Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Árd-Oideachas

Title
Árd-Oideachas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 29, 1904



Árd-Oideachas



Is beag seachtmhain a ghabhann thar-
ainn anois ná hairighmíd fothrom éigin
dá dhéanamh i dtaobh Árd-Oideachas &
a laighead chaothamhlacht atá ag urmhór
de mhuinntir na hÉirinn ar an earradh
soin d'fhágháil. Go dtí gur thosnuigh
Connradh na Gaedhilge ar dhul i
dtreise is beag toradh a chuirtí ní
hamháin ar an gceist seo árd-
oideachais, acht i n-oideachas d'aon
tsaghas. Anois, ó tá an gleo ar siubhal
um árd-oideachas, b'fhéidir nár mhisde
do Chonnradh na Gaedhilge a gcion
féin de'n ghleo is de'n fhothrom a
dhéanamh. Tá ughdarás ag an gConn-
radh ná fuil ag a lán eile atá ag
screadaigh go hárd.



Ní mór dúinn ár n-aigne féin a
shochrughadh ar dtúis. Ní mór dúinn
eolas cruinn a bheith againn ar an
gceist ar chuma go mbeam ábalta ar
adhbhacóididheacht a dhéanamh 'na leith
gach tráth go mbeidh gábhadh leis. Ní
fuláir suidhe síos ar dtúis & mion-
scrúdughadh a dhéanamh ar gach taobh dhi.
Annsoin nuair a bheidh taithighe againn
uirthi, & is í an taithighe a dheineann
máighistreacht, beidh sé ar ár gcumas
an cheist a phléidhe 'na cheart, i dtreo
ná féadfar bob a bhualadh orainn, ná
dalla-phúicín a chur orainn, am na
ceiste a réidhteach.



Féach, tá Clanna Gaedheal chomh
brúidhte síos fá chois leis na ciantaibh
gur ar éigin a thuigid cad é an gábhadh
atá againn le hárd-oideachas. Ní
bheimís i bhfad ó'n gceart dá ndeár-
faimís go mb'fhearr le n-a bhfurmhór
lagtháiste a fiche san gcéad d'fhágháil
san gcíos ioná Iol-Scoil mhór céard
& ealadhan. Léigh stair na gcúig
mbliadhan fichead so atá caithte
againn & cad eile cad é an tuairim
a bheidh agat?



Ní fuláir an rud so a leigheas.
Saoghal oideachais seadh an saoghal
atá ann fá láthair. Tá náisiún ag
brughadh is ag cumhangthas ar a chéile
san margaidheacht ar fuid an domhain,
acht is iad na náisiún go bhfuil an
lámh-uachtair aca ná naisiún go bhfuil
tabhairt suas ar a muinntir is mórán
airgid dá chaitheamh aca ar árd-
oideachas. Má's maith linne ár dtír
féin d'árdach as umar an haimiléise —
& cad é an fíor-Ghaedeal ná gur mhaith
leis soin? — is éigin dúinn sinn féin
d'ullmhughadh chun an chomhraic. Ní
fuláir sciath chosanta an árd-oid-
eachais d'fhágháil ar ais nó ar éigin
chuige sin. Dá bhrígh sin deinimís-ne
ár gcion féin de'n ghleo, & cia déar-
faidh ná héistfear linn?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services