Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - An Teamhair

Title
Éire - An Teamhair
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN CHÉAD CHEANN



An Teamhair.



Tabhairt suas mí-nádurtha ár dtabhairt suas-na.
Ní cosmhail é le tabhairt suas aon aicme eile ar
druim an domhain. Múintear dos gach aicme eile a
bheag nó a mhór de stair a dtíre. Ceileadh orainn-ne
ar scoil go raibh tír againn i n-aon-chor, ná go raibh
stairidheacht ag baint léi. Má thárluigh gur chuala-
mar cogar amuich nó i mbaile ar imtheachtaibh ár sinn-
sear is amhlaidh do chuir ár saghas léighinn ar scoil 'na
luighe orainn nách raibh acht amháin cúis náire dhúinn i
gcúrsaibh na ndaoine fiadhaine tháinig romhainn, & dá
dheascaibh gur bh'é ár mbuaic gan cuimhneamh ortha níos
mó.



Tá a rian soin orainn. Ní fhuil dream daoine le
fágháil is ain-eolaighe ar stair a dtíre 'ná na
hÉireannaigh seo le n-ár linn, & ní ghá chasadh leo é,
mar ní hortha is cóir an mhilleán do bheith.



Fiche bliadhain ó shoin do chuireas romham rud éigin
do dheánamh ar son staire na hÉireann, & níor bhuail
leabhar staire ná scríbhinn umam ó shoin nár léigheas.
Cheapas fá mar do cheapaim indiu nách raibh scéal na
hÉireann curtha le chéile i gceart, mar, gidh go
bhfuil adhbhar chum a dhéanta, nách bhfuil an t-adhbhar
soin léirighthe ar chuma go dtuigfidhe é gan duadh.
Dá réir sin chuireas romham smuitín de'n scéal soin
d'innsint go réidh, & gan fonn orm bheith binn-
bhriathrach, acht fá mar d'inneosainn é do dhuine eile
cois na teineadh nó ar cliathán cnuic lá gréine.
Mheasas leis go bhfuil sé dleaghthach dhom mo smuainte
féin do chur sa scéal, & brígh liom féin do bhaint as.
Ní dóich liom go bhfuilim fá chumaoine ag aon ughdar
seachas a chéile. Ní túisce léigheas aon cheann aca 'ná
gur chaitheas as mo cheann an chuid dá chainnt nár
thaithnigh liom, & d'fhan an chuid eile dhi im' aigne go
dtí so.



Má bhíonn brigh as stair na hÉireann nár bhain
daoine eile, má fhéachaim isteach sa stair sin ar mo
chuma féin & mo bharamhail féin do thabhairt uirthi, is i
gcomhair stiúrughadh do dhéanamh ar chách é; mar do
réir mo thuairim-se tá sé riachtanach ar gach duine do
chuirfidh roimis stair na hÉireann do thuigsint tos-
nughadh ar dtúis leis
An dTeamhair,
mar do b'í cathair na Teamhrach, croidhe na
hÉireann ins an tsean-aimsir. Ní raibh lá ná
oidhche ar feadh na bliadhna ná go raibh daoine
ag imtheacht uaithi nó ag gabháil chuici ar na
chúig mbóithribh leathana cruadha glana do shín amach
uaithi fá dhéin gach cúinne i nÉirinn. Bhí longphuirt
ríoghamhla eile le n-a linn i nÉirinn mar atá Eamhain
Macha is Grianán Aileach i nUlaidh, Cruachán Mhéidhbhe
i gConnachtaibh, Dínrígh is Nás i Laighnibh is Caiseal na
Ríogh i gCúigeadh Mumhan, acht mar sin féin ní raibh
aon cheann aca súd i mbéalaibh daoine chomh minic is
bhí ainm Theamhair na Ríogh príomh-chathair na hÉireann
ar feadh, mar áirighim, chúig chéad déag bliadhan, an
chuid is lugha dhe.



Is deacair cunntas cruinn beacht do chur le chéile
i dtaobh na cathrach úd. Tá nead an ghirrfhiadh is na
gráineoige 'na hionad indiu is an chág is an préachán
ag priocadh a gcleití ar a múraibh briste. Ar a shon
soin is eile, is í ceart-lár staire na hÉireann í, & is
í do scaip dlighthe & léigheann, & béasa ar fuaid na
tíre, & nuair do thuit sí fá ndeara easgaine mhillteach
mharbhthach Ruadháin Lórtha buaileadh buille sa chliabh ar
Éirinn ná fuair sí sos riamh ó shoin uaidh.



Fá mar do leanfam ar stair na hÉireann d'innsint
buailfidh an scéal mí-ádhmharach soin linn arís.



Is gnáthach le daoinibh a dtighthe do dhéanamh as an
adhbhar is comhangairighe dhóibh.



Chúmadh muinntear na Babilóine a dtighthe as brícibh
mar bhí cré comhgarach dhóibh, fá mar do shuidh muinntear
Americá a dtighthe as adhmad mar do bé sin an
t-adhbhar tighe ba ghiorra dá láimh. Mar an gcéadna
bhí an rígh-theach ar an dTeamhair & na tighthe móra
farrsainge bhí comhgarach dó déanta as adhmad mar bhí
coillte go flúirseach i nÉirinn an uair sin. Do lean
na daoine ar fuaid Éireann an nós céadna, mar
airighim go ndearnadar aithris ar an dTeamhair in gach
uile nidh. Is furusta an méid sin do thuigsint as
sgríbhneoireacht na sean, mar gibé áit go dtráchtaid
siad ar an dTeamhair is soiléir as soin gur shíleadar
gur thalamh beannuighthe é. Ní raibh sé dleaghthach duine
do bhualadh ná fuil do dhortadh laistigh do mhúraibh na
Teamhrach, & pé duine bheadh cionntach leis sin do b'é
coir a mhairbhthe é, & ní raibh sé i gcumhacht Árd-Ríogh
Éireann féin maitheamhnas do thabhairt do. Ní fhuil
fhios againn cathain do cuireadh dlighe de'n tsaghas
soin ar bun acht is é a leithéid soin do chuireann i n-iúl
dúinn urraim ár sinnsear do Theamhair na Ríogh.
Cloisimíd go rabhadar tughtha chum bruighne le chéile &
mí-riaghalta ar cumaíbh eile, & ní gan fáth atá an
teist sin, acht mar sin féin teasbántar go soiléir
dúinn as an Seanchus Mór go rabhadar dílis do'n
dlighe mar ní raibh cabhair ná congnamh ag an mBreith-
eamhain chun a bhreith do chur i bhfeidhm acht meas na
ndaoine amháin; acht ar a shon soin is eile níor
chualathas riamh acht aon uair amháin ar feadh dhá mhíle
bliadhain gur dhiúltuigh éinne' géilleadh do bhreith na
Breitheamhan.



D'fhás urraim na ndaoine do'n dlighe as urraim na
ndaoine do'n áit gur ceapadh an dlighe sin — sí sin
an Teamhair, mar bhí na hollamhain dlighe & an scoil
dlighe do b'fheárr do bhí i nÉirinn suidhte sa Teamhair
le linn Chormaic Mhic Airt & i bhfad roimis. Do réir
mar thuigimíd bhí fiche míle áitreabhaidhe 'na gcomhnaidhe
i dTeamhair i n-aimsir an Chormaic sin i n-éagmais na
sluaighte do thagadh 'na gcéadtaibh ann go dtí na
trí árd-scoil mar ar múineadh dlighe, liotardhacht &
stairidheacht. Bhí an gabha geal 'na cheárdchain ann &
caitheann fód glas na hÉireann aníos as a hucht
chughainn anois is arís cuid de na cuachaibh is na
bioránaibh óir, na buabhail úmha is na crocáin práis do
chúm an sean-cheárdaidhthe cliste annsúd & i mballaibh
eile, & muna mbeadh na comharthaidhe sin ní chreidfeadh
cách ná gur dhaoine fiadhaine ár sinnsear romhainn. I
gcás go mbeadh fhios againn-ne nár bh'eadh tá sé
riachtanach orainn gach uile fhocal do bhaineann le
Teamhair do léigheadh & bhrígh na bhfocal do bhaint asta
go cúramach, mar casann stair na hÉireann mór-
dtimcheall stair na Teamhrach & do b'iad beás & nósa
na Teamhrach bhí mar sholuidhe & mar shompla ag na
Gaedhealaibh ins an tsean-aimsir. Fá mar do near-
tuigheann an buinne an ciseán, mar an gcéadna do
neartuigh Teamhair ríoghacht na hÉireann. Má thárluigh
go raibh Árd-rí Éireann lag-bhríghtheach fuar-inntineach,
bhí na ríghthe bhí fé & na taoisigh do bhí fútha soin ag
caitheamh a gcos is ag coimheasgar & an tír ag tuitim
as a chéile, acht má bhí an tÁrd-Rí foirtill foidhneach
breo-intinneach is annamh do chuir aon taoiseach ina
aghaidh dá bhoirbtheacht cuid aca.



I stair chomh seanda leis stair na hÉireann i Réim
Ríoghraidhe chomh fada is do riaghluigh Éire ó Chnoc na
Teamhrach, ní móide ná go mbeadh atharrughadh ar bheatha
na ndaoine & atharrughadh ar an mbiadh do chaithidís.
Mar sin féin, má bhí an t-atharrughadh soin, is go mall
do tháinig sé.



Tá cunntas againn ar fhleadh is ar fhéasta bhí ag
Conchubhar Mac Neasa, rí Uladh ins an gcéad aois d'ár
dTighearna is ar an dtigh gur roinneadh an fhleadh
soin, agus is cosmhail é leis na rud céadna
i n-aimsir Bhriain Bhóirmhe míle bliadhain 'na dhiaidh
súd. Bhíodh tighthe ár sinnsear comhcruinn & chúmtha
as adhmad mar is beag tigh i nÉireann do
déantaoi de chlochaibh. Bhíodh na fallaí an-árd &
déanta de cleathachaibh scuibhte tiomáinte sa talamh
taobh le taobh & fuinnte le chéile le slataibh miona.
Bhí bárr an tighe nó na frathacha déanta ar nós cluigín
& poll 'na lár do'n deathach ó'n teine suidhte istigh
ar lár an urláir. Bhi díon ar an gceann-cluigín sin
de thuighe nó luachair nó fraoch & bhí taobh amuich an
tighe sin smeartha le haol chomh geal le sneachta. Bhí
an tigh sin fairsing glan clúthmhar compórdach. Do
b'é sin an saghas tighthe bhí go coitcheann sa tír, acht bhí
tighthe na dtaoiseach & na ndaoine saidhbhre roinnte
'na seomraíbh & bhí seomra ar leith-shlíghidh ionnta chum
bídh d'ullamhughadh.



Bhí na dóirse i gcuid de na tightibh déanta de
dhair, & an fárdoras, cnaistí na leapthacha, cosa an
bhúird & cuid de throsgán an tighe déanta as iubhair &
greannta le láimh ceárdaidhe mhaith. Bhí croicinn
leasuighthe leathta ar an dtalamh & an olann nó an
clúmh ortha. Bhí na tighthe úd chomh maith le tighthibh aon
treibh eile lasmuich d'Éirinn an uair úd. Bhíodar
suidhte i ngleanntaibh aereacha fuithineamhla mar a raibh
foscadh ó'n ngaoith aca & taithneamh ó'n ngréin.



Is annamh do bhíodh aon tigh suidhte i n-aonar. Ba
ghnáthach go gcuirthidhe i n-aon otrainn amháin cúig nó
sé chinn aca. Do baintí clais dhoimhin lasmuich dhíobh,
do líontaoi le huisce an chlais sin, & do cuirtí
stocáin sa talamh ar phort na claise i gcás ná beadh
muinntear na dtighthe i gcontabhairt ó aon dream
droch-iomchair do shiúbhlóchadh lasmuich istoidhche ar tí
gadaidheacht ná biothamhantais.



Gidh nach raibh na sean-Éireannaigh tugtha chum droch-
chleachta de'n tsaghas soin, mar sin féin do thárlóchadh
go mbeadh robáluidhthe 'na measc & do b'fhurusta dá
leithéidibh maireachtain d'fhágháil i n-aimdheoin na dlighe
& dul i bhfolach feadh an lae.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services