Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clú an Léighinn

Title
Clú an Léighinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 12, 1904



CLÚ AN LÉIGHINN.



Do bhí sé amuigh ar Gaedhealaibh riamh
go rabhadar tugtha do'n léigheann.
Fad ó, nuair a bhí Éire fá dheigh-riar a
huaisle & a taoiseach féin, do bhí
scoileanna & coláistí & foghluim coit-
chianta ar fuid an oileáin seo. Do
tógadh annso na srathanna de mhór-
scoláiríbh & d'ollamhnaibh léigheanta do
thaistil ar fuid na Roinne Eorpa ag
cur scoileanna ar bun & ag múineadh
daoine aineolach. Is deacair a mheas
caidé an chumaoin a chuir ár sinnsir
ar chríochaibh iarthair na hEorpa. Ní
heol d'éinne beo indiu é, acht tá
iarsmaí 'na ndiaidh fós ó Inis Tuile
go dtí an Róimh. Is mór le rádh é
sin acht cuireann sé i dtuigsint dúinn
cad do b'fheidir linn a dhéanamh ar son
léighinn is críostaidheachta acht claoidhe
le n-ár ndúthchais féin.



Tháinig na Lochlannaigh chugainn. Do
chreachadar is do réabadar is do
dhóigheadar scoileanna is cealla ár
naomh is ár n-ollamh. Acht níor éirigh
leo an iomarca díoghbhála a dhéanamh.
Chomh luath & do cuireadh an ruaig
ortha ag Cluain Tairbh ba ghearr an
mhoill orainn ár ndeagh-bheasa a chear-
tughadh & réim an tsean-léighinn a
thabhairt thar n-ais arís.



Do chuir an léigheann so a phréamhacha
go daingean i dtalamh ar chuma gur
ghearr an mhoill air buadhachtaint ar
na Sean-Ghallaibh do bhain seilbh is
beatha dhóibh féin san dtír seo. Nuair
a tháinig an Normannach annso ar
dtúis fuair sé roimhe ann treibh a bhí
i bhfad ní ba léigheanta 'ná é féin.
D'umhlaigh sé dhóibh dá réir.



D'éis iarracht Uí Néill is Uí
Dhomhnaill do fágadh an tír go léir
fá riar na n-eachtrann. Annsoin is
eadh thosnuigh an léigheann dúthchais ar
laigheadughadh & an drabhfhuigheall ias-
achta ar dhul i dtreise. Tháinig cogadh
i ndiaidh cogaidh, & ba bheag an cuimh-
neamh a bhí ar fhoghluim. Is mó an aire
a thugtaoi do'n chlaidheamh. Do cuir-
eadh lucht léighinn ar ionnarbadh, nó
chun báis, nó b'éigin dóibh dul chun
coille is chun sléibhe 'ná bhfánaidhthibh.
Acht do chabhruighthí leo is bhídís ag
múineadh i gan-fhios.



A ndeisciobail seo b'eadh na Scol-
áirí Bochta a mhair le linn ár n-aithreach
is ár sean-aithreach. Do phiocadar-
san suas beagán ar éan-chuma de'n
tsean-léigheann & as na leabhraibh a
d'fhágadar 'na ndiaidh is féidir linn
tuairim a thabhairt ar chúrsaíbh an
tsean-oideachais. Is mithid dúinn na
leabhair seo a scrúdughadh & toradh an
tsaothair a chur os comhair mhuinntir
na hÉireann. Dá mbeadh Iol-Scoil
ceart againn níor b'fhada go ndéan-
faidhe an obair seo, acht do réir mar
atá an scéal againn anois, ní dhéan-
far pioc. Tógaidís Gaedhil a gcinn
is labhraidís amach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services