiu, fá mar
do bheidh ag gach impireacht eile go deireadh an
domhain — seal i saidhbhreas go dtigidh an daidhbhreas,
tamall i n-ádh go dtigidh an mí-ádh.



Bhíodh fonn siubhlóide ar dhaoinibh fá mar tá indiu.
Do thárluigh go raibh fonn siubhlóide ar chuid de sna
Ceilteachaibh úd leis. Bhí cead a gcos aca sa bhaile,
mar shín a dtír trasna na hEorpa ó imeall-bhordaibh
na Spáinne thiar go dtí an Mhuir Dhubh thoir, acht mar
sin féin ní raibh slighe a ndóthain ag cuid aca ann dar
leo, & níor bh'eol dóibh gan a mbáid do ghléasadh &
bualadh amach ar an aigéan mór ngorm nguirt
laistiar. Do shroicheadar an Bhreatain, do shroich
cuid aca Éire, & chuireadar fútha ann. Is deallrathach
go raibh daoine rómpa i nÉirinn & i mBreatain, & go
raibh cath eatortha féin & na daoine deorata, acht do
réir mar tuigthear an scéal do bhuaidh na daoine
deorata ar na háiteoríbh mar bhí togha an eolais ag
na Ceilteachaibh ar an gcomhrac.



Chualathas imeasc na gCeilteach ar tír na hEorpa
gur shroich cuid dá ndaoinibh oileán thiar thuaidh sa
bhfairrige, & go rabhadar 'na gcomhnaidhe ann, & do
cheap cuid aca dul fá n-a ndéin. Bhí níos mó de'n
chéad dream suidhte i mBreatain 'ná mar do bhí i
nÉirinn, & ba bheag é a bhfáilte roimh aon chomhluadar
eile as roinn na hEorpa, & dá dheascaibh sin do
b'éigean dos gach buidhean Ceilteach go mb'eol leo
a mbaile dúthchais ar roinn na hEorpa d'fhágaint, a
n-aghaidh do thabhairt ar Éirinn — an t-oileán coillteach
cnómhair do shuidheann thiar ar bhárr na tuinne mar a
dtéidheann an ghrian fé.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services