Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Árd-Oideachas
Title
Árd-Oideachas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 29, 1904 Árd-Oideachas Is beag seachtmhain a ghabhann thar- ainn anois ná hairighmíd fothrom éigin dá dhéanamh i dtaobh Árd-Oideachas & a laighead chaothamhlacht atá ag urmhór de mhuinntir na hÉirinn ar an earradh soin d'fhágháil. Go dtí gur thosnuigh Connradh na Gaedhilge ar dhul i dtreise is beag toradh a chuirtí ní hamháin ar an gceist seo árd- oideachais, acht i n-oideachas d'aon tsaghas. Anois, ó tá an gleo ar siubhal um árd-oideachas, b'fhéidir nár mhisde do Chonnradh na Gaedhilge a gcion féin de'n ghleo is de'n fhothrom a dhéanamh. Tá ughdarás ag an gConn- radh ná fuil ag a lán eile atá ag screadaigh go hárd. Ní mór dúinn ár n-aigne féin a shochrughadh ar dtúis. Ní mór dúinn eolas cruinn a bheith againn ar an gceist ar chuma go mbeam ábalta ar adhbhacóididheacht a dhéanamh 'na leith gach tráth go mbeidh gábhadh leis. Ní fuláir suidhe síos ar dtúis & mion- scrúdughadh a dhéanamh ar gach taobh dhi. Annsoin nuair a bheidh taithighe againn uirthi, & is í an taithighe a dheineann máighistreacht, beidh sé ar ár gcumas an cheist a phléidhe 'na cheart, i dtreo ná féadfar bob a bhualadh orainn, ná dalla-phúicín a chur orainn, am na ceiste a réidhteach. Féach, tá Clanna Gaedheal chomh brúidhte síos fá chois leis na ciantaibh gur ar éigin a thuigid cad é an gábhadh atá againn le hárd-oideachas. Ní bheimís i bhfad ó'n gceart dá ndeár- faimís go mb'fhearr le n-a bhfurmhór lagtháiste a fiche san gcéad d'fhágháil san gcíos ioná Iol-Scoil mhór céard & ealadhan. Léigh stair na gcúig mbliadhan fichead so atá caithte againn & cad eile cad é an tuairim a bheidh agat? Ní fuláir an rud so a leigheas. Saoghal oideachais seadh an saoghal atá ann fá láthair. Tá náisiún ag brughadh is ag cumhangthas ar a chéile san margaidheacht ar fuid an domhain, acht is iad na náisiún go bhfuil an lámh-uachtair aca ná naisiún go bhfuil tabhairt suas ar a muinntir is mórán airgid dá chaitheamh aca ar árd- oideachas. Má's maith linne ár dtír féin d'árdach as umar an haimiléise — & cad é an fíor-Ghaedeal ná gur mhaith leis soin? — is éigin dúinn sinn féin d'ullmhughadh chun an chomhraic. Ní fuláir sciath chosanta an árd-oid- eachais d'fhágháil ar ais nó ar éigin chuige sin. Dá bhrígh sin deinimís-ne ár gcion féin de'n ghleo, & cia déar- faidh ná héistfear linn?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services