Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - An Teamhair
Title
Éire - An Teamhair
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN CHÉAD CHEANN An Teamhair. Tabhairt suas mí-nádurtha ár dtabhairt suas-na. Ní cosmhail é le tabhairt suas aon aicme eile ar druim an domhain. Múintear dos gach aicme eile a bheag nó a mhór de stair a dtíre. Ceileadh orainn-ne ar scoil go raibh tír againn i n-aon-chor, ná go raibh stairidheacht ag baint léi. Má thárluigh gur chuala- mar cogar amuich nó i mbaile ar imtheachtaibh ár sinn- sear is amhlaidh do chuir ár saghas léighinn ar scoil 'na luighe orainn nách raibh acht amháin cúis náire dhúinn i gcúrsaibh na ndaoine fiadhaine tháinig romhainn, & dá dheascaibh gur bh'é ár mbuaic gan cuimhneamh ortha níos mó. Tá a rian soin orainn. Ní fhuil dream daoine le fágháil is ain-eolaighe ar stair a dtíre 'ná na hÉireannaigh seo le n-ár linn, & ní ghá chasadh leo é, mar ní hortha is cóir an mhilleán do bheith. Fiche bliadhain ó shoin do chuireas romham rud éigin do dheánamh ar son staire na hÉireann, & níor bhuail leabhar staire ná scríbhinn umam ó shoin nár léigheas. Cheapas fá mar do cheapaim indiu nách raibh scéal na hÉireann curtha le chéile i gceart, mar, gidh go bhfuil adhbhar chum a dhéanta, nách bhfuil an t-adhbhar soin léirighthe ar chuma go dtuigfidhe é gan duadh. Dá réir sin chuireas romham smuitín de'n scéal soin d'innsint go réidh, & gan fonn orm bheith binn- bhriathrach, acht fá mar d'inneosainn é do dhuine eile cois na teineadh nó ar cliathán cnuic lá gréine. Mheasas leis go bhfuil sé dleaghthach dhom mo smuainte féin do chur sa scéal, & brígh liom féin do bhaint as. Ní dóich liom go bhfuilim fá chumaoine ag aon ughdar seachas a chéile. Ní túisce léigheas aon cheann aca 'ná gur chaitheas as mo cheann an chuid dá chainnt nár thaithnigh liom, & d'fhan an chuid eile dhi im' aigne go dtí so. Má bhíonn brigh as stair na hÉireann nár bhain daoine eile, má fhéachaim isteach sa stair sin ar mo chuma féin & mo bharamhail féin do thabhairt uirthi, is i gcomhair stiúrughadh do dhéanamh ar chách é; mar do réir mo thuairim-se tá sé riachtanach ar gach duine do chuirfidh roimis stair na hÉireann do thuigsint tos- nughadh ar dtúis leis An dTeamhair, mar do b'í cathair na Teamhrach, croidhe na hÉireann ins an tsean-aimsir. Ní raibh lá ná oidhche ar feadh na bliadhna ná go raibh daoine ag imtheacht uaithi nó ag gabháil chuici ar na chúig mbóithribh leathana cruadha glana do shín amach uaithi fá dhéin gach cúinne i nÉirinn. Bhí longphuirt ríoghamhla eile le n-a linn i nÉirinn mar atá Eamhain Macha is Grianán Aileach i nUlaidh, Cruachán Mhéidhbhe i gConnachtaibh, Dínrígh is Nás i Laighnibh is Caiseal na Ríogh i gCúigeadh Mumhan, acht mar sin féin ní raibh aon cheann aca súd i mbéalaibh daoine chomh minic is bhí ainm Theamhair na Ríogh príomh-chathair na hÉireann ar feadh, mar áirighim, chúig chéad déag bliadhan, an chuid is lugha dhe. Is deacair cunntas cruinn beacht do chur le chéile i dtaobh na cathrach úd. Tá nead an ghirrfhiadh is na gráineoige 'na hionad indiu is an chág is an préachán ag priocadh a gcleití ar a múraibh briste. Ar a shon soin is eile, is í ceart-lár staire na hÉireann í, & is í do scaip dlighthe & léigheann, & béasa ar fuaid na tíre, & nuair do thuit sí fá ndeara easgaine mhillteach mharbhthach Ruadháin Lórtha buaileadh buille sa chliabh ar Éirinn ná fuair sí sos riamh ó shoin uaidh. Fá mar do leanfam ar stair na hÉireann d'innsint buailfidh an scéal mí-ádhmharach soin linn arís. Is gnáthach le daoinibh a dtighthe do dhéanamh as an adhbhar is comhangairighe dhóibh. Chúmadh muinntear na Babilóine a dtighthe as brícibh mar bhí cré comhgarach dhóibh, fá mar do shuidh muinntear Americá a dtighthe as adhmad mar do bé sin an t-adhbhar tighe ba ghiorra dá láimh. Mar an gcéadna bhí an rígh-theach ar an dTeamhair & na tighthe móra farrsainge bhí comhgarach dó déanta as adhmad mar bhí coillte go flúirseach i nÉirinn an uair sin. Do lean na daoine ar fuaid Éireann an nós céadna, mar airighim go ndearnadar aithris ar an dTeamhair in gach uile nidh. Is furusta an méid sin do thuigsint as sgríbhneoireacht na sean, mar gibé áit go dtráchtaid siad ar an dTeamhair is soiléir as soin gur shíleadar gur thalamh beannuighthe é. Ní raibh sé dleaghthach duine do bhualadh ná fuil do dhortadh laistigh do mhúraibh na Teamhrach, & pé duine bheadh cionntach leis sin do b'é coir a mhairbhthe é, & ní raibh sé i gcumhacht Árd-Ríogh Éireann féin maitheamhnas do thabhairt do. Ní fhuil fhios againn cathain do cuireadh dlighe de'n tsaghas soin ar bun acht is é a leithéid soin do chuireann i n-iúl dúinn urraim ár sinnsear do Theamhair na Ríogh. Cloisimíd go rabhadar tughtha chum bruighne le chéile & mí-riaghalta ar cumaíbh eile, & ní gan fáth atá an teist sin, acht mar sin féin teasbántar go soiléir dúinn as an Seanchus Mór go rabhadar dílis do'n dlighe mar ní raibh cabhair ná congnamh ag an mBreith- eamhain chun a bhreith do chur i bhfeidhm acht meas na ndaoine amháin; acht ar a shon soin is eile níor chualathas riamh acht aon uair amháin ar feadh dhá mhíle bliadhain gur dhiúltuigh éinne' géilleadh do bhreith na Breitheamhan. D'fhás urraim na ndaoine do'n dlighe as urraim na ndaoine do'n áit gur ceapadh an dlighe sin — sí sin an Teamhair, mar bhí na hollamhain dlighe & an scoil dlighe do b'fheárr do bhí i nÉirinn suidhte sa Teamhair le linn Chormaic Mhic Airt & i bhfad roimis. Do réir mar thuigimíd bhí fiche míle áitreabhaidhe 'na gcomhnaidhe i dTeamhair i n-aimsir an Chormaic sin i n-éagmais na sluaighte do thagadh 'na gcéadtaibh ann go dtí na trí árd-scoil mar ar múineadh dlighe, liotardhacht & stairidheacht. Bhí an gabha geal 'na cheárdchain ann & caitheann fód glas na hÉireann aníos as a hucht chughainn anois is arís cuid de na cuachaibh is na bioránaibh óir, na buabhail úmha is na crocáin práis do chúm an sean-cheárdaidhthe cliste annsúd & i mballaibh eile, & muna mbeadh na comharthaidhe sin ní chreidfeadh cách ná gur dhaoine fiadhaine ár sinnsear romhainn. I gcás go mbeadh fhios againn-ne nár bh'eadh tá sé riachtanach orainn gach uile fhocal do bhaineann le Teamhair do léigheadh & bhrígh na bhfocal do bhaint asta go cúramach, mar casann stair na hÉireann mór- dtimcheall stair na Teamhrach & do b'iad beás & nósa na Teamhrach bhí mar sholuidhe & mar shompla ag na Gaedhealaibh ins an tsean-aimsir. Fá mar do near- tuigheann an buinne an ciseán, mar an gcéadna do neartuigh Teamhair ríoghacht na hÉireann. Má thárluigh go raibh Árd-rí Éireann lag-bhríghtheach fuar-inntineach, bhí na ríghthe bhí fé & na taoisigh do bhí fútha soin ag caitheamh a gcos is ag coimheasgar & an tír ag tuitim as a chéile, acht má bhí an tÁrd-Rí foirtill foidhneach breo-intinneach is annamh do chuir aon taoiseach ina aghaidh dá bhoirbtheacht cuid aca. I stair chomh seanda leis stair na hÉireann i Réim Ríoghraidhe chomh fada is do riaghluigh Éire ó Chnoc na Teamhrach, ní móide ná go mbeadh atharrughadh ar bheatha na ndaoine & atharrughadh ar an mbiadh do chaithidís. Mar sin féin, má bhí an t-atharrughadh soin, is go mall do tháinig sé. Tá cunntas againn ar fhleadh is ar fhéasta bhí ag Conchubhar Mac Neasa, rí Uladh ins an gcéad aois d'ár dTighearna is ar an dtigh gur roinneadh an fhleadh soin, agus is cosmhail é leis na rud céadna i n-aimsir Bhriain Bhóirmhe míle bliadhain 'na dhiaidh súd. Bhíodh tighthe ár sinnsear comhcruinn & chúmtha as adhmad mar is beag tigh i nÉireann do déantaoi de chlochaibh. Bhíodh na fallaí an-árd & déanta de cleathachaibh scuibhte tiomáinte sa talamh taobh le taobh & fuinnte le chéile le slataibh miona. Bhí bárr an tighe nó na frathacha déanta ar nós cluigín & poll 'na lár do'n deathach ó'n teine suidhte istigh ar lár an urláir. Bhi díon ar an gceann-cluigín sin de thuighe nó luachair nó fraoch & bhí taobh amuich an tighe sin smeartha le haol chomh geal le sneachta. Bhí an tigh sin fairsing glan clúthmhar compórdach. Do b'é sin an saghas tighthe bhí go coitcheann sa tír, acht bhí tighthe na dtaoiseach & na ndaoine saidhbhre roinnte 'na seomraíbh & bhí seomra ar leith-shlíghidh ionnta chum bídh d'ullamhughadh. Bhí na dóirse i gcuid de na tightibh déanta de dhair, & an fárdoras, cnaistí na leapthacha, cosa an bhúird & cuid de throsgán an tighe déanta as iubhair & greannta le láimh ceárdaidhe mhaith. Bhí croicinn leasuighthe leathta ar an dtalamh & an olann nó an clúmh ortha. Bhí na tighthe úd chomh maith le tighthibh aon treibh eile lasmuich d'Éirinn an uair úd. Bhíodar suidhte i ngleanntaibh aereacha fuithineamhla mar a raibh foscadh ó'n ngaoith aca & taithneamh ó'n ngréin. Is annamh do bhíodh aon tigh suidhte i n-aonar. Ba ghnáthach go gcuirthidhe i n-aon otrainn amháin cúig nó sé chinn aca. Do baintí clais dhoimhin lasmuich dhíobh, do líontaoi le huisce an chlais sin, & do cuirtí stocáin sa talamh ar phort na claise i gcás ná beadh muinntear na dtighthe i gcontabhairt ó aon dream droch-iomchair do shiúbhlóchadh lasmuich istoidhche ar tí gadaidheacht ná biothamhantais. Gidh nach raibh na sean-Éireannaigh tugtha chum droch- chleachta de'n tsaghas soin, mar sin féin do thárlóchadh go mbeadh robáluidhthe 'na measc & do b'fhurusta dá leithéidibh maireachtain d'fhágháil i n-aimdheoin na dlighe & dul i bhfolach feadh an lae. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services