Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clú an Léighinn
Title
Clú an Léighinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 12, 1904 CLÚ AN LÉIGHINN. Do bhí sé amuigh ar Gaedhealaibh riamh go rabhadar tugtha do'n léigheann. Fad ó, nuair a bhí Éire fá dheigh-riar a huaisle & a taoiseach féin, do bhí scoileanna & coláistí & foghluim coit- chianta ar fuid an oileáin seo. Do tógadh annso na srathanna de mhór- scoláiríbh & d'ollamhnaibh léigheanta do thaistil ar fuid na Roinne Eorpa ag cur scoileanna ar bun & ag múineadh daoine aineolach. Is deacair a mheas caidé an chumaoin a chuir ár sinnsir ar chríochaibh iarthair na hEorpa. Ní heol d'éinne beo indiu é, acht tá iarsmaí 'na ndiaidh fós ó Inis Tuile go dtí an Róimh. Is mór le rádh é sin acht cuireann sé i dtuigsint dúinn cad do b'fheidir linn a dhéanamh ar son léighinn is críostaidheachta acht claoidhe le n-ár ndúthchais féin. Tháinig na Lochlannaigh chugainn. Do chreachadar is do réabadar is do dhóigheadar scoileanna is cealla ár naomh is ár n-ollamh. Acht níor éirigh leo an iomarca díoghbhála a dhéanamh. Chomh luath & do cuireadh an ruaig ortha ag Cluain Tairbh ba ghearr an mhoill orainn ár ndeagh-bheasa a chear- tughadh & réim an tsean-léighinn a thabhairt thar n-ais arís. Do chuir an léigheann so a phréamhacha go daingean i dtalamh ar chuma gur ghearr an mhoill air buadhachtaint ar na Sean-Ghallaibh do bhain seilbh is beatha dhóibh féin san dtír seo. Nuair a tháinig an Normannach annso ar dtúis fuair sé roimhe ann treibh a bhí i bhfad ní ba léigheanta 'ná é féin. D'umhlaigh sé dhóibh dá réir. D'éis iarracht Uí Néill is Uí Dhomhnaill do fágadh an tír go léir fá riar na n-eachtrann. Annsoin is eadh thosnuigh an léigheann dúthchais ar laigheadughadh & an drabhfhuigheall ias- achta ar dhul i dtreise. Tháinig cogadh i ndiaidh cogaidh, & ba bheag an cuimh- neamh a bhí ar fhoghluim. Is mó an aire a thugtaoi do'n chlaidheamh. Do cuir- eadh lucht léighinn ar ionnarbadh, nó chun báis, nó b'éigin dóibh dul chun coille is chun sléibhe 'ná bhfánaidhthibh. Acht do chabhruighthí leo is bhídís ag múineadh i gan-fhios. A ndeisciobail seo b'eadh na Scol- áirí Bochta a mhair le linn ár n-aithreach is ár sean-aithreach. Do phiocadar- san suas beagán ar éan-chuma de'n tsean-léigheann & as na leabhraibh a d'fhágadar 'na ndiaidh is féidir linn tuairim a thabhairt ar chúrsaíbh an tsean-oideachais. Is mithid dúinn na leabhair seo a scrúdughadh & toradh an tsaothair a chur os comhair mhuinntir na hÉireann. Dá mbeadh Iol-Scoil ceart againn níor b'fhada go ndéan- faidhe an obair seo, acht do réir mar atá an scéal againn anois, ní dhéan- far pioc. Tógaidís Gaedhil a gcinn is labhraidís amach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services